Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003

F1[Seirbhísí pobal-inrochtana

9E

9E. (1) Déanfaidh comhlacht poiblí gach beart cuí chun a chinntiú, i gcás go soláthraíonn duine seirbhís phobal-inrochtana thar ceann an chomhlachta phoiblí, go ndéanfaidh an duine sin, i leith sholáthar na seirbhíse sin, na nithe seo a leanas a chomhlíonadh—

(a) rialacháin faoi alt 9(1) a mbeidh feidhm acu maidir leis an gcomhlacht poiblí lena mbaineann,

(b) fo-ailt (2) agus (3) d'alt 9, agus

(c) cibé caighdeáin de na caighdeáin teanga iomchuí arna bhforordú ag an Aire faoi alt 19A(2), is caighdeáin a mbeidh feidhm acu maidir leis an gcomhlacht poiblí lena mbaineann.

(2) San alt seo, ciallaíonn ‘seirbhís phobal-inrochtana’ seirbhís arna tairiscint nó arna soláthar ag duine seachas comhlacht poiblí, is cuma i gcomhair luach saothair nó nach ea, don phobal i gcoitinne nó d’aicme den phobal i gcoitinne thar ceann comhlacht poiblí.”

Anótálacha:

Leasuithe:

F16

Arna chur isteach (21.12.2024) le hAcht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021 (49/2021), a. 5, I.R. Uimh. 692 de 2024.]]