Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003

Uimhir 32 de 2003

ACHT NA dTEANGACHA OIFIGIÚLA 2003

ATHBHREITHNITHE

Uasdátaithe go 1 Meitheamh 2025

Is comhdhlúthú riaracháin ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 é an tAcht leasaithe seo. D'ullmhaigh an Coimisiún um Athchóiriú an Dlí é de réir a fheidhmea faoin Acht fán gCoimisiún um Athchóiriú an Dlí 1975 (3/1975) chun an dlí a choimeád faoi athbhreithniú agus chun athbhreithniú agus comhdhlúthú a dhéanamh ar an dlí reachtach.

Cuireadh san áireamh gach Acht suas go dtí an tAcht Airgeadais (Rochtain ar Bhonneagar Airgid Thirim a Sholáthar) 2025 (4/2025), a achtaíodh 20 Bealtaine 2025, agus é sin san áireamh, agus gach ionstraim reachtúil suas go dtí an Agriculture, Food and the Marine (Delegation of Ministerial Functions) Order 2025 (I.R. Uimh. 244 de 2025), a rinneadh an 4 Meitheamh 2025, agus é sin san áireamh, agus an tAcht Athbhreithnithe seo á ullmhú.

Séanadh: Cé go ndearnadh gach cúram in ullmhúchán an Achta Athbhreithnithe seo, ní ghlacann an Coimisiún um Athchóiriú an Dlí le haon fhreagracht as cruinneas, iomláine nó nádúr cothrom le dáta na faisnéise a chuirtear ar fáil agus ní thugann sé aon ráthaíocht, gealltanas ná baránta ina leith, agus ní ghlacann sé le haon dliteanas ar chor ar bith a eascraíonn as aon earráid nó aon easnamh. Cuir in iúl le do thoil aon earráidí, easnaimh agus tuairimí le ríomhphost chuig

revisedacts@lawreform.ie.


Uimhir 32 de 2003.


ACHT NA dTEANGACHA OIFIGIÚLA 2003

ATHBHREITHNITHE

Uasdátaithe go 1 Meitheamh 2025


RIAR NA nALT

CUID 1

Réamhráiteach agus Ginearálta

Alt

1.

Gearrtheideal agus tosach feidhme.

2.

Léiriú.

3.

Caiteachais.

4.

Rialacháin.

CUID 2

Orgain Stáit

5.

Tuarascáil bhliantúil do Thithe an Oireachtais.

6.

úsáid na dteangacha oifigiúla i dTithe an Oireachtais.

7.

Achtanna an Oireachtais.

8.

Riaradh an cheartais.

CUID 3

Comhlachtaí Poiblí

9.

Dualgas comhlachtaí poiblí na teangacha oifigiúla a úsáid ar stáiseanóireacht oifigiúil, etc.

10.

Dualgas comhlachtaí poiblí doiciméid áirithe a fhoilsiú go comhuaineach sa dá theanga oifigiúla.

11.

úsáid na dteangacha oifigiúla ag comhlachtaí poiblí.

12.

An tAire d'fhoilsiú treoirlínte.

13.

Comhlacht poiblí d'ullmhú dréacht-scéime.

14.

An tAire do dhaingniú dréacht-scéimeanna.

15.

Athbhreithniú tréimhsiúil ar scéimeanna.

16.

Scéimeanna a leasú.

17.

Mainneachtain dréacht-scéim a ullmhú.

18.

Dualgas scéimeanna a chur i gcrích.

19.

Toirmeasc ar chomhlachtaí poiblí d'fhorchur muirear.

CUID 4

An Coimisinéir Teanga

20.

Oifig Choimisinéir na dTeangacha Oifigiúla a bhunú.

21.

Feidhmeanna an Choimisinéara.

22.

Cumhachtaí an Choimisinéara.

23.

Imscrúduithe a sheoladh.

24.

Eisiamh.

25.

Faisnéis a nochtadh.

26.

Tuarascáil ar fhionnachtana.

27.

Scéimeanna cúitimh.

28.

Achomhairc chuig an Ard-Chúirt.

29.

An Coimisinéir d'fhoilsiú tráchtaireachtaí maidir le feidhm phraiticiúil, etc. an Achta.

30.

Tuarascálacha ón gCoimisinéir.

CUID 5

Logainmneacha

31.

Mínithe.

32.

Orduithe logainmneacha.

33.

Forléiriú focal i ndoiciméid dhlíthiúla.

34.

Leasú ar an Acht um Shuirbhéireacht Ordanáis éireann 2001.

35.

Aisghairm.

CUID 6

Ilghnéitheach

36.

Ról an Ombudsman.

AN CHÉAD SCEIDEAL

Comhlachtaí Poiblí

AN DARA SCEIDEAL

An Coimisinéir Teanga


Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht um Chomhaontú na Breataine-na héireann 1999

1999, Uimh. 1

Acht Choimisinéirí na Stát-Sheirbhíse 1956

1956, Uimh. 45

Acht Rialuithe na Stát-Sheirbhíse 1956

1956, Uimh. 46

Achtanna Rialaithe na Státseirbhíse 1956 go 1996

An tAcht um Chosaint Sonraí 1988

1988, Uimh. 25

An tAcht um Thoghcháin do Thionól na hEorpa 1977

1977, Uimh. 30

An tAcht um Thoghcháin do Pharlaimint na hEorpa 1993

1993, Uimh. 30

An tAcht Cuanta 1946

1946, Uimh. 9

An tAcht Cuanta 1996

1996, Uimh. 11

An tAcht Rialtais Áitiúil 2001

2001, Uimh. 37

Marriages (Ireland) Act 1844

6 & 7 Vict., c. 81

An tAcht Airí agus Rúnaithe 1924

1924, Uimh. 16

An tAcht Airí agus Rúnaithe (Leasú) 1956

1956, Uimh. 21

An tAcht Ombudsman 1980

1980, Uimh. 26

An Acht um Shuirbhéireacht Ordanáis éireann 2001

2001, Uimh. 43

An tAcht Logainmneacha (Foirmeacha Gaeilge) 1973

1973, Uimh. 24

An tAcht um Bainistíocht na Seirbhíse Poiblí 1997

1997, Uimh. 27

Na hAchtanna um Binsí Fiosrúcháin (Fianaise) 1921 go 2002


Uimhir 32 de 2003


ACHT NA dTEANGACHA OIFIGIÚLA 2003

ATHBRHREITHNITHE

Uasdátaithe go 1 Meitheamh 2025


ACHT CHUN ÚSÁID NA GAEILGE A CHUR CHUN CINN CHUN CRÍOCH OIFIGIúIL SA STÁT; CHUN SOCRú A DHéANAMH MAIDIR LE DHÁ THEANGA OIFIGIúLA AN STÁIT A úSÁID IN IMEACHTAÍ PARLAIMINTE, IN ACHTANNA AN OIREACHTAIS, I RIARADH AN CHEARTAIS, LE LINN CUMARSÁID A DHéANAMH LEIS AN bPOBAL NÓ SEIRBHÍSÍ A SHOLÁTHAR DON PHOBAL AGUS LE LINN OBAIR COMHLACHTAÍ POIBLÍ A DHéANAMH; CHUN DUALGAIS COMHLACHTAÍ DEN SÓRT SIN I LEITH THEANGACHA OIFIGIúLA AN STÁIT A LEAGAN AMACH; AGUS CHUN NA gCRÍOCH SIN, CHUN SOCRú A DHéANAMH MAIDIR LE BUNú OIFIG CHOIMISINéIR NA dTEANGACHA OIFIGIúLA AGUS CHUN A FEIDHMEANNA A MHÍNIú; CHUN SOCRú A DHéANAMH MAIDIR LEIS AN gCOIMISINéIR D'FHOILSIú FAISNéIS ÁIRITHE A BHAINEANN LE CRÍOCHA AN ACHTA SEO; AGUS CHUN SOCRú A DHéANAMH I dTAOBH NITHE GAOLMHARA. [14 Iúil, 2003]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Anótálacha:

Modhnuithe (nach n-athraíonn an téacs):

C1

Feidhmeanna arna n-aistriú agus tagairtí don Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán arna bhforléiriú mar thagairtí don Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail (1.06.2025) le Irish Language and the Gaeltacht (Transfer of Departmental Administration and Ministerial Functions) Order 2025 (I.R. Uimh. 175 de 2025), airt. 2, 3 agus sceid., in éifeacht de réir airt. 1(2), faoi réir forálacha idirthréimhseacha in airt. 4-8. Tabhair faoi deara gur athraíodh ainm an Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail go dtí an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta (2.06.2025) le Rural and Community Development (Alteration of Name of Department and Title of Minister) Order 2025 (I.R. Uimh. 173 de 2025), in éifeacht de réir airt. 1(2).

2. (1) The administration and business in connection with the exercise, performance or execution of any functions transferred by Article 3 are transferred to the Department of Rural and Community Development.

(2) References to the Department of Tourism, Culture, Arts, Gaeltacht, Sport and Media contained in any Act or any instrument made under such Act and relating to any administration and business transferred by paragraph (1) shall, from the commencement of this Order, be construed as references to the Department of Rural and Community Development.

3. (1) The functions vested in the Minister for Tourism, Culture, Arts, Gaeltacht, Sport and Media –

(a) by or under the Acts specified in Part 1 of the Schedule, and

(b) by or under the provisions of the Acts specified in Part 2 of the Schedule,

in so far as they relate to –

(i) supporting and promoting the Irish language, including the co-ordination of policy in that regard, and the development of the Gaeltacht,

(ii) promoting the cultural, social and economic welfare of the Gaeltacht,

(iii) supporting and promoting North/South co-operation in relation to the Irish language and Ulster-Scots heritage, culture and language, and

(iv) An Foras Teanga, An Coimisinéir Teanga and Údarás na Gaeltachta,

are transferred to the Minister for Rural and Community Development.

(2) The functions vested in the Minister for Tourism, Culture, Arts, Gaeltacht, Sport and Media by or under the Acts and provisions of the Acts, and by the provisions of the Regulations, specified in Part 3 of the Schedule, are transferred to the Minister for Rural and Community Development.

(3) References to the Minister for Tourism, Culture, Arts, Gaeltacht, Sport and Media contained in any Act or instrument made under such Act and relating to any functions transferred by this Article shall, from the commencement of this Order, be construed as references to the Minister for Rural and Community Development.

SCHEDULE

Part 1

Official Languages Act 2003 (No. 32 of 2003)

...

Is féidir stair na n-Airí a bhaineann le hAchtanna na dTeangacha Oifigiúla comhluaite a rianú mar a leanas:

• Ainm an Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta arna athrú go dtí an tAire Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta (2.06.2010) le Community, Rural and Gaeltacht Affairs (Alteration of Name of Department and Title of Minister) Order 2010 (I.R. Uimh. 215 de 2010), in éifeacht de réir airt. 1(2);

• Feidhmeanna arna n-aistriú agus tagairtí don Aire Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta arna bhforléiriú mar thagairtí don Aire Turasóireachta, Cultúir agus Spóirt (1.05.2011) le Irish Language, Gaeltacht and the Islands (Transfer of Departmental Administration and Ministerial Functions) Order 2011 (I.R. Uimh. 164 de 2011), in éifeacht de réir airt. 1(2);

• Ainm an Aire Turasóireachta, Cultúir agus Spóirt arna athrú go dtí an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta (2.06.2011) le Tourism, Culture and Sport (Alteration of Name of Department and Title of Minister) Order 2011 (I.R. Uimh. 220 de 2011), in éifeacht de réir airt. 1(2);

• Ainm an Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta arna athrú go dtí an tAire Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta (7.07.2016) le Arts, Heritage and the Gaeltacht (Alteration of Name of Department and Title of Minister) Order 2016 (I.R. Uimh. 357 de 2016), in éifeacht de réir airt. 1(2);

• Ainm an Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta arna athrú go dtí an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta (1.08.2017) le Arts, Heritage, Regional, Rural and Gaeltacht Affairs (Alteration of Name of Department and Title of Minister) Order 2017 (I.R. Uimh. 350 de 2017), in éifeacht de réir airt. 1(2);

• Ainm an Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta arna athrú go dtí an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán (30.09.2020) le Culture, Heritage and the Gaeltacht (Alteration of Name of Department and Title of Minister) Order 2020 (I.R. Uimh. 403 de 2020), in éifeacht de réir airt. 1(2);

• Feidhmeanna áirithe arna n-aistriú agus tagairtí don Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán arna bhforléiriú mar thagairtí don Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail (1.06.2025) le Irish Language and the Gaeltacht (Transfer of Departmental Administration and Ministerial Functions) Order 2025 (I.R. Uimh. 175 de 2025), in éifeacht de réir airt. 1(2);

• Ainm an Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail arna athrú go dtí an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta (2.06.2025) le Rural and Community Development (Alteration of Name of Department and Title of Minister) Order 2025 (I.R. Uimh. 173 de 2025), in éifeacht de réir airt. 1(2).

C2

Feidhmeanna arna n-aistriú agus tagairtí do "Cathaoirleach" nó "Cathaoirligh", "Leas-Chathaoirleach", "príomhfheidhmeannach" agus "leas-phríomhfheidhmeanach" arna bhforléiriú (16.05.2024) leis an Acht Rialtais Áitiúil (Méara Luimnigh) agus Forálacha Ilghnéitheacha 2024 (7/2024), ailt 10, 23, 25, 26, 28 agus sceid. 1 codanna 1, 2, I.R. Uimh. 207 de 2024.

C2

Functions of Mayor

10. (1) All functions (other than functions conferred by or under an enactment specified in Part 1 of Schedule 1) that, immediately before the vesting day, vested in the Cathaoirleach of Limerick City and County Council shall, on and after that day, vest in the Mayor.

(2) All functions (other than functions conferred by or under an enactment specified in Part 2 of Schedule 1) that, immediately before the vesting day, vested in the chief executive of Limerick City and County Council shall, on and after that day, vest in the Mayor.

(3) From the vesting day, a reference in any enactment (other than an enactment specified in Part 1 of Schedule 1) to Cathaoirleach shall, in so far as the reference applies to the Cathaoirleach of Limerick City and County Council, be construed as a reference to the Mayor, or as including a reference to the Mayor, as the context requires.

(4) From the vesting day, a reference in any enactment (other than an enactment specified in Part 2 of Schedule 1) to chief executive shall, in so far as that reference applies to the chief executive of Limerick City and County Council, be construed as a reference to the Mayor, or as including a reference to the Mayor, as the context requires.

(5) This section shall apply subject to the modifications of the Principal Act specified in Schedule 3.

...

Functions of Príomh Chomhairleoir

23.  (1) All functions conferred by or under an enactment specified in Part 1 of Schedule 1 that, immediately before the vesting day, vested in the Cathaoirleach of Limerick City and County Council shall, on and after that day, vest in the Príomh Chomhairleoir.

(2) From the vesting day, a reference in an enactment specified in Part 1 of Schedule 1 to Cathaoirleach or Cathaoirligh shall, in so far as that reference applies to the Cathaoirleach of Limerick City and County Council, be construed as a reference to the Príomh Chomhairleoir, or as including a reference to the Príomh Chomhairleoir, as the context may require.

(3) This section shall apply subject to the modifications of the Principal Act specified in Schedule 3.

...

Functions of Leas-Phríomh Chomhairleoir

25. (1) All functions conferred by or under any enactment that, immediately before the vesting day, vested in the Leas-Chathaoirleach of Limerick City and County Council shall, on and after that day, vest in the Leas-Phríomh Chomhairleoir.

(2) From the vesting day, a reference in any enactment to Leas-Chathaoirleach shall, in so far as that reference applies to the Leas-Chathaoirleach of Limerick City and County Council, be construed as a reference to the Leas-Phríomh Chomhairleoir, or as including a reference to the Leas-Phríomh Chomhairleoir, as the context may require.

(3) This section shall apply subject to the modifications of the Principal Act specified in Schedule 3.

Director general

26. (1) The chief executive of Limerick City and County Council shall, on and after the vesting day, be known as the director general of Limerick City and County Council and is in this Act referred to as the “director general”.

(2) The person who, immediately before the vesting day, was the chief executive of Limerick City and County Council shall, on and after that day, continue in office and be referred to in accordance with subsection (1).

(3) On and after the vesting day, a reference in an enactment specified in Part 2 of Schedule 1 to chief executive shall, in so far as that reference applies to the chief executive of Limerick City and County Council, be construed as a reference to the director general, or as including a reference to the director general, as the context may require.

(4) This section shall apply subject to the modifications of the Principal Act specified in Schedule 3.

...

Deputy director general

28. (1) On and after the vesting day, a deputy chief executive appointed by the director general under section 148 of the Principal Act shall be known as the deputy director general of Limerick City and County Council and is, in this Act, referred to as the “deputy director general”.

(2) The person who, immediately before the vesting day, was the deputy chief executive of Limerick City and County Council shall, on and after that day, continue in office and be referred to in accordance with subsection (1).

(3) On and after the vesting day, a reference in any enactment to deputy chief executive shall, in so far as the reference applies to the deputy chief executive of Limerick City and County Council, be construed as a reference to the deputy director general, or as including a reference to the deputy director general, as the context may require.

(4) This section shall apply subject to the modifications of the Principal Act specified in Schedule 3.

...

SCHEDULE 1

PART 1

Enactments for Purposes of Sections 10 and 23

Number and Year

(1)

Provision

(2)

Extent of Modification

(3)

No. 37 of 2001

Local Government Act 2001

Sections 11(5)(b), 11(8), 31(4)(a), 31(5), 31(7), 31(9), 31(11), 33, 34(2)(e), 36, 37, 38, 104(7)(a), 133(6)(a), 134(4)(b), 140(8), 141(1)(b), 141(4), 142(2)(a), 142(5)(f), 143(1), 147, 148, 158(3), 174(8), 178(2)(b), 178(5), 180(3)(a), 189(9), 190(9), 216(2)(a), 219(1) and 220(1); paragraphs 3(4), 4(2), 4(3), 6(1), 6(2), 6(3), 7(9), 10, 13(5)(e), 13(6) and 16(4)(c) of Schedule 10; paragraph 3 of Schedule 14.

PART 2

Enactments for Purposes of Sections 10 and 26

Number and Year

(1)

Short Title

(2)

Provision

(3)

...

...

...

No. 32 of 2003

Official Languages Act 2003

Section 4B(a)

...

...

...

CUID 1

Réamhráiteach agus Ginearálta

Section 1

Gearrtheideal agus tosach feidhme.

1

1. —(1) Féadfar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 a ghairm den Acht seo.

(2) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá nó laethanta, nach déanaí ná 3 bliana tar éis an tAcht seo a rith, a shocrófar chuige sin, le hordú nó le horduithe ón Aire faoin alt seo, i gcoitinne nó faoi threoir aon chríche nó forála áirithe agus féadfar laethanta éagsúla a shocrú amhlaidh chun críoch éagsúil agus le haghaidh forálacha éagsúla.

Anótálacha:

Nótaí Eagarthóireachta:

E1

Tá tábla ina dtaispeántar faisnéis tosaithe in ordú de réir ailt ar fáil ag https://www.irishstatutebook.ie/eli/isbc/2003_32.html

E2

Cumhacht de bhun a. 1(2) arna feidhmiú (19.01.2024) leis An Ordú um Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 (Tosach Feidhme) 2004 (I.R. Uimh. 32 de 2004)

3. Socraítear gurb é an 19 Eanáir 2004 an lá a thiocfaidh—

(a) ailt 5 agus 6,

(b) Cuid 3 (seachas ailt 9(3) agus 10) agus Cuid 4, agus

(c) alt 36

d'Acht 2003 agus an Chéad Sceideal agus an Dara Sceideal a ghabhann le hAcht 2003 i ngníomh.

4. Socraítear gurb é an 1 Bealtaine 2004 an lá a thiocfaidh—

(a) mír (a), a mhéid a bhaineann sí le comhlacht poiblí (seachas údarás áitiúil),

(b) mír (a), a mhéid a bhaineann sí le húdarás áitiúil, maidir le doiciméid a fhoilsítear tar éis an lae sin (seachas plean forbartha a fhoilsítear faoi alt 11 den Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000 (Uimh. 30 de 2000) ach nach bhfuil déanta fós faoi alt 12 den Acht sin),

(c) mír (b), a mhéid a bhaineann sí le tuarascáil bhliantúil maidir leis an mbliain 2003 nó aon bhliain dá éis sin,

(d) mír (c), a mhéid a bhaineann sí le cuntas iniúchta nó ráiteas airgeadais i leith na bliana 2003 nó aon bhliain dá éis sin,

(e) mír (d), a mhéid a bhaineann sí le ráiteas straitéise i leith na bliana 2003 nó aon bhliain dá éis sin, agus

(f) mír (e)

d'alt 10 d'Acht 2003 i ngníomh.

E2

Cumhacht de bhun fho-alt (2) arna feidhmiú (30.10.2003) leis an Ordú Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 (Tosach Feidhme) 2003 (I.R. Uimh. 518 de 2003).

2. Tiocfaidh Ailt 2, 3, 4 agus Cuid 5 d'Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 (Uimh. 32 de 2003) i ngníomh an 30 Deireadh Fómhair 2003.

Section 2

Léiriú.

2

2. —(1) San Acht seo, ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt—

F1[ciallaíonn "Acht 2012" Acht na Gaeltachta, 2012 ;]

F1[tá le ‘Coiste Comhairleach’ an bhrí a shanntar dó le halt 18A;]

ciallaíonn “Coimisinéir”, de réir mar a éilíonn an comhthéacs, Oifig Choimisinéir na dTeangacha Oifigiúla a bhunaítear le halt 20 nó sealbhóir na hoifige sin de thuras na huaire;

folaíonn “cúirt” binse arna bhunú faoi na hAchtanna um Binsí Fiosrúcháin (Fianaise) 1921 go 2002;

ciallaíonn “dréacht-scéim” dréacht-scéim a bheidh le hullmhú ag comhlacht poiblí faoin Acht seo;

ciallaíonn “achtachán” reacht nó ionstraim arna déanamh faoi chumhacht a thugtar le reacht;

F1[déanfar ‘lá bunaithe’ a fhorléiriú de réir alt 18A;]

folaíonn “feidhmeanna” cumhachtaí agus dualgais, agus aon tagairtí do chomhlíonadh feidhmeanna folaíonn siad, maidir le cumhachtaí agus dualgais, tagairtí d'fheidhmiú na gcumhachtaí agus do chomhall na ndualgas;

F2[tá le "limistéar Gaeltachta" an bhrí chéanna atá leis i gCuid 2 d’Acht 2012;];

F1[tá le "Limistéar Pleanála Teanga Gaeltachta" an bhrí chéanna atá leis i gCuid 2 d’Acht 2012]

F1[tá le "Baile Seirbhíse Gaeltachta" an bhrí chéanna atá leis i gCuid 2 d’Acht 2012;]

ciallaíonn “ceann” ceann comhlachta phoiblí;

F2[ciallaíonn "ceann comhlachta phoiblí" an duine arna cheapadh nó arna ceapadh ina phríomhoifigeach nó ina príomhoifigeach ar an gcomhlacht poiblí nó, i gcás nach mbeidh aon duine den sórt sin ceaptha, an duine arna shainainmniú nó arna sainainmniú le hordú ón Rialtas arna dhéanamh faoi alt 4A chun bheith ina cheann nó ina ceann ar an gcomhlacht poiblí chun críocha an Achta seo;]

(a) i ndáil le Roinn Stáit, an tAire den Rialtas atá i bhfeighil na Roinne sin,

(b) i ndáil le hOifig an Ard-Aighne, an tArd-Aighne,

(c) F3[i ndáil le hOifig an Choimisiúin um Cheapacháin Seirbhíse Poiblí, Stiúrthóir Oifig an Choimisiúin um Cheapacháin Seirbhíse Poiblí]

(d) i ndáil le hOifig an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste, an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste,

(e) i ndáil le hOifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí, an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí,

(f) i ndáil le F4[Seirbhís Thithe an Oireachtai], Cathaoirleach Dháil Éireann,

(g) i ndáil le hOifig an Choimisinéara Faisnéise, an Coimisinéir Faisnéise,

(h) F3[i ndáil leis an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí, Príomh-Fheidhmeannach na Seirbhíse um Cheapacháin Phoiblí]

(i) i ndáil le hOifig an Ombudsman, an tOmbudsman,

(j) i ndáil le haon chomhlacht poiblí eile, an duine atá i seilbh, nó a chomhlíonann feidhmeanna, oifig phríomhoifigeach feidhmiúcháin (cibé ainm a thugtar uirthi) an chomhlachta;

F1[tá le ‘Líonra Gaeilge’ an bhrí chéanna atá leis i gCuid 2 d’Acht 2012;]

tá le “ údarás áitiúil” an bhrí a shanntar dó le fo-alt (1) d'alt 2 den Acht Rialtais Áitiúil 2001;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta;

F1[tá le ‘Plean Náisiúnta’ an bhrí a shanntar dó le halt 18C;]

F1[ciallaíonn ‘foirm oifigiúil’ foirm, lena n-áirítear foirm leictreonach, a úsáideann comhlacht poiblí i dtaca leis an gcomhlacht sin do sholáthar seirbhíse;]

ciallaíonn “na teangacha oifigiúla” an Ghaeilge (ós í an teanga náis~ iúnta agus an phríomhtheanga oifigiúil í) agus an Béarla (ós teanga oifigiúil eile é) mar a shonraítear in Airteagal 8 den Bhunreacht;

ciallaíonn “forordaithe” forordaithe ag an Aire le rialacháin faoi alt 4 ;

ciallaíonn “imeachtaí ” imeachtaí sibhialta nó coiriúla os comhair aon chúirte;

déanfar “comhlacht poiblí ” a fhorléiriú de réir an Chéad Sceidil;

folaíonn “taifead” aon mheabhrán, leabhar, plean, léarscáil, líníocht, léaráid, saothar pictiúrtha nó grafach nó doiciméad eile, aon ghri~anghraf, scannán nó taifeadadh (cibé acu is taifeadadh fuaime nó taifeadadh íomhánna nó iad araon é), F5[aon fhoirm ina gcoimeádtar sonraí (lena n-áirítear foirm mheaisín-inléite) nó rud] ina ndéantar faisnéis a choimeád nó a stóráil de láimh, go meicniúil nó go leictreonach agus aon rud ar cuid nó cóip é, i bhfoirm ar bith, d'aon cheann díobh sin roimhe seo nó ar teaglaim é de dhá cheann nó níos mó díobh sin roimhe seo;

ciallaíonn “scéim” scéim arna daingniú ag an Aire faoi alt 14 ;

ciallaíonn “seirbhís” seirbhís arna tairiscint nó arna soláthar (cibé acu go díreach nó go neamhdhíreach) ag comhlacht poiblí don phobal i gcoitinne nó d'aicme den phobal i gcoitinne.

F1[ciallaíonn ‘comhlacht reachtúil’ comhlacht arna bhunú le reacht nó faoi reacht;]

(2) (a) San Acht seo aon tagairt d'alt nó do sceideal is tagairt í d'alt den Acht seo nó do Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'achtachán éigin eile atá beartaithe.

(b) San Acht seo aon tagairt d'fho-alt nó do mhír nó d'fhomhír is tagairt í don fho-alt nó don mhír nó don fhomhír den fhoráil ina bhfuil an tagairt, mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'fhoráil éigin eile atá beartaithe.

Anótálacha:

Leasuithe:

F1

Arna chur isteach (20.06.2022) le hAcht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021 (49/2021), a. 2(c), I.R. Uimh. 313 de 2022, airt. 2(b).

F2

Arna ionadú (13.03.2023) le hAcht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021 (49/2021), a. 2(a),(b), I.R. Uimh. 90 de 2023.

F3

Arna ionadú (6.10.2004) leis an Acht um Bainistíocht na Seirbhíse Poiblí (Earcaíocht agus Ceapacháin) 2004 (33/2004), a. 61 agus sceid. 2, arna thosú ar é a achtú.

F4

Arna ionadú (1.01.2010) leis an Acht um Choimisiún Thithe an Oireachtais (Leasú) 2009 (44/2009), a. 14 agus sceid. cuid 1 ítim 6, arna tosú de réir a. 15(3).

F5

Arna ionadú (25.05.2018) leis an Acht um Chosaint Sonraí 2018 (7/2018), a. 194, I.R. Uimh. 174 de 2018, airt. 3.

Modhnuithe (nach n-athraíonn an téacs):

C4

Feidhmeanna arna n-aistriú agus tagairtí don Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán arna bhforléiriú mar an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail (1.06.2025) le Irish Language and the Gaeltacht (Transfer of Departmental Administration and Ministerial Functions) Order 2025 (I.R. Uimh. 175 de 2025), airt. 2, 3 agus sceid., in éifeacht de réir airt. 1(2), faoi réir fhorálacha idirthréimhseacha in airt. 4-8. Tabhair faoi deara gur athraíodh ainm an Aire ón Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail go dtí an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta (2.06.2025) le Rural and Community Development (Alteration of Name of Department and Title of Minister) Order 2025 (I.R. Uimh. 173 de 2025), in éifeacht de réir airt. 1(2).

2. (1) The administration and business in connection with the exercise, performance or execution of any functions transferred by Article 3 are transferred to the Department of Rural and Community Development.

(2) References to the Department of Tourism, Culture, Arts, Gaeltacht, Sport and Media contained in any Act or any instrument made under such Act and relating to any administration and business transferred by paragraph (1) shall, from the commencement of this Order, be construed as references to the Department of Rural and Community Development.

3. (1) The functions vested in the Minister for Tourism, Culture, Arts, Gaeltacht, Sport and Media –

(a) by or under the Acts specified in Part 1 of the Schedule, and

(b) by or under the provisions of the Acts specified in Part 2 of the Schedule,

in so far as they relate to –

(i) supporting and promoting the Irish language, including the co-ordination of policy in that regard, and the development of the Gaeltacht,

(ii) promoting the cultural, social and economic welfare of the Gaeltacht,

(iii) supporting and promoting North/South co-operation in relation to the Irish language and Ulster-Scots heritage, culture and language, and

(iv) An Foras Teanga, An Coimisinéir Teanga and Údarás na Gaeltachta,

are transferred to the Minister for Rural and Community Development.

(2) The functions vested in the Minister for Tourism, Culture, Arts, Gaeltacht, Sport and Media by or under the Acts and provisions of the Acts, and by the provisions of the Regulations, specified in Part 3 of the Schedule, are transferred to the Minister for Rural and Community Development.

(3) References to the Minister for Tourism, Culture, Arts, Gaeltacht, Sport and Media contained in any Act or instrument made under such Act and relating to any functions transferred by this Article shall, from the commencement of this Order, be construed as references to the Minister for Rural and Community Development.

SCHEDULE

Part 1

Official Languages Act 2003 (No. 32 of 2003)

...

Is féidir stair na nAirí a bhaineann le hAchtanna na dTeangacha Oifigiúla comhluaite a rianú mar a leanas:

• Ainm an Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta arna athrú go dtí an tAire Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta (2.06.2010) le Community, Rural and Gaeltacht Affairs (Alteration of Name of Department and Title of Minister) Order 2010 (I.R. Uimh. 215 de 2010), in éifeacht de réir airt. 1(2);

• Feidhmeanna arna n-aistriú agus tagairtí don Aire Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta arna bhforléiriú mar thagairtí don Aire Turasóireachta, Cultúir agus Spóirt (1.05.2011) le Irish Language, Gaeltacht and the Islands (Transfer of Departmental Administration and Ministerial Functions) Order 2011 (I.R. Uimh. 164 de 2011), in éifeacht de réir airt. 1(2);

• Ainm an Aire Turasóireachta, Cultúir agus Spóirt arna athrú go dtí an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta (2.06.2011) le Tourism, Culture and Sport (Alteration of Name of Department and Title of Minister) Order 2011 (I.R. Uimh. 220 de 2011), in éifeacht de réir airt. 1(2);

• Ainm an Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta arna athrú go dtí an tAire Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta (7.07.2016) le Arts, Heritage and the Gaeltacht (Alteration of Name of Department and Title of Minister) Order 2016 (I.R. Uimh. 357 de 2016), in éifeacht de réir airt. 1(2);

• Ainm an Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta arna athrú go dtí an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta (1.08.2017) le Arts, Heritage, Regional, Rural and Gaeltacht Affairs (Alteration of Name of Department and Title of Minister) Order 2017 (I.R. Uimh. 350 de 2017), in éifeacht de réir airt. 1(2);

• Ainm an Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta arna athrú go dtí an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán (30.09.2020) le Culture, Heritage and the Gaeltacht (Alteration of Name of Department and Title of Minister) Order 2020 (I.R. Uimh. 403 de 2020), in éifeacht de réir airt. 1(2);

• Feidhmeanna áirithe arna n-aistriú agus tagairtí don Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán arna bhforléiriú mar thagairtí don Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail (1.06.2025) le Irish Language and the Gaeltacht (Transfer of Departmental Administration and Ministerial Functions) Order 2025 (I.R. Uimh. 175 de 2025), in éifeacht de réir airt. 1(2);

• Ainm an Aire Forbartha Tuaithe agus Pobailarna athrú go dtí an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta (2.06.2025) le Rural and Community Development (Alteration of Name of Department and Title of Minister) Order 2025 (I.R. Uimh. 173 de 2025), in éifeacht de réir airt. 1(2).

Nótaí Eagarthóireachta:

E4

Feidhmeanna arna n-aistriú agus tagairtí don Aire Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta arna bhforléiriú mar thagairtí don Aire Turasóireachta, Cultúir agus Spóirt (1.05.2011) le Irish Language, Gaeltacht and the Islands (Transfer of Departmental Administration and Ministerial Functions) Order 2011 (I.R. Uimh. 164 de 2011), airt. 2, 3 agus sceid., in éifeacht de réir airt. 1(2), faoi réir forálacha idirthréimhseacha in airt. 4-8; ar cuireadh ina n-ionad (1.06.2025) de réir C-nóta thuas.

Section 3

Caiteachais.

3

3. —Déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire agus aon Aire eile den Rialtas ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais é, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

Section 4

Rialacháin.

4

4. —(1) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais—

(a) le rialacháin, foráil a dhéanamh, faoi réir fhorálacha an Achta seo, le haghaidh aon ní dá dtagraítear san Acht seo mar ní atá forordaithe nó le forordú,

(b) i dteannta aon chumhachta eile a thugtar dó nó di chun rialacháin a dhéanamh, rialacháin a dhéanamh i gcoitinne chun críocha an Achta seo agus chun lánéifeacht a thabhairt don Acht seo,

(c) más rud é, le linn na chéad 3 bliana d'fheidhm an Achta seo maidir le comhlacht poiblí a shonraítear i bhfomhír (3), (4)(5) de mhír 1 den Chéad Sceideal, go n-éireoidh aon deacracht i ndáil leis an Acht seo a thabhairt i ngníomh a mhéid atá feidhm aige maidir leis an gcomhlacht sin, aon ní a dhéanamh le rialacháin ar dealraitheach gur gá nó gur fóirsteanach é chun an tAcht seo a thabhairt i ngníomh a mhéid atá feidhm aige maidir leis an gcomhlacht sin agus féadfar, le rialacháin faoin mír seo, a mhéid amháin is dealraitheach gur gá é chun na rialacháin a thabhairt in éifeacht, foráil den Acht seo a mhodhnú má tá an modhnú i gcomhréir le críocha, prionsabail agus meon an Achta seo, agus

(d) más rud é, in aon slí eile, go n-éireoidh aon deacracht le linn na tréimhse 3 bliana ó thosach feidhme an Achta seo i ndáil leis an Acht seo a thabhairt i ngníomh, aon ní a dhéanamh le rialacháin ar dealraitheach gur gá nó gur fóirsteanach é chun an tAcht seo a thabhairt i ngníomh agus féadfar, le rialacháin faoin mír seo, a mhéid amháin is dealraitheach gur gá é chun na rialacháin a thabhairt in éifeacht, foráil den Acht seo a mhodhnú má tá an modhnú i gcomhréir le críocha, prionsabail agus meon an Achta seo.

(2) Féadfaidh cibé forálacha teagmhasacha, forlíontacha agus iarmhartacha a bheith i rialacháin faoin Acht seo is dóigh leis an Aire a bheith riachtanach nó fóirsteanach chun críocha na rialachán.

(3) I gcás ina mbeartaíonn an tAire rialacháin a dhéanamh faoi mhír (c)(d) d'fho-alt (1) nó chun críocha mhír 1(5), nó faoi mhír 3, den Chéad Sceideal, cuirfidh sé nó sí faoi deara dréacht de na rialacháin a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas agus ní dhéanfar na rialacháin go dtí go mbeidh rún ag ceadú an dréachta rite ag gach Teach acu sin.

(4) I gcás ina mbeartaíonn an tAire rialacháin a dhéanamh faoi fho-alt (1)(c), rachaidh sé nó sí, sula ndéanfaidh sé nó sí amhlaidh, i gcomhairle le cibé Aire eile (más ann) den Rialtas is cuí leis an Aire ag féachaint d'fheidhmeanna an Aire eile sin den Rialtas i ndáil leis na rialacháin atá beartaithe.

(5) Féadfar, le rialacháin lena bhforordaítear comhlacht, eagraíocht nó grúpa (“an comhlacht”) chun críocha mhír 1 (5) den Chéad Sceideal, a fhoráil nach mbeidh feidhm ag an Acht seo maidir leis an gcomhlacht ach amháin i leith feidhmeanna sonraithe de chuid an chomhlachta, agus beidh feidhm ag an Acht seo agus beidh éifeacht leis de réir aon fhorála den sórt sin.

(6) Déanfar gach rialachán faoin Acht seo (seachas rialachán dá dtagraítear i bhfo-alt (3)) a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den 21 lá a shuífidh an Teach sin tar éis an rialachán a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán.

Anótálacha:

Modhnuithe (nach n-athraíonn an téacs):

C5

Feidhmeanna arna n-aistriú agus tagairtí do “Department of Finance” agus “Minister for Finance” arna bhforléiriú (29.07.2011) le Finance (Transfer of Departmental Administration and Ministerial Functions) Order 2011 (I.R. Uimh. 418 de 2011), airt. 2, 3, 5 agus sceid. 1 cuid 2, in éifeacht de réir airt. 1(2), faoi réir forálacha idirthréimhseacha in airt. 6-9.

2. (1) The administration and business in connection with the performance of any functions transferred by this Order are transferred to the Department of Public Expenditure and Reform.

(2) References to the Department of Finance contained in any Act or instrument made thereunder and relating to the administration and business transferred by paragraph (1) shall, on and after the commencement of this Order, be construed as references to the Department of Public Expenditure and Reform.

3. The functions conferred on the Minister for Finance by or under the provisions of —

(a) the enactments specified in Schedule 1, and

(b) the statutory instruments specified in Schedule 2,

are transferred to the Minister for Public Expenditure and Reform.

...

5. References to the Minister for Finance contained in any Act or instrument under an Act and relating to any functions transferred by this Order shall, from the commencement of this Order, be construed as references to the Minister for Public Expenditure and Reform.

...

Schedule 1

Enactments

...

Part 2

1922 to 2011 Enactments

Number and Year

Short Title

Provision

(1)

(2)

(3)

...

...

...

No. 32 of 2003

Official Languages Act 2003

Sections 4, 10, 11(3) and 27

...

...

...

Nótaí Eagarthóireachta:

E5

Cumhacht de bhun ailt agus sceid. 1 mír 3 arna feidhmiú (19.12.2019) leis na Rialacháin um Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 (Comhlachtaí Poiblí) 2019 (I.R. Uimh. 230 de 2020).

E6

Cumhacht de bhun fho-alt (2) arna feidhmiú leis na Rialacháin um Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 (Alt 9) 2008 (I.R. Uimh. 391 de 2008).

E7

Cumhacht de bhun fho-alt (1)(a) agus sceid. 1 mír. 1(5), 3 arna feidhmiú (1.05.2006) leis na Rialacháin um Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 (Comhlachtaí Poiblí) 2006 (I.R. Uimh. 150 de 2006), in éifeacht de réir rial. 1(2).

E8

Cumhacht de bhun ailt arna feidhmiú (1.01.2005) leis na Rialacháin um Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 (Léarscáileanna Forordaithe) 2004 (I.R. Uimh. 212 de 2004), in éifeacht de réir rial. 1(b).

Section 4A

F6[Ceann comhlachta phoiblí a cheapadh

4A

4A. Más rud é, de thuras na huaire, nach mbeidh duine ar bith arna cheapadh nó arna ceapadh ina phríomhoifigeach nó ina príomhoifigeach ar chomhlacht poiblí, féadfaidh an Rialtas, le hordú, duine a shainainmniú chun bheith ina cheann nó ina ceann ar an gcomhlacht poiblí chun críocha an Achta seo.

(2) Déanfar gach ordú faoi fho-alt (1) a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus, má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den 21 lá a shuífidh an Teach sin tar éis an t-ordú a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an ordaithe, beidh an t-ordú ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú.]

Anótálacha:

Leasuithe:

F6

Arna chur isteach (5.05.2023) le hAcht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021 (49/2021), a. 3, I.R. Uimh. 215 de 2023.

Section 4B

F7[Tuarascáil ar chomhlíonadh oibleagáidí faoin Acht

4B

4B. Déanfaidh ceann comhlachta phoiblí—

(a) comhalta foirne eile den chomhlacht a cheapadh, ón mbainistíocht shinsearach, chun formhaoirsiú a dhéanamh ar chomhlíonadh oibleagáidí an chomhlachta faoin Acht seo agus tuarascáil a thabhairt dó nó di, de réir mar is cuí, i ndáil le hoibleagáidí an chomhlachta faoin Acht seo, agus

(b) a chinntiú go ndéanfar achoimre ar aon cheann de na nithe arna dtuairisciú dó nó di de réir mhír (a) a áireamh i dtuarascáil bhliantúil an chomhlachta lena mbaineann..]

Anótálacha:

Leasuithe:

F7

Arna chur isteach (5.05.2023) le hAcht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021 (49/2021), a. 3, I.R. Uimh. 215 de 2023.

Modhnuithe (nach n-athraíonn an téacs):

C6

Feidhmeanna arna n-aistriú agus tagairtí do "Cathaoirleach", nó "Cathaoirligh", agus "príomhfheidhmeannach" arna bhforléiriú (16.05.2024) leis an Acht Rialtais Áitiúil (Méara Luimnigh) agus Forálacha Ilghnéitheacha 2024 (7/2024), ailt 10, 26, agus sceid. 1 cuid 2, I.R. Uimh. 207 de 2024.

Functions of Mayor

10. (1) All functions (other than functions conferred by or under an enactment specified in Part 1 of Schedule 1) that, immediately before the vesting day, vested in the Cathaoirleach of Limerick City and County Council shall, on and after that day, vest in the Mayor.

(2) All functions (other than functions conferred by or under an enactment specified in Part 2 of Schedule 1) that, immediately before the vesting day, vested in the chief executive of Limerick City and County Council shall, on and after that day, vest in the Mayor.

(3) From the vesting day, a reference in any enactment (other than an enactment specified in Part 1 of Schedule 1) to Cathaoirleach shall, in so far as the reference applies to the Cathaoirleach of Limerick City and County Council, be construed as a reference to the Mayor, or as including a reference to the Mayor, as the context requires.

(4) From the vesting day, a reference in any enactment (other than an enactment specified in Part 2 of Schedule 1) to chief executive shall, in so far as that reference applies to the chief executive of Limerick City and County Council, be construed as a reference to the Mayor, or as including a reference to the Mayor, as the context requires.

(5) This section shall apply subject to the modifications of the Principal Act specified in Schedule 3.

...

Director general

26. (1) The chief executive of Limerick City and County Council shall, on and after the vesting day, be known as the director general of Limerick City and County Council and is in this Act referred to as the “director general”.

(2) The person who, immediately before the vesting day, was the chief executive of Limerick City and County Council shall, on and after that day, continue in office and be referred to in accordance with subsection (1).

(3) On and after the vesting day, a reference in an enactment specified in Part 2 of Schedule 1 to chief executive shall, in so far as that reference applies to the chief executive of Limerick City and County Council, be construed as a reference to the director general, or as including a reference to the director general, as the context may require.

(4) This section shall apply subject to the modifications of the Principal Act specified in Schedule 3.

...

PART 2

Enactments for Purposes of Sections 10 and 26

Number and Year

(1)

Short Title

(2)

Provision

(3)

...

...

...

No. 32 of 2003

Official Languages Act 2003

Section 4B(a)

...

...

...

CUID 2

Orgain Stáit

Section 5

Tuarascáil bhliantúil do Thithe an Oireachtais.

5

5. —Déanfaidh an tAire gach bliain, ag tosú an bhliain tar éis bhliain thosach feidhme an Achta seo, tuarascáil a thabhairt do gach Teach den Oireachtas maidir le hoibriú an Achta seo an bhliain roimhe sin.

Section 6

úsáid na dteangacha oifigiúla i dTithe an Oireachtais.

6

6. —(1) Beidh ceart ag comhalta de cheachtar Teach den Oireachtas ceachtar de na teangacha oifigiúla a úsáid in aon díos~ póireachtaí nó in aon imeachtaí eile sa Teach sin nó de chuid coiste de cheachtar Teach, comhchoiste den dá Theach nó fochoiste de choiste nó de chomhchoiste den sórt sin.

(2) Beidh ceart ag duine a bheidh ag láithriú os comhair ceachtar Tí den Oireachtas nó os comhair coiste, comhchoiste nó fochoiste den sórt sin a dúradh ceachtar de na teangacha oifigiúla a úsáid.

(3) Déanfar gach tuairisc oifigiúil ar dhíospóireachtaí agus ar imeachtaí eile Thithe an Oireachtais a fhoilsiú i ngach ceann de na teangacha oifigiúla, ach amháin go bhféadfar óráidí daoine (cibé acu ó bhéal nó i scríbhinn) i gceachtar de na teangacha oifigiúla a fhoilsiú inti sa teanga sin amháin.

Section 7

F8[Achtanna an Oireachtais.

7

7. (1) A luaithe is féidir tar éis aon Acht den Oireachtas a achtú, déanfar an téacs den chéanna a chló agus a fhoilsiú go comhuaineach i ngach ceann de na teangacha oifigiúla.

(2) Ní oibreoidhfo-alt (1) chun toirmeasc a chur ar Acht den Oireachtas a fhoilsiú ar an idirlíon in aon teanga oifigiúil amháin sula ndéanfar é a chló agus a fhoilsiú de réir an fho-ailt sin.]

Anótálacha:

Leasuithe:

F8

Arna ionadú (2.08.2011) leis an Acht um an Dlí Sibhialta (Forálacha Ilghnéitheacha) 2011 (23/2011), a. 62(b), arna thosú ar é a achtú.

Modhnuithe (nach n-athraíonn an téacs):

C7

Feidhm ailt arna srianadh (1.06.2015) le hAcht na gCuideachtaí 2014 (38/2014), a. 1447(1), I.R. Uimh. 169 de 2015, airt. 3

Disapplication of section 7 of Official Languages Act 2003.

1447. (1) Section 7 of the Official Languages Act 2003 shall not apply in relation to this Act.

...

C8

Feidhm ailt arna srianadh (4.07.2011) leis an Acht Airí agus Rúnaithe (Leasú) 2011 (10/2011), a. 5, arna thosú ar é a achtú.

Disapplication of section 7 of Official Languages Act 2003.

5.— Section 7 of the Official Languages Act 2003 shall not apply to this Act.

C9

Feidhm ailt arna srianadh (29.06.2011) leis an Acht Leasa Shóisialaigh agus Pinsean 2011 (9/2011) (9/2011), a. 24, arna tosú ar é a achtú.

Disapplication of section 7 of Official Languages Act 2003.

24.— Section 7 of the Official Languages Act 2003 does not apply in relation to this Act. The text of this Act shall be made available electronically in each of the official languages as soon as practicable after its enactment.

C10

Feidhm ailt arna srianadh (21.12.2009) leis an Acht um Fhorais Chreidmheasa (Cobhsúchán) 2010 (36/2010), a. 70, I.R. Uimh. 623 de 2010, airt. 2(1).

Disapplication of section 7 of Official Languages Act 2003.

70.— Section 7 of the Official Languages Act 2003 does not apply in relation to this Act. The text of this Act shall be made available electronically in each of the official languages as soon as practicable after its enactment.

C11

Feidhm ailt arna srianadh (21.12.2009) leis an Acht fán nGníomhaireacht Náisiúnta um Bainistíocht Sócmhainní 2009 (34/2009), a. 230, I.R. Uimh. 545 de 2009, airt. 2.

Disapplication of section 7 of Official Languages Act 2003.

230.— Section 7 of the Official Languages Act 2003 does not apply in relation to this Act. The text of this Act shall be made available electronically in each of the official languages as soon as practicable after its enactment.

Section 8

Riaradh an cheartais.

8

8. —(1) Féadfaidh duine ceachtar de na teangacha oifigiúla a úsáid in aon chúirt nó in aon phléadáil in aon chúirt nó in aon doiciméad a eiseofar ó aon chúirt.

(2) Tá dualgas ar gach cúirt, in aon imeachtaí os a comhair, a chinntiú go bhféadfaidh aon duine a bheidh ag láithriú inti nó a bheidh ag tabhairt fianaise os a comhair éisteacht a fháil sa teanga oifigiúil is rogha leis nó léi, agus nach mbeidh an duine, trí éisteacht a fháil amhlaidh, faoi mhíbhuntáiste toisc nach bhfaigheann sé nó sí éisteacht sa teanga oifigiúil eile.

(3) D'fhonn a chinntiú nach mbeidh aon duine faoi mhíbhuntáiste mar a dúradh, féadfaidh an chúirt a chur faoi deara cibé saoráidí is dóigh léi is cuí a chur ar fáil chun ateangaireacht chomhuaineach nó chomhleanúnach ó theanga oifigiúil amháin go dtí an teanga oifigiúil eile a dhéanamh ar imeachtaí.

(4) I gcás inar páirtí in imeachtaí sibhialta os comhair cúirte an Stát nó comhlacht poiblí —

(a) déanfaidh an Stát, nó an comhlacht poiblí, an teanga oifigiúil a bheidh roghnaithe ag an bpáirtí eile a úsáid sna himeachtaí, agus

(b) más rud é gur páirtí sna himeachtaí beirt duine nó níos mó (seachas an Stát nó comhlacht poiblí) agus nach ndéanfaidh siad an teanga oifigiúil a bheidh le húsáid sna hime~ achtaí a roghnú nó a chomhaontú, déanfaidh an Stát nó, de réir mar is cuí, an comhlacht poiblí, cibé teanga oifigiúil is dealraitheach dó a bheith réasúnach, ag féachaint do na himthosca, a úsáid sna himeachtaí.

(5) D'ainneoin aon fhorála eile den alt seo, ní chuirfear iallach ar dhuine fianaise a thabhairt i dteanga oifigiúil ar leith in aon imeachtaí.

(6) Nuair a bheidh teanga oifigiúil ar leith á roghnú ag duine lena húsáid in aon imeachtaí os comhair cúirte, ní churifidh an chúirt nó comhlacht poiblí aon cheataí nó caiteachas breise air nó uirthi thar mar a thabhófaí dá roghnódh sé nó sí an teanga oifigiúil eile a úsáid.

CUID 3

Comhlachtaí Poiblí

Section 9

Dualgas comhlachtaí poiblí na teangacha oifigiúla a úsáid ar stáiseanóireacht oifigiúil, etc.

9

9. —(1) Féadfaidh an tAire, le rialacháin, a fhoráil gur i nGaeilge, nó i mBéarla agus i nGaeilge, a mhéid a bheidh sonraithe, a bheidh fógairtí béil (cibé acu beo nó taifeadta) arna ndéanamh ag comhlacht poiblí, ceannteidil stáiseanóireachta a úsáideann comhlacht poiblí agus ábhar agus leagan amach aon chomharthaíF9[] dá chuid agus féadfar forálacha éagsúla a dhéanamh i ndáil le haicmí éagsúla comhlachta, fógairtí béil, F10[stáiseanóireachta nó comharthaí]F9[].

F11[ (2) I gcás go ndéanfaidh duine cumarsáid i scríbhinn, leis an bpost leictreonach nó ar na meáin shóisialta, i dteanga oifigiúil le comhlacht poiblí, freagróidh an comhlacht poiblí sa teanga chéanna.]

F11[(3) I gcás go ndéanfaidh comhlacht poiblí cumarsáid i scríbhinn nó leis an bpost leictreonach leis an bpobal i gcoitinne nó le haicme den phobal i gcoitinne chun faisnéis a thabhairt don phobal nó don aicme nó chun margaíocht a dhéanamh ar an gcomhlacht poiblí nó ar a chuid seirbhísí leis an bpobal nó leis an aicme, cinnteoidh an comhlacht gur i nGaeilge, nó i nGaeilge agus i mBéarla, a bheidh an chumarsáid.]

F11[(4) I gcás gur i nGaeilge agus i mBéarla a bheidh an chumarsáid dá dtagraítear i bhfo-alt (3)]

(a) maidir leis an gcuid den téacs a bheidh i nGaeilge, ní bheidh sí i gcló níos lú ná an chuid den téacs a bheidh i mBéarla agus beidh sí chomh feiceálach, chomh hinfheicthe agus chomh hinléite céanna leis an gcuid den téacs a bheidh i mBéarla, agus

F11[(b) más rud é, maidir leis an téacs a bheidh i nGaeilge, go mbeidh cuid de giorraithe, beidh an chuid den téacs a bheidh i mBéarla, arb í an t-aistriúchán ar an téacs giorraithe sin í, giorraithe freisin.]

Anótálacha:

Leasuithe:

F9

Arna scriosadh (21.12.2024) le hAcht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021 (49/2021), a. 4(a)(i), I.R. Uimh. 692 de 2024.

F10

Arna ionadú (21.12.2024) le hAcht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021 (49/2021), a. 4(a)(ii), (b),(c), I.R. Uimh. 692 de 2024.

F11

Arna chur isteach (21.12.2024) le hAcht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021 (49/2021), a. 4(c), I.R. Uimh. 692 de 2024.

Nótaí Eagarthóireacha:

E9

Cumhacht de bhun fho-alt (1) arna feidhmiú (1.10.2008) leis  na Rialacháin um Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 (Alt 9) 2008 (I.R. Uimh. 391 de 2008). 

Section 9A

F1[Dualgas comhlachtaí poiblí maidir le hainmneacha, seoltaí agus teidil i nGaeilge

9A

9A. D’fhonn a chinntiú go ndéanfaidh comhlacht poiblí ainm (lena n-áirítear foirm athartha nó foirm mháthartha an ainm), seoladh nó teideal (lena n-áirítear an rogha gan teideal ar bith a úsáid) duine i nGaeilge, a thaifeadadh agus a úsáid i gceart, féadfaidh an tAire, tar éis dul i gcomhairle le cibé Aire (más ann) den Rialtas is cuí leis an Aire, ag féachaint d’fheidhmeanna an chomhlachta phoiblí, an comhlacht a fhorordú chun críocha an ailt seo.

(2) Féadfaidh an tAire, le linn comhlacht poiblí a fhorordú faoi fho-alt (1), na seirbhísí a thairgeann nó a sholáthraíonn an comhlacht a shonrú, is seirbhísí ar ina leith a fhorordófar amhlaidh é.

(3) Cinnteoidh comhlacht poiblí a fhorordófar faoi fho-altfho-alt (1) go mbeidh na córais faisnéise agus chumarsáide, agus aon chórais eile (cibé acu córais leictreonacha nó eile), a úsáideann an comhlacht ina chumarsáidí leis an bpobal i gcoitinne, nó le haicme den phobal i gcoitinne, de réir mar is cuí, cumraithe ar mhodh—

(a) lena gceadófar, leis na córais sin, ainm (lena n-áirítear foirm athartha nó foirm mháthartha an ainm), seoladh nó teideal (lena n-áirítear an rogha gan teideal ar bith a úsáid) duine i nGaeilge a thaifeadadh agus a úsáid i gceart i ndáil leis na seirbhísí arna dtairiscint nó arna soláthar ag an gcomhlacht ar ina leith a fhorordófar amhlaidh é, agus

(b) lena ndéanfar úsáid an tsínte fhada sa téacs Gaeilge a éascú.

(4) (a) Déanfaidh an tAire, tráth nach déanaí ná 3 mhí ó thosach feidhme alt 4 d’Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021 agus tar éis dul i gcomhairle le cibé Aire eile (más ann) den Rialtas is cuí leis an Aire, treoirlínte a ullmhú agus a eisiúint chun cuidiú le comhlachtaí poiblí a gcuid oibleagáidí faoin alt seo agus faoi ailt 9B, 9C agus 9D a chomhlíonadh.sections 9B, 9C and 9D.

(b) Beidh aird ag comhlacht poiblí ar na treoirlínte, más ann, a eiseofar faoi  mhír (a) le linn dó a chuid oibleagáidí faoin alt seo agus faoi  ailt 9B, 9C and 9D a chomhlíonadh.

(c) Déanfaidh an tAire, a luaithe is indéanta, treoirlínte a eiseofar faoi  paragraph (a) a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin na Roinne Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta.

(d) Déanfaidh an tAire, i gceann cibé eatramh is cuí leis nó léi, treoirlínte a eiseofar faoi mhír a a athmheas agus beidh feidhm ag forálacha an fho-ailt seo maidir le hullmhú, eisiúint agus foilsiú na dtreoirlínte athmheasta sin mar atá feidhm acu maidir leis na treoirlínte a eisíodh i gcéaduair.

Anótálacha:

Leasuithe:

F12

Arna chur isteach (21.12.2024) le hAcht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021 (49/2021), a. 5, I.R. Uimh. 692 de 2024.

Section 9B

F1[Duty of public bodies regarding official forms

9B

9B. (1) D’fhonn ábhar agus leagan amach foirmeacha oifigiúla de chuid comhlacht poiblí a fhorordú, féadfaidh an tAire, tar éis dul i gcomhairle le cibé Aire (más ann) den Rialtas is cuí leis an Aire, ag féachaint d’fheidhmeanna an chomhlachta phoiblí, an comhlacht a fhorordú chun críocha an ailt seo.

(2) Féadfaidh an tAire, le linn comhlacht poiblí a fhorordú faoi fho-alt (1), a fhorordú gur i nGaeilge nó i nGaeilge agus i mBéarla araon a bheidh ábhar agus leagan amach foirmeacha oifigiúla an chomhlachta phoiblí agus féadfar forálacha éagsúla a dhéanamh i ndáil le comhlachtaí poiblí éagsúla nó le foirmeacha oifigiúla éagsúla.

(3) Le linn ábhar agus leagan amach foirmeacha a fhorordú faoi fho-alt (2), beidh aird ag an Aire ar na nithe seo a leanas i gcás gur i nGaeilge agus i mBéarla araon a bheidh téacs san fhoirm oifigiúil lena mbaineann:

(a) an t-ord ina mbeidh an téacs i ngach teanga san fhoirm oifigiúil;

(b) feiceálacht, infheictheacht, inléiteacht, méid, cló, cuma fhoriomlán agus stíl téacs teanga amháin san fhoirm oifigiúil i leith théacs na teanga eile;

(c) an gá atá ann go gcuirfear an teachtaireacht chéanna in iúl le gach ceann de na teangacha oifigiúla;

(d) an modh ar a mbeidh teideal le húsáid roimh ainm duine nó i ndiaidh ainm duine san fhoirm oifigiúil, go háirithe faoi threoir aitheantas a thabhairt do na foirmeacha éagsúla de na teidil sin i ngach teanga;

(e) an modh ar a bhféadfar focail ghiorraithe a úsáid i ngach teanga.

Le linn ábhar agus leagan amach foirmeacha a fhorordú faoi fho-alt (2), beidh aird ag an Aire ar na nithe seo a leanas i gcás gur i nGaeilge amháin a bheidh téacs san fhoirm oifigiúil lena mbaineaneann

(a) an modh ar a mbeidh teideal le húsáid roimh ainm duine nó i ndiaidh ainm duine san fhoirm oifigiúil, go háirithe faoi threoir aitheantas a thabhairt do na foirmeacha éagsúla de na teidil sin i ngach teanga;

(b) an modh ar a bhféadfar focail ghiorraithe a úsáid i ngach ceann de na teangacha.

Anótálacha:

Leasuithe:

F13

Arna chur isteach (21.12.2024) le hAcht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021 (49/2021), a. 5, I.R. Uimh. 692 de 2024.]

F1[Dualgas comhlachtaí poiblí maidir le lógónna

9C. (1) Cinnteoidh comhlacht poiblí, ar agus ó thosach feidhme alt 4 d’Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021, i gcás go mbeidh a lógó á athnuachan nó á athrú aige, gur i nGaeilge nó i nGaeilge agus i mBéarla araon a bheidh téacs is cuid den lógó nua nó den lógó athraithe.

(2) I gcás gur i nGaeilge agus i mBéarla araon a bheidh téacs dá dtagraítear i bhfo-alt (1)

(a) beidh an chuid den téacs a bheidh i nGaeilge roimh an gcuid den téacs a bheidh i mBéarla,

(b) maidir leis an gcuid den téacs a bheidh i nGaeilge, ní bheidh sí i gcló níos lú ná an chuid den téacs a bheidh i mBéarla agus beidh sí chomh feiceálach, chomh hinfheicthe agus chomh hinléite céanna leis an gcuid den téacs a bheidh i mBéarla, agus

(c) más rud é go mbeidh cuid den téacs a bheidh i nGaeilge giorraithe, beidh an chuid den téacs a bheidh i mBéarla, arb í an t-aistriúchán ar an téacs giorraithe sin í, giorraithe freisin.

San alt seo agus in alt 9D, ciallaíonn ‘lógó’ an lógó a úsáideann comhlacht de ghnáth ar cheannteidil stáiseanóireachta, libhré nó comharthaíocht de chuid an chomhlachta agus lena ngabhann, i gcoitinne, ainm an chomhlachta, agus folaíonn sé lógó aon scéime, cláir, tionscnaimh beartais nó suímh gréasáin arna riaradh ag an gcomhlacht nó dá bhfuil an comhlacht freagrach.

(4) I bhfo-alt (1), folóidh ‘téacs’ aon ghiorrúchán nó acrainm ar ainm, i nGaeilge, an chomhlachta lena mbaineann.

Anótálacha:

Leasuithe:

F14

Arna chur isteach (21.12.2024) le hAcht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021 (49/2021), a. 5, I.R. Uimh. 692 de 2024.

Modhnuithe (nach n-athraíonn an téacs):

C12

Foráil a bhfuil feidhm ionchasach aici: alt arna chur isteach le hAcht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021 (49/2021), a. 5, nach bhfuil tosaithe ar dháta an athbhreithnithe. ]

Section 9D

F1[Ainmneacha agus lógónna comhlachtaí reachtúla nuabhunaithe

9D

9D. (1) Maidir le hainm comhlachta reachtúil a bhunófar, ar agus ó thosach feidhme alt 4 d’Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021, is i nGaeilge a bheidh sé.

(2) Maidir le téacs is cuid de lógó comhlachta reachtúil a bhunófar, ar agus ó thosach feidhme alt 4 d’Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021, is i nGaeilge nó i nGaeilge agus i mBéarla araon a bheidh sé.

(3) I gcás gur i nGaeilge agus i mBéarla araon a bheidh téacs dá dtagraítear i bhfo-alt (2)

(a) beidh an chuid den téacs a bheidh i nGaeilge roimh an gcuid den téacs a bheidh i mBéarla,

(b) maidir leis an gcuid den téacs a bheidh i nGaeilge, ní bheidh sí i gcló níos lú ná an chuid den téacs a bheidh i mBéarla agus beidh sí chomh feiceálach, chomh hinfheicthe agus chomh hinléite céanna leis an gcuid den téacs a bheidh i mBéarla, agus

(c) más rud é go mbeidh cuid den téacs a bheidh i nGaeilge giorraithe, beidh an chuid den téacs a bheidh i mBéarla, arb í an t-aistriúchán ar an téacs giorraithe sin í, giorraithe freisin.

Anótálacha:

Leasuithe:

F15

Arna chur isteach (21.12.2024) le hAcht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021 (49/2021), a. 5, I.R. Uimh. 692 de 2024.

Modhnuithe (nach n-athraíonn an téacs):

C13

Foráil a bhfuil feidhm ionchasach aici: alt arna chur isteach le hAcht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021 (49/2021), a. 5, nach bhfuil tosaithe amhail ar dháta an athbhreithnithe. ]

Section 9E

F1[Seirbhísí pobal-inrochtana

9E

9E. (1) Déanfaidh comhlacht poiblí gach beart cuí chun a chinntiú, i gcás go soláthraíonn duine seirbhís phobal-inrochtana thar ceann an chomhlachta phoiblí, go ndéanfaidh an duine sin, i leith sholáthar na seirbhíse sin, na nithe seo a leanas a chomhlíonadh—

(a) rialacháin faoi alt 9(1) a mbeidh feidhm acu maidir leis an gcomhlacht poiblí lena mbaineann,

(b) fo-ailt (2) agus (3) d'alt 9, agus

(c) cibé caighdeáin de na caighdeáin teanga iomchuí arna bhforordú ag an Aire faoi alt 19A(2), is caighdeáin a mbeidh feidhm acu maidir leis an gcomhlacht poiblí lena mbaineann.

(2) San alt seo, ciallaíonn ‘seirbhís phobal-inrochtana’ seirbhís arna tairiscint nó arna soláthar ag duine seachas comhlacht poiblí, is cuma i gcomhair luach saothair nó nach ea, don phobal i gcoitinne nó d’aicme den phobal i gcoitinne thar ceann comhlacht poiblí.”

Anótálacha:

Leasuithe:

F16

Arna chur isteach (21.12.2024) le hAcht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021 (49/2021), a. 5, I.R. Uimh. 692 de 2024.]]

Section 10

Dualgas comhlachtaí poiblí doiciméid áirithe a fhoilsiú go comhuaineach sa dá theanga oifigiúla.

10

10. —D'ainneoin aon achtacháin eile, déanfaidh comhlacht poiblí (seachas comhlacht, eagraíocht nó grúpa a bheidh forordaithe de bhun rialachán chun críocha chlásal (b) de mhír 1(5) den Chéad Sceideal) na doiciméid seo a leanas, a dhéanfaidh sé nó a dhéanfar faoina údarás, a fhoilsiú go comhuaineach i ngach ceann de na teangacha oifigiúla:

(a) aon doiciméad ina leagtar amach tograí beartais phoiblí;

(b) aon tuarascáil bhliantúil;

(c) aon chuntas iniúchta nó ráiteas airgeadais;

(d) aon ráiteas straitéise a cheanglaítear a ullmhú faoi alt 5 den Acht um Bainistíocht na Seirbhíse Poiblí 1997; agus

(e) aon doiciméad de thuairisc nó d'aicme a bheidh forordaithe de thuras na huaire, le toiliú an Aire Airgeadais agus cibé Aire eile (más ann) den Rialtas is cuí leis an Aire ag féachaint d'fheidhmeanna an Aire eile sin den Rialtas, agus is doiciméad de thuairisc nó d'aicme a bhfuil, i dtuairim an Aire, tábhacht mhór phoiblí ag baint leis.

Anótálacha:

Modhnuithe (nach n-athraíonn an téacs):

C14

Feidhmeanna arna n-aistriú agus tagairtí do “Department of Finance” agus “Minister for Finance” (29.07.2011) arna bhforléiriú le Finance (Transfer of Departmental Administration and Ministerial Functions) Order 2011 (I.R. Uimh. 418 de 2011), airt. 2, 3, 5 agus sceid. 1 cuid 2, in éifeacht de réir airt. 1(2), faoi réir forálacha idirthréimhseacha in airt. 6-9.

2. (1) The administration and business in connection with the performance of any functions transferred by this Order are transferred to the Department of Public Expenditure and Reform.

(2) References to the Department of Finance contained in any Act or instrument made thereunder and relating to the administration and business transferred by paragraph (1) shall, on and after the commencement of this Order, be construed as references to the Department of Public Expenditure and Reform.

3. The functions conferred on the Minister for Finance by or under the provisions of —

(a) the enactments specified in Schedule 1, and

(b) the statutory instruments specified in Schedule 2,

are transferred to the Minister for Public Expenditure and Reform.

...

5. References to the Minister for Finance contained in any Act or instrument under an Act and relating to any functions transferred by this Order shall, from the commencement of this Order, be construed as references to the Minister for Public Expenditure and Reform.

...

Schedule 1

Enactments

...

Part 2

1922 to 2011 Enactments

1922 to 2011 Enactments

Number and Year

Short Title

Provision

(1)

(2)

(3)

...

...

...

No. 32 of 2003

Official Languages Act 2003

Sections 4, 10, 11(3) and 27

...

...

...

Section 10A

F1[Fógraíocht ag comhlachtaí poiblí

10A

10A. (1) Cinnteoidh comhlacht poiblí—

(a) gur i nGaeilge a bheidh 20 faoin gcéad ar a laghad d’aon fhógraíocht arna déanamh ag an gcomhlacht in aon bhliain, agus

(b) go ndéanfar 5 faoin gcéad ar a laghad d’aon airgead a chaithfidh an comhlacht ar fhógraíocht in aon bhliain a úsáid chun fógraíocht a chur amach i nGaeilge trí na meáin Ghaeilge.

(2) San alt seo—

ciallaíonn ‘fógraíocht’—

(a) (a) cumarsáid tráchtála d’aon chineál a bhfuil d’aidhm léi, nó a bhfuil d’éifeacht léi, go díreach nó go neamhdhíreach, táirge nó seirbhís de chuid an chomhlachta phoiblí lena mbaineann a chur chun cinn, agus

(b) cumarsáid d’aon chineál leis an bpobal, i leith na nithe seo a leanas—

(i) foireann a earcú,

(ii) tionscnaimh reachtaíochta nó bheartais,,

(iii) talamh nó sócmhainní a cheannach nó a dhíol,

(iv) seirbhísí a sholáthar, nó

(v) comhchomhairliúchán poiblí;

ciallaíonn “meáin Ghaeilge” aon mheáin ina bhfuil 50 faoin gcéad nó níos mó d’ábhar na meán sin trí mheán na Gaeilge.

Anótálacha:

Leasuithe:

F17

Arna chur isteach (10.10.2022) le hAcht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021 (49/2021), a. 6, I.R. Uimh. 511 de 2022.]

Section 11

úsáid na dteangacha oifigiúla ag comhlachtaí poiblí.

11

11.F18[]

Anótálacha:

Leasuithe:

F18

Arna aisghairm (21.12.2024) le hAcht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021 (49/2021), a. 17, I.R. Uimh. 692 de 2024, faoi réir fóráil idirthréimhseach in a. 19.

Nótaí Eagarthóireachta:

E10

Foráil a raibh feidhm aici roimhe: feidhmeanna arna n-aistriú agus tagairtí do “Department of Finance” agus “Minister for Finance” arna bhforléiriú (29.07.2011) le Finance (Transfer of Departmental Administration and Ministerial Functions) Order 2011 (I.R Uimh. 418 de 2011), airt. 2, 3, 5 agus sceid. 1 cuid 2, in éifeacht de réir airt. 1(2), faoi réir forálacha idirthréimhseacha in airt. 6-9; alt arna aisghairm (21.12.2024) de réir F-nóta thuas.

Section 12

An tAire d'fhoilsiú treoirlínte.

12

12.F19[]

Anótálacha :

Leasuithe:

F19

Arna aisghairm (21.12.2024) le hAcht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021 (49/2021), a. 17, I.R. Uimh. 692 de 2024, faoi réir foráil idirthréimhseach in a. 19.

Section 13

Comhlacht poiblí d'ullmhú dréacht-scéime.

13

13. —(F20[].

Anótálacha:

Leasuithe:

F20

Arna aisghairm (21.12.2024) le hAcht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021 (49/2021), a. 17, I.R. Uimh. 692 de 2024, faoi réir foráil idirthréimhseach in a. 19.

Section 14

An tAire do dhaingniú dréacht~ scéimeanna.

14

14.F21[]

Anótálacha:

Leasuithe:

F21

Arna aisghairm (21.12.2024) le hAcht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021 (49/2021), a. 17, I.R. Uimh. 692 de 2024.

Nótaí Eagarthóireachta:

E11

Foráil a raibh feidhm aici roimhe: fo-alt (4) arna chur isteach (13.03.2023) le hAcht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021 (49/2021), a. 7, I.R. Uimh. 90 de 2023; alt arna aisghairm (21.12.2024) de réir F-nóta thuas.

Section 15

Athbhreithniú tréimhsiúil ar scéimeanna.

15

15.F22[]

Anótálacha:

Leasuithe:

F22

Arna aisghairm (21.12.2024) le hAcht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021 (49/2021), a. 17, I.R. Uimh. 692 de 2024, faoi réir foráil idirthréimhseach in a. 19.

Section 16

Scéimeanna a leasú.

16

16.F23[]

Anótálacha:

Leasuithe:

F23

Arna aisghairm (21.12.2024) le hAcht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021 (49/2021), a. 17, I.R. Uimh. 692 de 2024, faoi réir foráil idirthréimhseach in a. 19.

Section 17

Mainneachtain dréacht-scéim a ullmhú.

17

17.F24[]

Anótálacha:

Leasuithe:

F24

Arna aisghairm (21.12.2024) le hAcht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021 (49/2021), a. 17, I.R. Uimh. 692 de 2024.

Section 18

Dualgas scéimeanna a chur i gcrích.

18

18. —(F25[]

Anótálacha:

Leasuithe:

F25

Arna aisghairm (21.12.2024) le hAcht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021 (49/2021), a. 17, I.R. Uimh. 692 de 2024.

Section

F26[An Coiste Comhairleach a bhunú

18A. (1) Déanfaidh an tAire, le hordú, lá a cheapadh, tráth nach déanaí ná 6 mhí tar éis Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021 a rith, chun bheith ina lá bunaithe (dá ngairtear an ‘lá bunaithe’ san Acht seo) chun críocha an Achta seo..

(2) An lá bunaithe, beidh coiste arna bhunú ar a dtabharfar an Coiste Comhairleach um Sheirbhísí Gaeilge (dá ngairtear ‘an Coiste Comhairleach’ san Acht seo)..

(3) Is é nó is í an tAire a sholáthróidh rúnaíocht agus feidhmeanna feidhmiúcháin an Choiste Chomhairligh agus áireofar leo, ar iarraidh a fháil ó chomhalta den Choiste Comhairleach nó de réir mar is cuí leis an Aire, saoráidí chun ateangaireacht chomhuaineach nó chomhleanúnach ó theanga oifigiúil amháin go dtí an teanga oifigiúil eile a dhéanamh ar imeachtaí de chuid an choiste.

(4) Déanfar ordú faoi fho-alt (1) a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus, má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den 21 lá a shuífidh an Teach sin tar éis an t-ordú a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an ordaithe, beidh an t-ordú ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú.]

Anótálacha:

Leasuithe:

F26

Arna chur isteach (20.06.2022) le hAcht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021 (49/2021), a. 8, I.R. Uimh. 313 de 2022, airt. 2(c).

Modhnuithe (nach n-athraíonn an téacs):

Nótaí Eagarthóireachta:

E12

Cumhacht de bhun fho-alt (1) arna feidhmiú (20.06.2022) leis an Ordú um Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 (An Lá Bunaithe) 2022 (I.R. Uimh. 312 de 2022).

Section 18B

F27[Comhaltas an Choiste Chomhairligh

18B

18B. (1) Is iad a bheidh ar an gCoiste Comhairleach na comhaltaí seo a leanas—

(a) Cathaoirleach, agus

(b) líon gnáthchomhaltaí nach lú ná 5 ná nach mó ná 10,

agus is é nó is í an tAire a cheapfaidh gach duine acu.

(2) Déanfaidh an tAire aon chomhalta amháin den Choiste Comhairleach a shainainmniú mar Chathaoirleach, agus is duine atá inniúil i nGaeilge an duine arna shainainmniú nó arna sainainmniú amhlaidh..

(3) Áireofar ar ghnáthchomhaltaí an Choiste Chomhairligh—

(a) aon chomhalta amháin a bheidh ainmnithe ag an Aire mar ionadaí don Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta,

(b) aon chomhalta amháin a bheidh ainmnithe ag an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe mar ionadaí don Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe,

(c) aon chomhalta amháin a bheidh ainmnithe ag an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí mar ionadaí don tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí,

(d) 6 chomhalta eile ar a mhéid a bheidh ainmnithe ag comhlachtaí poiblí mar ionadaithe do na comhlachtaí poiblí sin is cuí leis an Aire,

(e) aon chomhalta amháin a bheidh inniúil i nGaeilge agus a bheidh ainmnithe ag an Aire, tar éis próiseas arna bhunú ag an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí, mar ionadaí do Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta, agus

(f) aon chomhalta amháin a bheidh inniúil i nGaeilge agus a bheidh ainmnithe ag an Aire, tar éis próiseas arna bhunú ag an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí, mar ionadaí do limistéir den Stát nach Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta.

(4) Beidh comhalta den Choiste Comhairleach faoi réir cibé téarmaí agus coinníollacha, agus íocfar leis nó léi cibé liúntais i leith caiteachas, a chinnfidh an tAire, le toiliú an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe.

(5) Más rud é go bhfuil an Cathaoirleach neamhábalta ar chúis ar bith gníomhú mar Chathaoirleach, féadfaidh an tAire comhalta eile den Choiste Comhairleach a shainainmniú chun gníomhú mar Chathaoirleach.

(6) Sealbhóidh comhalta den Choiste Comhairleach oifig ar feadh cibé tréimhse, nach faide ná 6 bliana ó dháta a cheaptha nó a ceaptha, a chinnfidh an tAire.

(7) Faoi réir  fho-alt (8), beidh comhalta den Choiste Comhairleach a rachaidh a théarma oifige nó a téarma oifige in éag trí imeacht aimsire in-athcheaptha chun an Choiste Chomhairligh.

(8) Aon chomhalta den Choiste Comhairleach a mbeidh fónta aige nó aici ar feadh 2 théarma oifige as a chéile, ní bheidh sé nó sí in-athcheaptha chun an Choiste Chomhairligh go dtí go mbeidh tréimhse 6 bliana caite tar éis dheireadh an dara téarma as a chéile.

(9) Féadfaidh comhalta den Choiste Comhairleach éirí as an gCoiste Comhairleach trí litir a bheidh dírithe chuig an Aire, agus beidh éifeacht leis an éirí as ar an dáta a bheidh sonraithe sa litir, nó ar an dáta ar a bhfaighidh an tAire an litir, cibé acu is déanaí.

(10) Féadfaidh an tAire, aon tráth, comhalta den Choiste Comhairleach a chur as comhaltas den Choiste Comhairleach más rud é, i dtuairim an Aire, go bhfuil an comhalta tar éis éirí éagumasach, de dheasca easláinte, ar a fheidhmeanna nó a feidhmeanna a chomhlíonadh, nó gur mhí-iompair an comhalta é féin nó í féin mar a bheidh sonraithe, nó gur dealraitheach don Aire gur gá é nó í a chur as comhaltas chun go gcomhlíonfaidh an Coiste Comhairleach a fheidhmeanna go héifeachtach.

(11) Scoirfidh comhalta den Choiste Comhairleach de bheith, agus beidh sé nó sí dícháilithe chun bheith, ina chomhalta nó ina comhalta den Choiste Comhairleach más rud é, maidir leis an gcomhalta sin—

(a) ar é nó í a chiontú ar díotáil ag cúirt dlínse inniúla, go ngearrfar téarma príosúnachta air nó uirthi, nó

(b) go bhfuil sé nó sí, nó go measfar é nó í a bheith, faoi réir ordú dícháilíochta, de réir bhrí Chaibidil 4 de Chuid 14 d’Acht na gCuideachtaí, 2014, cibé acu de bhua na Caibidle sin nó de bhua aon fhoráil eile den Acht sin.

(12) Is é nó is í an tAire a chinnfidh nósanna imeachta an Choiste Chomhairligh.]

Anótálacha:

Leasuithe:

F27

Arna chur isteach (20.06.2022) le hAcht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021 (49/2021), a. 8, I.R. Uimh. 313 de 2022, airt. 2(c).

Section 18C

F28[Feidhmeanna an Choiste Chomhairligh

18C

18C. (1)  Déanfaidh an Coiste Comhairleach

(a)  a luaithe is féidir ach tráth nach déanaí ná 2 bhliain tar éis an lae bunaithe, Plean Náisiúnta (dá ngairtear an ‘Plean Náisiúnta’ san Acht seo), maidir le soláthar seirbhísí poiblí trí mheán na Gaeilge ar feadh tréimhse a bheidh sonraithe sa Phlean Náisiúnta (is tréimhse nach faide ná 6 bliana), a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Aire lena cheadú d’fhonn na nithe seo a leanas a dhéanamh—

(i) seirbhísí a shainaithint is seirbhísí a sholáthraíonn comhlacht poiblí nó aicme comhlachtaí poiblí agus nach soláthraítear trí mheán na Gaeilge agus ar i ndáil leo atá an Coiste Comhairleach den tuairim gur chóir caighdeán teanga a fhorordú faoi alt alt 19A(2), agus

(ii) straitéisí a shonrú, ar feadh na tréimhse lena mbaineann an Plean Náisiúnta, is straitéisí a fhéadfaidh comhlachtaí poiblí a úsáid (lena n-áirítear an chaoi a mbainfear an úsáid is fearr as acmhainní atá ar fáil do na comhlachtaí) ionas go bhféadfar seirbhísí de chuid na gcomhlachtaí poiblí lena mbaineann nach soláthraítear trí mheán na Gaeilge a sholáthar amhlaidh,

(b) comhairle a thabhairt do chomhlachtaí poiblí maidir leis an gcaoi a bhféadfar seirbhísí nach soláthraíonn na comhlachtaí trí mheán na Gaeilge a sholáthar amhlaidh, lena n-áirítear an méid seo a leanas—

(i) comhairle maidir leis an líon foirne agus leis an ngrád foirne atá inniúil i nGaeilge a mbeadh gá ag an gcomhlacht leo chun na seirbhísí sin a sholáthar trí mheán na Gaeilge,

(ii) ag féachaint don chuspóir dá dtagraítear i bhfo-alt (3)(b), moltaí maidir leis an gcaoi a méadófar an líon foirne atá inniúil i nGaeilge, agus

(iii) comhairle maidir leis an leibhéal inniúlachta, ag féachaint don chóras caighdeán ar a dtugtar an Creat Comhchoiteann Tagartha Eorpach le haghaidh Teangacha, is gá a bheith ag duine chun go soláthróidh sé nó sí na seirbhísí sin trí mheán na Gaeilge,

(c) cibé taighde a sheoladh, nó a choimisiúnú go seolfar cibé taighde, is cuí leis an gCoiste Comhairleach d’fhonn a fheidhmeanna a chomhlíonadh faoi mhíreanna (a) agus (b), agus

(d) gach 5 bliana tar éis an lae bunaithe, suirbhé ar an leibhéal inniúlachta i nGaeilge atá ag foireann comhlachtaí poiblí a sheoladh agus a chur faoi bhráid an Aire, agus áireofar na nithe seo a leanas i suirbhé den sórt sin:

(i) an líon iomlán foirne de chuid comhlachtaí poiblí atá inniúil i nGaeilge;

(ii) an líon iomlán foirne de chuid comhlachtaí poiblí a bhfuil cúrsa oiliúna Gaeilge déanta acu;;

(iii) an líon iomlán foirne de chuid comhlachtaí poiblí a labhraíonn an Ghaeilge san ionad oibre, cibé acu le linn dóibh a gcuid dualgas a chomhall nó ar shlí eile, agus a mhinice a labhraíonn siad an Ghaeilge.

(2) Ullmhóidh an Coiste Comhairleach gach Plean Náisiúnta dá éis sin tráth nach luaithe ná 6 mhí, agus nach déanaí ná 3 mhí, roimh dheireadh na tréimhse a bheidh sonraithe sa Phlean Náisiúnta agus beidh feidhm ag alt 18D , fara aon mhodhnuithe is gá, i ndáil le gach Plean Náisiúnta dá éis sin amhail is dá mba thagairt do Phlean Náisiúnta dá éis sin aon tagairt don Phlean Náisiúnta san alt sin.

(3) Le linn dó a fheidhmeanna a chomhlíonadh faoin Acht seo, beidh aird ag an gCoiste Comhairleach ar na cuspóirí seo a leanas—

(a) na seirbhísí a sholáthraíonn comhlachtaí poiblí trí mheán na Gaeilge a mhéadú, ag féachaint go háirithe do sheirbhísí a sholáthraíonn comhlachtaí poiblí i Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta, i mBailte Seirbhíse Gaeltachta agus i Líonraí Gaeilge, agus

(b) an líon foirne de chuid comhlachtaí poiblí atá inniúil i nGaeilge a mhéadú ionas go mbeidh, a luaithe is indéanta tar éis an lae bunaithe, ach tráth nach déanaí ná an 31 Nollaig 2030, 20 faoin gcéad ar a laghad den fhoireann a earcófar chuig comhlachtaí poiblí inniúil amhlaidh.

(4) Beidh ag an gCoiste Comhairleach na cumhachtaí sin go léir is gá nó is fóirsteanach chun a fheidhmeanna a chomhlíonadh.]

Anótálacha:

Leasuithe:

F28

Arna chur isteach (20.06.2022) le hAcht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021 (49/2021), a. 8, I.R. Uimh. 313 de 2022, airt. 2(c).

Section 18D

F29[Dualgas an Aire i leith Plean Náisiúnta arna ullmhú faoi alt 18C

18D

18D. (1) Déanfaidh an tAire—

(a) laistigh de 3 mhí ón bPlean Náisiúnta a fháil faoi alt 18C(1)(a)

(i) an Plean Náisiúnta a cheadú gan mhodhnú nó fara cibé modhnuithe is cuí leis nó léi,

(ii) an dáta ar ar chóir don Phlean Náisiúnta teacht i ngníomh a shonrú, agus

(iii) an Plean Náisiúnta a chur faoi bhráid an Rialtais, agus

(b) a luaithe is féidir ina dhiaidh sin—

(i) a chur faoi deara cóipeanna den Phlean Náisiúnta a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas, agus

(ii) pcóip den Phlean Náisiúnta a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin na Roinne Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta.

(2) Féadfaidh an tAire, de réir mar is cuí leis nó léi, a iarraidh ar chomhlacht poiblí, a mbeidh seirbhísí sainaitheanta ina leith sa Phlean Náisiúnta mar sheirbhísí a sholáthraíonn an comhlacht lena mbaineann nach bhfuil á soláthar trí mheán na Gaeilge, tuarascáil a thabhairt don Aire i ndáil leis an dul chun cinn atá déanta ag an gcomhlacht chun na seirbhísí a sholáthar amhlaidh agus chun an Plean a chur i ngníomh, agus is é nó is í an tAire a bheidh freagrach as comhordú a dhéanamh ar chur i ngníomh an Phlean ag na comhlachtaí poiblí sin go léir.]

Anótálacha:

Leasuithe:

F29

Arna chur isteach (20.06.2022) le hAcht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021 (49/2021), a. 8, I.R. Uimh. 313 de 2022, airt. 2(c).

Section 18E

F30[Comhlachtaí poiblí i Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta

18E

18E. Déanfaidh an tAire, le hordú, laistigh de 3 mhí ón tráth a dhéanfar an Plean Náisiúnta a chur faoi bhráid an Rialtais faoi alt 18D(1)(a)(iii)agus aird aige nó aici ar an bPlean Náisiúnta

(a) an dáta a shonrú faoina dtiocfaidh an Ghaeilge chun bheith ina teanga oibre in oifigí, i Limistéar Pleanála Teanga Gaeltachta, comhlachta phoiblí nó aicme comhlachtaí poiblí agus féadfar dátaí éagsúla a shonrú i leith Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta éagsúla, agus

(b) an dáta a shonrú faoina ndéanfar na seirbhísí go léir arna soláthar ag comhlacht poiblí nó ag aicme comhlachtaí poiblí i Limistéar Pleanála Teanga Gaeltachta (lena n-áirítear seirbhísí den sórt sin arna soláthar ag comhlacht poiblí nó ag aicme comhlachtaí poiblí ó áit lasmuigh den Limistéar Pleanála Teanga Gaeltachta) a sholáthar trí mheán na Gaeilge agus féadfar dátaí éagsúla a shonrú i leith Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta éagsúla.]

Anótálacha:

Leasuithe:

F30

Arna chur isteach (20.06.2022) le hAcht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021 (49/2021), a. 8, I.R. Uimh. 313 de 2022, airt. 2(c).

Section 18F

F31[Tuarascáil an Choiste Chomhairligh

18F

18F. (1) Déanfaidh an Coiste Comhairleach, tráth nach déanaí ná an 30 Meitheamh gach bliain, tuarascáil ar dhul chun cinn a sholáthar don Aire agus don Choimisinéir maidir lena chuid oibre le linn na bliana roimhe sin nó, i gcás na chéad tuarascála ar dhul chun cinn uaidh, maidir lena chuid oibre ón lá bunaithe suas go dtí an 31 Nollaig an bhliain ina dhiaidh sin agus an lá sin san áireamh.

(2) D’ainneoin fho-alt (1), féadfaidh an Coiste Comhairleach, ó am go ham, cibé faisnéis maidir le comhlíonadh a fheidhmeanna a mheasfaidh sé is cuí a thabhairt don Aire agus tabharfaidh sé don Aire aon fhaisnéis maidir le comhlíonadh a fheidhmeanna a iarrfaidh an tAire.

(3) Déanfaidh an Coimisinéir, laistigh de 6 mhí ón tuarascáil dá dtagraítear i bhfo-alt (1)a fháil, tráchtaireacht ar an tuarascáil a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Aire.

(4)  Déanfaidh an tAire, laistigh de 3 mhí ón tráchtaireacht dá dtagraítear i bhfo-alt (3)a fháil, an tráchtaireacht agus an tuarascáil dá dtagraítear i bhfo-alt (1) a chur faoi bhráid an Rialtais agus, a luaithe is féidir ina dhiaidh sin—

(a) a chur faoi deara cóipeanna den tuarascáil agus den tráchtaireacht a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas, agus

(b) cóipeanna den tuarascáil agus den tráchtaireacht a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin na Roinne Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta.]

Anótálacha:

Leasuithe:

F31

Arna chur isteach (20.06.2022) le hAcht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021 (49/2021), a. 8, I.R. Uimh. 313 de 2022, airt. 2(c).

Section 19

Toirmeasc ar chomhlachtaí poiblí d'fhorchur muirear.

19

19. —Ní dhéanfaidh comhlacht poiblí aon mhuirear a fhorchur ar aon duine de bhua aon cheanglais a fhorchuirtear ar an gcomhlacht sin leis an Acht seo.

Section 19A

F32[Caighdeáin teanga

19A

19A. (1) D’fhonn caighdeáin teanga a fhorordú, is caighdeáin teanga a mbeidh feidhm acu maidir le comhlacht poiblí nó maidir le haicme comhlachtaí poiblí chun úsáid na Gaeilge a chur chun cinn chun críoch oifigiúil sa Stát, féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire den Rialtas a bhfuil feidhmeanna dílsithe dó nó di i ndáil leis an gcomhlacht nó le gach ceann de na comhlachtaí san aicme comhlachtaí poiblí, an comhlacht poiblí nó an aicme comhlachtaí poiblí a fhorordú chun críocha an ailt seo.

(2) Féadfaidh an tAire caighdeáin teanga a fhorordú, is caighdeáin teanga a mbeidh feidhm acu maidir le comhlacht poiblí nó maidir le haicme comhlachtaí poiblí a fhorordófar faoi fho-alt (1), agus féadfaidh feidhm a bheith ag caighdeáin éagsúla maidir le comhlachtaí poiblí éagsúla nó maidir le haicmí éagsúla comhlachtaí poiblí.

(3) Maidir le caighdeáin teanga a fhorordófar faoi fho-alt (2), féadfaidh caighdeáin a bheith ar áireamh iontu lena sonrófar an méid seo a leanas—

(a) seirbhísí a bheidh le soláthar, trí mheán na Gaeilge, ag an gcomhlacht poiblí nó ag an aicme comhlachtaí poiblí lena mbaineann,

(b) seirbhísí a bheidh le soláthar, trí mheán na Gaeilge agus an Bhéarla araon, ag an gcomhlacht poiblí nó ag an aicme comhlachtaí poiblí lena mbaineann,

(c) an leibhéal inniúlachta i nGaeilge is gá a bheith ag foireann de chuid an chomhlachta phoiblí nó de chuid na haicme comhlachtaí poiblí lena mbaineann chun an méid seo a leanas a dhéanamh—

(i) a chumasú don chomhlacht poiblí nó don aicme comhlachtaí poiblí míreanna (a) agus (b)a chomhlíonadh, agus

(ii) a chumasú d’fhoireann de chuid gach ceann de na comhlachtaí poiblí lena mbaineann cumarsáid a dhéanamh, laistigh den chomhlacht sin, le foireann eile de chuid an chomhlachta—

(I) trí mheán na Gaeilge, nó

(II) trí mheán na Gaeilge agus an Bhéarla araon,

agus

(d) i gcás go bhfuil seirbhís, clár nó beartas á seachadadh nó á sheachadadh nó á cur i ngníomh nó á chur i ngníomh ag comhlacht poiblí nó ag aicme comhlachtaí poiblí, nó go mbeartaíonn comhlacht poiblí nó aicme comhlachtaí poiblí seirbhís, clár nó beartas a sheachadadh nó a chur i ngníomh, i Limistéar Pleanála Teanga Gaeltachta, i mBaile Seirbhíse Gaeltachta nó i Líonra Gaeilge, a mhéid a chuirfear i gcuntas an tionchar teanga ar an Limistéar Pleanála Teanga Gaeltachta, ar an mBaile Seirbhíse Gaeltachta nó ar an Líonra Gaeilge lena mbaineann maidir le seachadadh nó cur i ngníomh na seirbhíse, an chláir nó an bheartais sin.

(4) Le linn dó nó di caighdeáin teanga a fhorordú faoi fho-alt (2) , beidh aird ag an Aire ar an méid seo a leanas—

(a) na seirbhísí a sholáthraíonn an comhlacht trí mheán na Gaeilge,

(b) aon scéim a bheidh i bhfeidhm i leith an chomhlachta faoi alt 14,

(c) aon chaighdeán teanga a fhorordófar faoin alt seo, is caighdeán teanga a mbeidh feidhm aige maidir leis an gcomhlacht,

(d) a mhéid a idirghníomhaíonn an comhlacht poiblí nó an aicme comhlachtaí poiblí lena mbaineann leis an bpobal i gcoitinne nó le haicme den phobal i gcoitinne,

(e) a mhéid a fhéadfaidh seirbhís, clár nó beartas arna seachadadh nó arna sheachadadh nó arna cur i ngníomh nó arna chur i ngníomh, nó a bheidh le seachadadh nó le cur i ngníomh, ag comhlacht poiblí nó ag aicme comhlachtaí poiblí difear a dhéanamh don phobal i gcoitinne nó d’aicme den phobal i gcoitinne i Limistéar Pleanála Teanga Gaeltachta, i mBaile Seirbhíse Gaeltachta nó i Líonra Gaeilge, agus aird ar leith ar Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta,

(f) aon bharúlacha a gheobhaidh sé nó sí faoi fho-alt (6)(c)(d), agus

(g) seirbhísí a shainaithneofar sa Phlean Náisiúnta.

(5) Cinnteoidh an tAire, le linn dó nó di caighdeáin teanga a fhorordú faoi fho-alt (2), nach mbeidh d’éifeacht le caighdeán a bheidh le forordú a cheangal ar an gcomhlacht poiblí lena mbaineann líon níos lú seirbhísí a sholáthar trí mheán na Gaeilge ná an líon arna sholáthar ag an gcomhlacht (de dheoin an chomhlachta féin, de bhun scéim a bheidh i bhfeidhm i leith an chomhlachta faoi alt 14 nó de bhun caighdeán teanga arna fhorordú faoin alt seo) roimh an gcaighdeán a fhorordú.

(6) Sula ndéanfaidh an tAire caighdeáin teanga a fhorordú faoi fho-alt (2)

(a) rachaidh sé nó sí i gcomhairle—

(i) le cibé Aire eile den Rialtas is cuí leis an Aire, ag féachaint d’fheidhmeanna an Aire eile sin, agus

(ii) le cibé comhlacht poiblí is cuí leis an Aire,

(b) lorgóidh sé nó sí comhairle an Choiste Chomhairligh,

(c) déanfaidh sé nó sí dréacht de na caighdeáin a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin na Roinne Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta agus 3 mhí, ón dáta foilsithe, a thabhairt don phobal i gcoitinne chun barúlacha, i scríbhinn, a sholáthar don Aire ar na dréachtchaighdeáin, agus

(d) rachaidh sé nó sí i dteagmháil le gach comhlacht poiblí a mbeidh feidhm ag caighdeán maidir leis lena chur in iúl go bhféadfaidh an comhlacht, laistigh de 3 mhí ó dháta foilsithe na ndréachtchaighdeán faoi mhír (c), a bharúlacha ar na dréachtchaighdeáin a sholáthar don Aire.

(7) Féadfaidh an tAire, i gcás gur cuí leis nó léi déanamh amhlaidh, an tréimhse dá dtagraítear i bhfo-alt (6)(c)(d) a fhadú.

(8) Déanfaidh an tAire cóip de chaighdeáin teanga a fhorordófar faoi fho-alt (2) a chur ar aghaidh chuig an gCoimisinéir.

(9) (a) Déanfaidh an tAire, ó am go ham ach uair amháin ar a laghad gach 5 bliana, athbhreithniú ar chaighdeáin teanga a fhorordófar faoi fho-alt (2).

(b) Le linn dó nó di an t-athbhreithniú dá dtagraítear i mír (a), lorgóidh an tAire comhairle an Choiste Chomhairligh.

(10) D’ainneoin an ailt seo, féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, a ordú do chomhlacht poiblí, i ndáil leis na seirbhísí sin dá chuid a sheachadtar trí mheán an Bhéarla amháin, plean a tharraingt suas chun na seirbhísí sin a sheachadadh trí mheán na Gaeilge freisin, mar aon le meastachán a thabhairt ar an tréimhse ama is gá chun an plean a chur i ngníomh.]

Anótálacha:

Leasuithe:

F32

Arna chur isteach (13.03.2023) le hAcht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021 (49/2021), a. 9, I.R. Uimh. 90 de 2023.

Section 19B

F27[Dualgas caighdeáin teanga a chomhlíonadh

19B

19B.(1) I gcás go mbeidh caighdeán teanga forordaithe, faoi alt 19A(2), ag an Aire, is caighdeán teanga a mbeidh feidhm aige maidir le comhlacht poiblí, déanfaidh an comhlacht, mura mbeidh maolú deonaithe agus go dtí go mbeidh maolú deonaithe i leith an chaighdeáin nó i leith cuid den chaighdeán, an caighdeán, nó cuid den chaighdeán, de réir mar a bheidh, a chomhlíonadh.

(2) Ní fhorléireofar aon ní i gcaighdeán teanga a fhorordófar faoi alt 19A(2), is caighdeán teanga a mbeidh feidhm aige maidir le comhlacht poiblí, mar ní a thoirmisceann ar chomhlacht poiblí bearta breise a chur i ngníomh chun stádas na Gaeilge a chur chun cinn laistigh dá eagraíocht.]

Anótálacha:

Leasuithe:

F33

Arna chur isteach (13.03.2023) le hAcht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021 (49/2021), a. 9, I.R. Uimh. 90 de 2023.

Section

F34[Maolú ar chaighdeáin teanga

19C. (1) Laistigh de 3 mhí tar éis caighdeán teanga a fhorordú, is caighdeán teanga a mbeidh feidhm aige maidir leis an gcomhlacht faoi alt 19A(2), féadfaidh comhlacht poiblí iarratas a dhéanamh, i scríbhinn, chuig an Aire chun maolú a lorg ar an gcaighdeán nó ar chuid den chaighdeán.

(2) Beidh na nithe seo a leanas in iarratas faoi fho-alt (1)

(a) ráiteas ina leagfar amach na cúiseanna go measann an comhlacht nach mbeidh sé in ann an caighdeán teanga, nó cuid den chaighdeán, de réir mar a bheidh, a chomhlíonadh mar gheall ar na nithe seo a leanas—

(i) gan dóthain foirne de chuid an chomhlachta, ag a mbeidh an leibhéal inniúlachta is gá i nGaeilge, a bheith ar fáil, go háirithe i suíomhanna geografacha iargúlta,

(ii) mainneachtain ag an gcomhlacht, d’ainneoin iarrachtaí réasúnacha agus sásúla, foireann ag a mbeidh an leibhéal inniúlachta is gá i nGaeilge a earcú, nó

(iii) neamh-chomhoiriúnacht na gcóras láithreach teicneolaíochta faisnéise nó na gcóras láithreach eile atá ag an gcomhlacht i ndáil leis an gcomhlacht do chomhlíonadh an chaighdeáin bheartaithe, mar gheall ar chumraíocht láithreach na gcóras sin,

(b) plean lena dtabharfar sracléiriú ar an ngníomh a dhéanfaidh an comhlacht—

(i) chun aon éifeachtaí dochracha ar an bpobal i gcoitinne nó ar aicme den phobal i gcoitinne a laghdú, a mhéid is féidir, de réir mar is cuí, de thoradh an maolú a dheonú, agus

(ii) chun a chumasú dó an caighdeán beartaithe a chomhlíonadh ar dháta sonraithe sa todhchaí,

agus

(c) aon fhaisnéis eile a mheasann an comhlacht is iomchuí maidir leis an iarratas.

(3) Le linn dó nó di breithniú a dhéanamh i dtaobh maolú a dheonú faoin alt seo, beidh aird ag an Aire ar na nithe seo a leanas—

(a) an ráiteas, an plean agus aon fhaisnéis eile a chuirfear faoi bhráid an Aire faoi fho-alt (2), agus

(b) aon ní eile a mheasann an tAire is iomchuí.

(4) Le linn dó nó di breithniú a dhéanamh i dtaobh maolú a dheonú faoin alt seo, féadfaidh an tAire dul i gcomhairle leis an gcomhlacht poiblí lena mbaineann nó le cibé duine eile is cuí leis an Aire.

(5) Faoi réir fho-alt (6), déanfaidh an tAire, laistigh de 3 mhí ón iarratas dá dtagraítear i bhfo-alt (1)a fháil, nó cibé tréimhse bhreise nach faide ná 6 mhí, maolú ar an gcaighdeán teanga lena mbaineann, nó ar chuid den chaighdeán lena mbaineann, a dheonú nó diúltú an céanna a dheonú.

(6) Ní dhéanfaidh an tAire maolú a dheonú faoin alt seo i gcás go mbeadh d’éifeacht leis, dá ndéanfaí amhlaidh, a cheangal ar an gcomhlacht poiblí lena mbaineann líon níos lú seirbhísí a sholáthar trí mheán na Gaeilge ná an líon arna sholáthar ag an gcomhlacht (de dheoin an chomhlachta féin, de bhun scéim a bheidh i bhfeidhm faoi alt 14 nó de bhun caighdeán teanga arna fhorordú faoi alt 19A) roimh an gcaighdeán, ar ina leith a bheidh an t-iarratas faoi fho-alt (1) déanta, a fhorordú.

(7) (a) Féadfaidh an tAire cibé coinníollacha is cuí, i dtuairim an Aire, a chur ag gabháil le maolú a dheonófar faoin alt seo.

(b) Faoi réir fho-alt (8), féadfaidh an tAire tréimhse a shonrú, is tréimhse nach faide ná 3 bliana, ar i ndáil léi a bheidh feidhm ag maolú, agus ar ina diaidh a bheidh feidhm ag an gcaighdeán teanga nó ag an gcuid den chaighdeán, ar ina leith a bheidh an maolú deonaithe, maidir leis an gcomhlacht poiblí lena mbaineann.

(8) Féadfaidh an tAire, más cuí leis nó léi déanamh amhlaidh, an tréimhse, ar ar a feadh a bheidh feidhm ag maolú a dheonófar faoin alt seo, a fhadú ar feadh tréimhse bhreise nach faide ná 2 bhliain.

(9) Aon chomhlacht poiblí a mbeidh maolú deonaithe dó, tabharfaidh sé tuarascáil don Aire laistigh de 12 mhí ón maolú a dheonú nó cibé tréimhse is giorra ná sin a shonróidh an tAire i gcoinníoll a bheidh ag gabháil leis an maolú, agus tráth nach déanaí ná deireadh gach tréimhse 12 mhí ina dhiaidh sin go dtí go rachaidh an maolú in éag, chun sracléiriú a thabhairt ar an ngníomh a bheidh déanta ag an gcomhlacht le linn na tréimhse sin ionas go bhféadfaidh an comhlacht an caighdeán teanga beartaithe a chomhlíonadh faoi dháta sonraithe sa todhchaí.]

Anótálacha:

Leasuithe:

F34

Arna chur isteach (13.03.2023) le hAcht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021 (49/2021), a. 9, I.R. Uimh. 90 de 2023.

Section 19D

F35[Treoirlínte i leith caighdeáin teanga

19D

19D. (1) Féadfaidh an tAire treoirlínte a eisiúint chun treoir phraiticiúil a sholáthar do chomhlachtaí poiblí maidir leis na comhlachtaí sin do chomhlíonadh caighdeáin teanga a fhorordófar faoi alt 19A(2).

(2) Déanfaidh an tAire, a luaithe is indéanta, aon treoirlínte a eiseofar faoi fho-alt (1)  a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin na Roinne Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta.]

Anótálacha:

Leasuithe:

F35

Arna chur isteach (13.03.2023) le hAcht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021 (49/2021), a. 9, I.R. Uimh. 90 de 2023.

CUID 4

An Coimisinéir Teanga

Section 20

Oifig Choimisinéir na dTeangacha Oifigiúla a bhunú.

20

20. —(1) Bunaítear oifig ar a dtabharfar Oifig Choimisinéir na dTeangacha Oifigiúla agus tabharfar An Coimisinéir Teanga ar shealbhóir na hoifige agus gairtear an Coimisinéir de nó di san Acht seo.

(2) Beidh an Coimisinéir neamhspleách i gcomhlíonadh a fheidhmeanna nó a feidhmeanna.

(3) Is é nó is í an tUachtarán a dhéanfaidh duine a cheapadh mar Choimisinéir, ar chomhairle an Rialtais tar éis do Dháil éireann agus do Sheanad éireann rún a rith ag moladh an duine a cheapadh.

(4) Beidh éifeacht le forálacha an Dara Sceideal i ndáil leis an gCoimisinéir.

Anótálacha:

Nótaí Eagarthóireachta:

E13

Cumhacht de bhun ailt agus sceid. 2 arna feidhmiú (23.02.2004) le Scéim Aoisliúntais an Choimisinéara Teanga 2009 (I.R. Uimh. 580 de 2009), airt. 2

E14

Cumhacht de bhun ailt agus sceid. 2 arna feidhmiú (23.02.2004) le Scéim Pinsean Ranníocach an Choimisinéara Teanga do Chéilí agus Leanaí 2009 (I.R. Uimh. 579 de 2009), airt. 2

Section 21

Feidhmeanna an Choimisinéara.

21

21. —Is iad feidhmeanna an Choimisinéara, i dteannta aon fheidhmeanna a thugtar dó nó di le haon fhoráil eile den Acht seo—

(a) faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh fhorálacha an Achta seo ag comhlachtaí poiblí,

F36[(aa) faireachán a dhéanamh, más cuí leis nó léi déanamh amhlaidh, ar chomhlíonadh aon achtacháin eile ag comhlachtaí poiblí, is achtachán a bhaineann le stádas nó úsáid teanga oifigiúla,]

(b) gach beart riachtanach atá faoi réim a údaráis nó a húdaráis a dhéanamh chun a chinntiú go gcomhlíonfaidh comhlachtaí poiblí forálacha an Achta seo,

(c) imscrúduithe a dhéanamh, cibé acu ar a thionscnamh nó ar a tionscnamh féin, ar iarraidh ón Aire nó de bhun gearán a bheidh déanta leis nó léi ag aon duine, maidir le haon mhainneachtain ag comhlacht poiblí forálacha an Achta seo a chomhlíonadh, ar mainneachtain í ar dóigh leis nó léi nó, de réir mar is cuí, leis an Aire, gur féidir gur tharla sí,

(d) comhairle nó cúnamh eile a sholáthar, de réir mar is cuí leis nó léi, don phobal maidir lena gcearta faoin Acht seo,

(e) comhairle nó cúnamh eile a sholáthar, de réir mar is cuí leis nó léi, do chomhlachtaí poiblí maidir lena n-oibleagáidí faoin Acht seo, agus

(f) imscrúdú a dhéanamh, cibé acu ar a thionscnamh nó ar a tionscnamh féin, ar iarraidh ón Aire nó de bhun gearán a bheidh déanta leis nó léi ag aon duine, chun a fháil amach an amhlaidh nach raibh nó nach bhfuil aon fhoráil d'aon achtachán eile a bhaineann le stádas nó le húsáid teanga oifigiúla á comhlíonadh.

Annotations

Leasuithe:

F36

Arna chur isteach (13.03.2023) le hAcht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021 (49/2021), a. 10, I.R. Uimh. 90 de 2023.

Section 22

Cumhachtaí an Choimisinéara.

22

22. —(1)   (a) Chun críche a fheidhmeanna nó a feidhmeanna faoin Acht seo, féadfaidh an Coimisinéir a cheangal ar aon duine a bhfuil, i dtuairim an Choimisinéara, faisnéis aige nó aici, nó a bhfuil cumhacht nó rialú aige nó aici ar thaifead nó ar rud, a bhaineann leis na críocha réamhráite, aon fhaisnéis, taifead nó rud den sórt sin a thabhairt don Choimisinéir agus, más cuí, féadfaidh sé nó sí a cheangal ar an duine freastal os a chomhair nó os a comhair chun na críche sin, agus comhlíonfaidh an duine an ceanglas.

(b) Níl feidhm ag mír (a) den fho-alt seo maidir le faisnéis nó le cibé méid de thaifead a bhaineann le cinntí agus le himeachtaí de chuid an Rialtais nó de chuid aon choiste de chuid an Rialtais agus chun críocha na míre seo is deimhniú críochnaitheach deimhniú a thabharfaidh Ard-Rúnaí an Rialtais á dheimhniú go bhfuil aon fhaisnéis nó taifead nó cuid de thaifead bainteach amhlaidh.

(2) Faoi réir fho-alt (3), ní chuirfidh aon achtachán nó riail dlí lena dtoirmisctear nó lena sriantar faisnéis a nochtadh nó a chur in iúl cosc ar dhuine aon fhaisnéis nó taifead den sórt sin, mar a dúradh, a thabhairt don Choimisinéir.

(3) Faoi réir fhorálacha an Achta seo, beidh duine a mbeidh ceanglas dírithe chuige nó chuici faoin alt seo i dteideal na ndíolúintí agus na bpribhléidí céanna a mbeadh sé nó sí ina dteideal dá mba fhinné os comhair na hArd-Chúirte é nó í.

(4) Aon duine a mhainneoidh nó a dhiúltóidh ceanglas faoin alt seo a chomhlíonadh nó a chuirfidh treampán nó bac ar an gCoimisinéir le linn a fheidhmeanna nó a feidhmeanna a chomhlíonadh faoin alt seo, beidh sé nó sí ciontach i gcion agus dlífear ar é nó í a chiontú go hachomair fíneáil nach mó ná €2,000 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 6 mhí, nó iad araon, a chur air nó uirthi.

(5) I gcás cion faoi fho-alt (4) a bheith déanta ag comhlacht cor~ praithe agus go gcruthófar go ndearnadh é le toiliú nó le cúlcheadú, nó gur éascaíodh é a dhéanamh le haon fhaillí ar thaobh, aon duine is stiúrthóir, bainisteoir, rúnaí nó oifigeach eile den tsamhail sin de chuid an chomhlachta, nó duine a d'airbheartaigh a bheith ag gníomhú in aon cháil den sórt sin, beidh an t-oifigeach nó an duine sin, chomh maith leis an gcomhlacht sin, ciontach i gcion agus dlífear imeachtaí a thionscnamh ina choinne nó ina coinne agus é nó í a phionósú amhail is dá mbeadh sé nó sí ciontach sa chion céadluaite.

(6) Féadfaidh an Coimisinéir imeachtaí i leith ciona faoin alt seo a thionscnamh agus a thabhairt ar aghaidh.

(7) Féadfaidh an Coimisinéir, más cuí leis nó léi, íocaíochtaí mar a leanas a íoc le haon duine a dhéanfaidh, chun na gcríoch réamhráite, freastal os comhair an Choimisinéara nó faisnéis nó taifead nó rud eile a thabhairt dó nó di—

(a) suimeanna i leith caiteachas taistil agus cothaithe a thabhaigh an duine go cuí, agus

(b) liúntais mar chúiteamh as a chuid nó a cuid ama a chaill~ eadh,

ina mbeidh cibé méid a chinnfidh an tAire.

(8) Ní bheidh ráiteas nó admháil ó dhuine chun na gcríoch réamhráite inghlactha mar fhianaise i gcoinne an duine sin in aon imeachtaí coiriúla.

(9) Ní dhéanfaidh aon ní san alt seo aon cheart a thabhairt chun aon taifead nó rud atá faoi réir pribhléide dlíthiúla a thabhairt ar aird nó chun rochtain a fháil ar an gcéanna.

Section 23

Imscrúduithe a sheoladh.

23

23. —(1) Is ar shlí seachas go poiblí a sheolfar imscrúdú a dhéanfaidh an Coimisinéir faoin Acht seo.

(2) I gcás ina mbeartaíonn an Coimisinéir imscrúdú a dhéanamh faoin Acht seo déanfaidh sé nó sí —

(a) fógra i scríbhinn a thabhairt—

(i) don chomhlacht poiblí lena mbaineann,

(ii) i gcás gearán a bheith déanta leis an gCoimisinéir, don duine a rinne an gearán, agus

(iii) don Aire,

ina thaobh sin, agus

(b) deis a thabhairt—

(i) don chomhlacht poiblí lena mbaineann, agus

(ii) d'aon duine eile ar dealraitheach nó, i gcás gearán a bheith déanta leis an gCoimisinéir, d'aon duine eile a líomhnaítear, go raibh sé nó sí freagrach as an ní a ndearnadh gearán faoi,

trácht ar an ní agus, má rinneadh gearán leis an gCoimisinéir i ndáil leis an ní, ar aon líomhaintí a bhí sa ghearán.

(3) Féadfaidh an Coimisinéir—

(a) diúltú gearán a imscrúdú faoin Acht seo, nó

(b) scor d'imscrúdú faoin Acht seo i dtaobh gearáin den sórt sin,

má thagann sé nó sí ar an tuairim—

(i) go bhfuil an gearán fánach nó cráiteach,

(ii) nach ndearna an duine a rinne an gearán bearta réasúnacha chun sásamh a lorg i leith ábhar an ghea~ ráin nó, má rinne, nár diúltaíodh sásamh dó nó di,

(iii) nach mbaineann an gearán ach amháin le ní a bhfuil cumhacht ag an Ombudsman imscrúdú a dhéanamh ina leith de bhun alt 4(2)(a) den Acht Ombudsman 1980, nó

(iv) nach bhfuil aon sárú ar fhorálacha an Achta seo nó aon achtacháin eile a bhaineann le stádas nó úsáid teanga oifigiúla i gceist sa ní a ndearnadh gearán faoi.

(4) Faoi réir fhorálacha an Achta seo, is é an nós imeachta le himscrúdú a sheoladh cibé nós imeachta is cuí leis an gCoimisinéir in imthosca uile an cháis.

(5) Féadfaidh an Coimisinéir a chinneadh an bhféadfaidh abhcóide nó aturnae, nó an féidir ar shlí eile, ionadaíocht a dhéanamh d'aon duine in imscrúdú a dhéanfaidh an Coimisinéir faoin Acht seo.

Section 24

Eisiamh.

24

24. —Ní imscrúdóidh an Coimisinéir aon ghearán a dhéanfaidh duine nó a dhéanfar thar ceann duine más gearán é a mbeidh imeachtaí dlíthiúla sibhialta tionscanta i ndáil leis in aon chúirt ag an duine a ndéanann an ní a ndearnadh gearán faoi difear dó nó di agus nach mbeidh na himeachtaí dífe de bharr gan cúis chaingne nó gearán is inbhreithnithe ag an gcúirt sin a nochtadh, cibé acu a bheidh na himeachtaí sin tugtha chun críche thairis sin nó nach mbeidh:

Ar choinníoll go bhféadfaidh an Coimisinéir an ní a imscrúdú d'ain~ neoin gur ní é lena mbaineann an t-alt seo más dealraitheach don Choimisinéir gur cuí déanamh amhlaidh de bharr imthosca speisialta.

Section 25

Faisnéis a nochtadh.

25

25. —Ní dhéanfar faisnéis nó taifead nó rud a gheobhaidh an Coim~ isinéir nó a gheobhaidh oifigigh an Choimisinéara i gcúrsa fheidhmiú a fheidhmeanna nó a feidhmeanna aige nó aici faoin Acht seo a nochtadh ach amháin chun críocha an fheidhmithe sin agus chun críocha aon ráitis, tuarascála nó fógra atá le tabhairt faoin Acht seo agus ní iarrfar ar an gCoimisinéir nó ar oifigigh an Choimisinéara fianaise a thabhairt in aon imeachtaí maidir le nithe a thiocfaidh ar a umhail nó ar a humhail nó ar a n-umhail i gcúrsa an fheidhmithe sin.

Section 26

Tuarascáil ar fhionnachtana.

26

26. —(1) In aon chás ina ndéanfar gearán leis an gCoimisinéir agus ina gcinnfidh an Coimisinéir gan imscrúdú a dhéanamh faoin Acht seo nó scor d'imscrúdú den sórt sin, déanfaidh sé nó sí ráiteas i scríbhinn maidir leis na cúiseanna atá aige nó aici leis an gcinneadh a chur chuig an duine a rinne an gearán agus chuig an gcomhlacht poiblí lena mbaineann agus déanfaidh sé nó sí cibé ráiteas i scríbhinn is cuí leis nó léi i ndáil leis an ní a chur chuig cibé duine eile is cuí leis nó léi.

(2) In aon chás ina seolfaidh an Coimisinéir imscrúdú faoin Acht seo, déanfaidh sé nó sí tuarascáil i scríbhinn a ullmhú agus a chur faoina mbráid seo a leanas—

(a) an comhlacht poiblí lena mbaineann,

(b) an tAire, agus

(c) i gcás ina ndéanfar gearán leis an gCoimisinéir, an gearánach,

maidir le fionnachtana an imscrúdaithe agus féadfaidh sé nó sí aon mholtaí is cuí leis nó léi, ag féachaint don imscrúdú, a áireamh sa tuarascáil.

(3) Gan dochar d'fho-alt (2), féadfaidh an Coimisinéir tuarascáil eatramhach a eisiúint más cuí leis nó léi déanamh amhlaidh.

(4) Féadfaidh an Coimisinéir a iarraidh ar chomhlacht poiblí aon tuairimí a bheidh aige maidir le haon fhionnachtana nó moltaí atá ar áireamh i dtuarascáil faoin alt seo a chur faoina bhráid nó faoina bráid laistigh de thréimhse ama shonraithe.

(5) Más rud é, laistigh de thréimhse ama réasúnach tar éis tuarascáil a bhfuil moltaí inti a chur faoi bhráid comhlachta phoiblí faoi fho-alt (2), nach mbeidh, i dtuairim an Choimisinéara, aon chuid de na moltaí atá sa tuarascáil curtha i ngníomh ag an gcomhlacht sin, féadfaidh an Coimisinéir, tar éis aon fhreagraí a bhreithniú a bheidh tugtha ag an gcomhlacht poiblí dó nó di i leith na moltaí sin, tuarascáil a thabhairt do gach Teach den Oireachtas maidir leis an gcéanna.

(6) Cuirfidh an Coimisinéir ag gabháil le gach tuarascáil faoi fho~ alt (5) cóip de gach freagra (más ann) a bheidh tugtha ag comhlacht poiblí nó thar a cheann ar na moltaí sin.

Section 27

Scéimeanna cúitimh.

27

27. —(1) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, scéim cúitimh a dhéanamh lena bhforálfar go n-íocfaidh comhlacht poiblí le cibé daoine cibé suimeanna a bheidh sonraithe sa scéim, i leith aon mhainneachtana, a bheidh sonraithe i dtuarascáil ón gCoimisinéir faoi alt 26 , ag an gcomhlacht (seachas comhlacht poiblí a bheidh forordaithe chun críocha mhír 1(5) den Chéad Sceideal) forálacha an Achta seo a chomhlíonadh.

(2) D'ainneoin mhir (f) d'alt 21, ní fhéadfar a fhoráil le scéim faoi fho-alt (1) go n-íocfar airgead i leith aon mhainneachtana ag comhlacht poiblí aon achtachán eile a bhaineann le stádas nó úsáid teanga oifigiúla a chomhlíonadh.

(3) Féadfar scéim faoi fho-alt (1) a chúlghairm nó a athrú le scéim ina dhiaidh sin arna déanamh faoin bhfo-alt sin.

Anótálacha:

Modhnuithe (nach n-athraíonn an téacs):

C15

Feidhmeanna arna n-aistriú agus tagairtí do “Department of Finance” agus “Minister for Finance” arna bhforléiriú (29.07.2011) le Finance (Transfer of Departmental Administration and Ministerial Functions) Order 2011 (I.R. Uimh. 418 de 2011), airt. 2, 3, 5 agus sceid. 1 cuid 2, in éifeacht de réir airt. 1(2), faoi réir forálacha idirthréimhseacha in airt. 6-9.

2. (1) The administration and business in connection with the performance of any functions transferred by this Order are transferred to the Department of Public Expenditure and Reform.

(2) References to the Department of Finance contained in any Act or instrument made thereunder and relating to the administration and business transferred by paragraph (1) shall, on and after the commencement of this Order, be construed as references to the Department of Public Expenditure and Reform.

3. The functions conferred on the Minister for Finance by or under the provisions of —

(a) the enactments specified in Schedule 1, and

(b) the statutory instruments specified in Schedule 2,

are transferred to the Minister for Public Expenditure and Reform.

...

5. References to the Minister for Finance contained in any Act or instrument under an Act and relating to any functions transferred by this Order shall, from the commencement of this Order, be construed as references to the Minister for Public Expenditure and Reform.

...

Schedule 1

Enactments

...

Part 2

1922 to 2011 Enactments

Number and Year

Short Title

Provision

(1)

(2)

(3)

...

...

...

No. 32 of 2003

Official Languages Act 2003

Sections 4, 10, 11(3) and 27

...

...

...

Section 28

Achomhairc chuig an Ard-Chúirt.

28

28. —(1) Féadfaidh páirtí in imscrúdú faoin Acht seo nó aon duine eile a ndéanann fionnachtana agus moltaí an Choimisinéara tar éis imscrúdú den sórt sin difear dó nó di, achomharc a dhéanamh chuig an Ard-Chúirt ar phonc dlí i gcoinne an chinnidh.

(2) Déanfar achomharc faoi fho-alt (1) a thionscnamh tráth nach déanaí ná 4 sheachtain tar éis fógra maidir leis na fionnachtana agus na moltaí iomchuí a thabhairt don duine a bheidh ag tionscnamh an achomhairc.

(3) (a) I gcás ina ndéanfaidh an Ard-Chúirt achomharc faoin alt seo ag duine, seachas ag ceann, a dhíbhe, féadfaidh an Chúirt sin, má mheasann sí gur ghabh tábhacht phoiblí eisceachtúil leis an bponc dlí lena mbaineann, a ordú go ndéanfaidh an comhlacht poiblí lena mbaineann cuid de chostais an duine i ndáil leis an achomharc, nó iad go léir, a íoc.

(b) Féadfaidh an Ard-Chúirt a ordú go ndéanfaidh an comhlacht poiblí lena mbaineann cuid de chostais duine, seachas ceann, i ndáil le tarchur faoin alt seo, nó iad go léir, a íoc.

(4) Maidir le cinneadh ón Ard-Chúirt tar éis achomhairc faoi fho~ alt (1), sonrófar ann, i gcás inar cuí sin, an tréimhse ar laistigh di a thabharfar éifeacht don chinneadh.

Section 29

An Coimisinéir d'fhoilsiú tráchtaireachtaí maidir le feidhm phraiticiúil, etc. an Achta.

29

29. —Féadfaidh an Coimisinéir tráchtaireachtaí ar fheidhm phrait~ iciúil agus ar oibriú fhorálacha an Achta seo, nó aon fhorálacha áir~ ithe F37[den Acht seo, nó fhorálacha aon achtacháin, nó aon fhorálacha áirithe d’aon achtachán a bhaineann le stádas nó úsáid teanga oifigiúla], a ullmhú agus a fhoilsiú, lena n-áirítear tráchtair~ eachtaí a bheidh bunaithe ar thaithí shealbhóirí oifig an Choimisinéara i ndáil le himscrúduithe, agus le fionnachtana tar éis imscrúduithe, de chuid sealbhóirí den sórt sin faoin Acht seo.

Anótálacha:

Leasuithe:

F37

Arna chur isteach (13.03.2023) le hAcht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021 (49/2021), a. 11, I.R. Uimh. 90 de 2023.

Section 30

Tuarascálacha ón gCoimisinéir.

30

30. —(1) Déanfaidh an Coimisinéir, tráth nach déanaí ná 6 mhí tar éis dheireadh gach bliana, tuarascáil i ngach ceann de na teangacha oifigiúla maidir lena ghníomhaíochtaí nó lena gníomhaíochtaí sa bhliain sin a ullmhú agus a thabhairt don Aire.

(2) Déanfaidh an tAire, tráth nach déanaí ná dhá mhí tar éis an tuarascáil a fháil, a chur faoi deara cóip di a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

(3) Féadfaidh an Coimisinéir, más cuí leis nó léi déanamh amhlaidh ar mhaithe le leas an phobail nó ar mhaithe le leasanna aon duine, tuarascáil a ullmhú agus a fhoilsiú i ngach ceann de na teangacha oifigiúla i ndáil le haon imscrúdú a bheidh déanta aige nó aici nó i ndáil le haon fheidhm eile a bheidh comhlíonta aige nó aici faoin Acht seo nó i ndáil le haon ní a bhaineann le himscrúdú nó le comhlíonadh den sórt sin nó a éiríonn i gcúrsa an chéanna.

(4) San alt seo, ní fholaíonn “tuarascáil” tuarascáil faoi alt 26 .

CUID 5

Logainmneacha

Section 31

Mínithe.

31

31. —Sa Chuid seo, ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt—

F38[]

folaíonn “logainm” ainm aon chúige, contae, cathrach, baile, sráidbhaile, barúntachta, paróiste nó baile fearainn, nó ainm aon ghné tíre (nádúrtha nó saorga), dúiche, limistéir nó áite, mar a thais~ peántar ar léarscáileanna Shuirbhéireacht Ordanáis éireann;

tá le “ordú logainmneacha” an bhrí a shanntar dó le halt 32.

Anótálacha:

Leasuithe:

F38

Arna scriosadh (30.06.2024) le hAcht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021 (49/2021), a. 12, I.R. Uimh. 320 de 2024.

Section 31A

F39[An Coiste Logainmneacha a bhunú

31A

31A. (1) Beidh arna bhunú ar thosach feidhme alt 13 d’Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021 coiste ar a dtabharfar an Coiste Logainmneacha.

(2) Is é nó is í an tAire a sholáthróidh rúnaíocht agus feidhmeanna feidhmiúcháin an Choiste Logainmneacha.]

Anótálacha:

Leasuithe:

F39

Arna chur isteach (30.06.2024) le hAcht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021 (49/2021), a. 13, I.R. Uimh. 320 de 2024.

Section 31B

F40[Comhaltas an Choiste Logainmneacha

31B

31B. (1) Is iad a bheidh ar an gCoiste Logainmneacha na comhaltaí seo a leanas—

(a) Cathaoirleach, agus

(b) líon gnáthchomhaltaí nach lú ná 7 ná nach mó ná 10,

(2) Déanfaidh an tAire comhalta amháin den Choiste Logainmneacha a shainainmniú mar Chathaoirleach.

(3) Is daoine atá inniúil i nGaeilge a bheidh ar an gCoiste Logainmneacha, agus—

(a) beidh taithí nó saineolas, nó taithí agus saineolas araon, acu ar nithe a bhaineann le logainmneacha, nó

(b) is saineolaithe ar stair na hÉireann a bheidh iontu.

(4) Beidh comhalta den Choiste Logainmneacha faoi réir cibé téarmaí agus coinníollacha, agus íocfar leis nó léi cibé liúntais i leith caiteachas, a chinnfidh an tAire, le toiliú an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe.

(5) Más rud é nach bhfuil an Cathaoirleach ábalta ar aon chúis leanúint de bheith ag gníomhú mar Chathaoirleach, féadfaidh an tAire comhalta eile den Choiste Logainmneacha a shainainmniú chun gníomhú mar Chathaoirleach.

(6) Beidh comhalta den Choiste Logainmneacha i seilbh oifige go ceann cibé tréimhse, nach faide ná 3 bliana ó dháta a cheaptha nó a ceaptha, a chinnfidh an tAire.

(7) Faoi réir fho-alt (8), beidh comhalta den Choiste Logainmneacha a rachaidh a théarma nó a téarma oifige in éag trí imeacht aimsire in-athcheaptha chun an Choiste Logainmneacha.

(8) Maidir le comhalta den Choiste Logainmneacha a mbeidh 2 théarma oifige as a chéile curtha isteach aige nó aici, ní bheidh sé nó sí in-athcheaptha chun an Choiste Logainmneacha go dtí go mbeidh tréimhse 3 bliana caite tar éis dheireadh an dara téarma as a chéile.

(9) Féadfaidh comhalta den Choiste Logainmneacha éirí as an gCoiste Logainmneacha trí litir a bheidh dírithe chuig an Aire, agus beidh éifeacht leis an éirí as ar an dáta a bheidh sonraithe sa litir nó ar an dáta a gheobhaidh an tAire an litir, cibé acu is déanaí.

(10) Féadfaidh an tAire, aon tráth, comhalta den Choiste Logainmneacha a chur as oifig mar chomhalta den Choiste Logainmneacha más rud é, i dtuairim an Aire, go bhfuil an comhalta tagtha chun bheith éagumasach, de dheasca easláinte, ar a fheidhmeanna nó a feidhmeanna a chomhlíonadh, nó gur mhí-iompair an comhalta é féin nó í féin mar a bheidh sonraithe, nó gur dealraitheach don Aire gur gá é nó í a chur as oifig chun go gcomhlíonfaidh an Coiste Logainmneacha a fheidhmeanna go héifeachtach.

(11) Scoirfidh comhalta den Choiste Logainmneacha de bheith, agus beidh sé nó sí dícháilithe chun bheith, ina chomhalta nó ina comhalta den Choiste Logainmneacha más rud é, maidir leis an gcomhalta sin—

(a) ar é nó í a chiontú ar díotáil ag cúirt dlínse inniúla, go ngearrfar téarma príosúnachta air nó uirthi, nó

(b) go bhfuil sé nó sí, nó go measfar é nó í a bheith, faoi réir ordú dícháilíochta, de réir bhrí Chaibidil 4 de Chuid 14 d’Acht na gCuideachtaí, 2014, cibé acu de bhua na Caibidle sin nó de bhua aon fhoráil eile den Acht sin.

(12) Is é nó is í an tAire a chinnfidh nósanna imeachta an Choiste Logainmneacha.]

Anótálacha:

Leasuithe:

F40

Arna chur isteach (30.06.2024) le hAcht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021 (49/2021), a. 13, I.R. Uimh. 320 de 2024.

Section 31C

F41[Feidhmeanna an Choiste Logainmneacha

31C

31C. (1) Maidir leis an gCoiste Logainmneacha—

(a) déanfaidh sé comhairle a sholáthar don Aire maidir le horduithe logainmneacha a dhéanamh faoialt 32,

(b) déanfaidh sé taighde, nó déanfaidh sé taighde a choimisiúnú, i ndáil le logainmneacha,

(c) déanfaidh sé, ar iarraidh a fháil, cibé faisnéis maidir le logainmneacha, is cuí leis an gCoiste Logainmneacha, a sholáthar don phobal agus do chomhlachtaí poiblí, agus

(d) beidh aige cibé feidhmeanna eile a fhorordóidh an tAire ó am go ham.

(2) Le linn don Choiste Logainmneacha a fheidhmeanna faoi fho-alt (1) a chomhall, déanfaidh sé, a mhéid is dóigh leis is gá chun na críche sin, aon obair nó aon chomhairle arna cur i gcrích ag an gcomhlacht ar a dtugtar an Coimisiún Logainmneacha, arna bhunú le barántas ón Aire Airgeadais dar dáta an 24ú lá de Dheireadh Fómhair, 1946, agus ag an gcoiste neamhreachtúil (ar a dtugtar an Coiste Logainmneacha) a bhí ar marthain roimh thosach feidhme alt 13 d’Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021, a chur i gcuntas agus a sholáthar don Aire.]

Anótálacha:

Leasuithe:

F41

Arna chur isteach (30.06.2024) le hAcht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021 (49/2021), a. 13, I.R. Uimh. 320 de 2024.

Section 32

Orduithe logainmneacha.

32

32. —(1) Faoi réir fho-alt (2), féadfaidh an tAire, tar éis dó nó di comhairle a fháil F43[ón gCoiste Logainmneacha] agus an chomhairle sin a bhreithniú, le hordú (dá ngairtear “ordú logainmneacha” sa Chuid seo)—

(a) a dhearbhú gurb é an leagan Gaeilge de logainm a bheidh sonraithe san ordú cibé focal nó focail a shonróidh sé nó sí san ordú,

(b) ordú logainmneacha a leasú nó a chúlghairm.

(2) F42[Ní dhéanfaidh an tAire ordú faoin alt seo i leith áit lena mbaineann ordú faoifho-alt (3) d’alt 192 (a cuireadh isteach le halt 48 den Acht Comhshaoil (Forálacha Ilghnéitheacha), 2011) den Acht Rialtais Áitiúil, 2001].

(3) Leagfar gach ordú logainmneacha faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den 21 lá a shuífidh an Teach sin tar éis an t-ordú a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an ordai~ the, beidh an t-ordú ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú.

Anótálacha:

Leasuithe:

F42

Arna ionadú (31.01.2019) leis An Acht Rialtais Áitiúil 2019 (47/2019), a. 47(1)(b), I.R. Uimh. 20 de 2019, airt. 3(1).

F43

Arna ionadú (30.06.2024) le hAcht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021 (49/2021), a. 14, I.R. Uimh. 320 de 2024.

Modhnuithe (nach n-athraíonn an téacs):

C16

Féadfar orduithe eile a chur in ionad orduithe láithreacha arna ndéanamh faoi alt in imthosca áirithe mar a fhoráiltear leis an Acht Rialtais Áitiúil 2001 (37/2001), a. 192(4), arna ionadú (31.01.2019) leis an Acht Comhshaoil (Forálacha Ilghnéitheacha) 2011 (20/2011), a. 48, I.R. Uimh. 23 de 2019.

C17

[Forálacha ginearálta a bhaineann le hainmneacha a athrú.

192.— ...

(4) I gcás go ndéanann an tAire Gnóthaí Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta ordú faoi fho-alt (3), maidir le haon fhoráil d’ordú arna dhéanamh faoi alt 32 d’Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003 atá i bhfeidhm díreach roimh ant-ordú céadluaite a dhéanamh, beidh sí arna cúlghairm a mhéid amháin atá sí ar neamhréir leis an ordú céadluaite.

...]

Nótaí Eagarthóireachta:

E15

Cumhacht de bhun ailt arna feidhmiú (9.10.2012) leis an Ordú Logainmneacha (Contae Chorcaí) 2012 (I.R. Uimh. 395 de 2012), in éifeacht de réir airt. 1(b).

E16

Cumhacht de bhun ailt arna feidhmiú (1.11.2011) leis an Ordú Logainmneacha (Ceantair Ghaeltachta) 2011 (I.R. Uimh. 599 de 2011), in éifeacht de réir airt. 1(b).

E17

Cumhacht de bhun ailt arna feidhmiú (1.11.2011) leis an Ordú Logainmneacha (Contae Bhaile Átha Cliath) 2011 (I.R. Uimh. 598 de 2011), in éifeacht de réir airt. 1(b).

E18

Cumhacht de bhun ailt arna feidhmiú (1.07.2008) leis an Ordú Logainmneacha (Contae Luimnigh) (Leasú) 2008 (I.R. Uimh. 115 de 2008), airt. 1(b).

E19

Cumhacht de bhun ailt arna feidhmiú (21.12.2005) leis an Ordú Logainmneacha (Contae Thiobraid Árann) 2005 (I.R. Uimh. 847 de 2005), in éifeacht de réir airt. 1(b).

E20

Cumhacht de bhun ailt arna feidhmiú (28.03.2005) leis an Ordú Logainmneacha (Lárionaid Daonra agus Dúichí) 2005 (I.R. Uimh. 59 de 2005), in éifeacht de réir airt. 1(b).

E21

Cumhacht de bhun fho-alt (1) arna feidhmiú (28.03.2005) leis an Ordú Logainmneacha (Ceantair Ghaeltachta) 2004 (I.R. Uimh. 872 de 2004), in éifeacht de réir airt. 1(b).

E22

Cumhacht de bhun fho-alt (2)(b) arna feidhmiú (1.01.2005) leis na Rialacháin um Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 (Léarscáileanna Forordaithe) 2004 (I.R. Uimh. 212 de 2004), in éifeacht de réir airt. 1(b).

E23

Cumhacht de bhun ailt arna feidhmiú (30.10.2003) leis an Ordú Logainmneacha (Contae Uíbh Fhailí) 2003 (I.R. Uimh. 525 de 2003), in éifeacht de réir airt. 1(b).

E24

Cumhacht de bhun ailt arna feidhmiú (30.10.2003) leis an Ordú Logainmneacha (Contae Phort Láirge) 2003 (I.R. Uimh. 524 de 2003), in éifeacht de réir airt. 1(b).

E25

Cumhacht de bhun ailt arna feidhmiú (30.10.2003) leis an Ordú Logainmneacha (Contae Mhuineacháin) 2003 (I.R. Uimh. 523 de 2003), in éifeacht de réir airt. 1(b).

E26

Cumhacht de bhun ailt arna feidhmiú (30.10.2003) leis an Ordú Logainmneacha (Contae Luimnigh) 2003 (I.R. Uimh. 522 de 2003), in éifeacht de réir airt. 1(b).

E27

Cumhacht de bhun ailt arna feidhmiú (30.10.2003) leis an Ordú Logainmneacha (Contae Lú) 2003 (I.R. Uimh. 521 de 2003), in éifeacht de réir airt. 1(b).

E28

Cumhacht de bhun ailt arna feidhmiú (30.10.2003) leis an Ordú Logainmneacha (Contae Chill Chainnigh) 2003 (I.R. Uimh. 520 de 2003), in éifeacht de réir airt. 1(b)

E29

Cumhacht de bhun ailt arna feidhmiú (30.10.2003) leis an Ordú Logainmneacha (Contaetha agus Cúigí) 2003 (I.R. Uimh. 519 de 2003), in éifeacht de réir airt. 1(b).

E30

Foráil a raibh feidhm aici roimhe: fo-alt (2) arna ionadú leis an Acht Comhshaoil (Forálacha Ilghnéitheacha) 2011 (20/2011), a. 49, nach bhfuil tosaithe; arna ionadú de réir F-nóta thuas.

Section 33

Forléiriú focal i ndoiciméid dhlíthiúla.

33

33. —(1) Focal nó focail a mbeidh dearbhaithe ag an Aire in ordú logainmneacha gurb é an leagan Gaeilge é, nó gurb iad an leagan Gaeilge iad, de logainm a bheidh sonraithe san ordú, forléireofar i ndoiciméad dlíthiúil, mura léir a mhalairt d'intinn, é nó iad a bheith ag tagairt don áit chéanna agus a bheith ar chomhfheidhm agus ar chomhéifeacht leis an leagan Béarla den logainm a bheidh sonraithe amhlaidh.

(2) I gcás ina ndéanfaidh an tAire dearbhú faoi alt 32 i leith logainm i limistéar Gaeltachta, ní bheidh aon fheidhm ná éifeacht a thuilleadh leis an leagan Béarla den logainm amhail ar an agus ón dáta feidhme ach sin gan dochar d'aon ní arna dhéanamh roimh an dáta sin nó dá éis lena n-áirítear úsáid an leagain sin seachas a úsáid—

(a) in aon Acht den Oireachtas a rithfear tar éis an dáta feidhme nó in aon ionstraim reachtúil a dhéanfar tar éis an dáta sin faoi aon Acht,

(b) i cibé léarscáileanna, arna n-ullmhú agus arna bhfoilsiú ag Suirbhéireacht Ordanáis éireann nó le cead uaithi, a bheidh forordaithe, nó

(c) ar chomhartha bóthair nó sráide arna chur suas ag údarás áitiúil nó thar a cheann.

(3) San alt seo—

ciallaíonn “doiciméad dlíthiúil” —

(a) aon Acht den Oireachtas a rithfear tar éis an dáta feidhme, aon ionstraim reachtúil a dhéanfar tar éis an dáta sin faoi aon Acht nó an tiontú oifigiúil ar aon Acht nó ionstraim;

(b) aon ionstraim a bhfuil éifeacht dhlíthiúil nó iarmhairtí dlíthiúla aici nó a mbeartaítear an éifeacht nó na hiarmhairtí sin a bheith aici agus a fhorghníomhófar ar an dáta feidhme nó dá éis;

(c) aon doiciméad a úsáidtear in imeachtaí dlíthiúla nó chun críocha imeachtaí dlíthiúla agus a dhéanfar, a eiseofar nó a sheirbheálfar ar an dáta feidhme nó dá éis,

ciallaíonn “an dáta feidhme” an dáta a dtiocfaidh an t-ordú logainmneacha iomchuí i ngníomh.

Section 34

Leasú ar an Acht um Shuirbhéireacht Ordanáis éireann 2001.

34

34. —Leasaítear an tAcht um Shuirbhéireacht Ordanáis éireann 2001 tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír (h) d'alt 4(2):

“(h) logainmneacha agus gnéithe seanda sna taifid agus sna bunachair sonraí léarscáilíochta náisiúnta agus i dtai~ fid agus i mbunachair sonraí ghaolmhara a thais~ peáint i nGaeilge nó i mBéarla agus i nGaeilge.”.

Section 35

Aisghairm.

35

35. —Aisghairtear an tAcht Logainmneacha (Foirmeacha Gaeilge) 1973.

CUID 6

Ilghnéitheach

Section 36

Ról an Ombudsman.

36

36. —Ní thoirmiscfidh aon ní san Acht seo ar an Ombudsman imscrúdú a dhéanamh, de bhun fho-alt (2) d'alt 4 den Acht Ombudsman 1980, ar aon ghníomh F44[arna dhéanamh ag gníomhaireacht inathbhreithnithe (de réir bhrí an Achta sin) nó arna dhéanamh thar ceann gníomhaireachta den sórt sin]

Anótálacha:

Leasuithe:

F44

Arna ionadú (31.10.2012, 30.04.2013) leis an Acht Ombudsman (Leasú) 2012 (38/2012), a. 23(b), arna thosú de réir a. 1(3).

Schedule 1

AN CHéAD SCEIDEAL

Comhlachtaí Poiblí

1. Is comhlacht poiblí é gach ceann díobh seo a leanas chun críocha an Achta seo:

(1) An Roinn Talmhaíochta agus Bia

An Roinn Ealaíon, Spóirt agus Turasóireachta

An Roinn Cumarsáide, Mara agus Acmhainní Nádúrtha

An Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta

An Roinn Cosanta

An Roinn Oideachais agus Eolaíochta

An Roinn Fiontar, Trádála agus Fostaíochta

An Roinn Airgeadais

An Roinn Gnóthaí Eachtracha

An Roinn Sláinte agus Leanaí

An Roinn Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí

An Roinn Fiontar Poiblí

F45[An Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe]

An Roinn Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh

An Roinn Comhshaoil agus Rialtais Áitiúil

Roinn an Taoisigh

An Roinn Iompair

F46[]

An Phríomh-Oifig Staidrimh

Oifig an Phríomh-Aturnae Stáit

F47[Oifig an Choimisiúin um Cheapacháin Seirbhíse Poiblí

An tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí]

Oifig an Ard-Aighne

Oifig an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste

Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí

F48[Seirbhís Thithe an Oireachtais]

Oifig an Uachtaráin

Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim

(2) Gníomhaireachtaí, Boird, Cuideachtaí Stáit (tráchtála agus neamhthráchtála):

F49[]

F50[]

limistéir

F49[]

ollscoil nó foras trí ú leibhéal eile

F51[bord oideachais agus oiliúna]

F52[Ospidéal Adelaide agus na Mí ina gcorpraítear Ospidéal Náisiúnta na Leanaí]

F52[Údarás Uchtála na hÉireann]

F50[]

F49[]

F50[]

F49[]

F52[An Oifig Achomharc Talmhaíochta]

F52[Bord Comhpháirtíochta Limistéir]

An Bord Bia

F50[]

An Bord Pleanála

F49[]

F49[]

An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gael~ scolaíochta

F49[]

F49[]

Comhlacht Forfheidhmithe arna bhunú faoin Acht um Chomh~ aontú na Breataine-na héireann 1999

An Post

F52[Logeolaire an Phoist Teoranta]

F52[An tSeirbhís Oideachais Leanúnaigh agus Scileanna (SOLAS)]

An túdarás um Ard-Oideachas

F52[Leabharlann an Ard-Easpaig Marsh]

F49[]

F49[]

Boird Chomhpháirtíochta Limistéir

F49[]

F52[Ospidéal Ginearálta Bheanntraí]

F52[Ospidéal Beaumont]

Bith-Thaighde éireann

F50[]

F49[]

Bord Iascaigh Mhara

Bord na gCon

F49[]

Bord na Móna

F49[]

Bord Scannán na héireann

F49[]

F49[]

F52[Údarás Craolacháin na hÉireann]

Bus Átha Cliath

Bus éireann

F52[Ospidéal Ginearálta an Chabháin]

F52[Ospidéal Náisiúnta Ortaipéideach Cheapaí]

F50[]

F52[An Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach (Tusla)]

F52[An Bord um Fhaisnéis do Shaoránaigh]

F52[An Coimisiún um Thoghlaigh]

F53[Iascach Intíre Éireann]

F54[Banc Ceannais na hÉireann]

F52[An tÚdarás Rialála Carthanas]

Leabharlann Chester Beatty

Coillte Teoranta

F49[]

F49[]

F49[]

F50[]

F49[]

F52[Ospidéal Uí Chonghaile, Baile Átha Cliath]

F52[Ospidéal Ollscoile an Choim do Mhná agus do Naíonáin]

F52[Cuideachta Shealbhaíochta Chóras Iompair Éireann]

F52[Ospidéal na hOllscoile, Corcaigh agus Ospidéal Máithreachais na hOllscoile, Corcaigh]

F52[Cosc - An Oifig Náisiúnta um Fhoréigean Baile, Gnéasach agus Inscnebhunaithe a Chosc]

An Coimisiún um Rialáil Eitlíochta

An Coimisiún um Rialáil Cumarsáide

An Coimisiún um Rialáil Fuinnimh

F49[]

F49[]

F49[]

F49[]

F49[]

F52[Ospidéal Chromadh]

F52[An Coimisiún um Chosaint Sonraí]

F52[Comhairle Dearaidh agus Ceardaíochta na hÉireann]

Bord Ceaintín na bhFórsaí Cosanta

An Chomhairle Fiaclóireachta

F49[]

F49[]

F52[Bord Clárúcháin na mBia-Eolaithe]

Bord Ospidéal Déidliachta Bhaile Átha Cliath

F49[]

Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath

F49[]

F52[Tionól Réigiúnach an Oirthir agus Lár Tíre]

An Institiúid Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta

F52[Boird Oideachais agus Oiliúna Éireann]

F52[An Foras Taighde ar Oideachas]

F52[EirGrid cpt]

Bord Soláthair an Leictreachais

An Bord Comhairleach Fuinnimh

F52[Ospidéal Inse]

Fiontraíocht éireann

F52[Ervia]

F49[]

údarás Sábháilteachta Bia na héireann

F52[Músaem Bád Aeir agus Muirí Fhainge]

F52[Gaisce - Gradam an Uachtaráin]

F52[Líonraí Gáis Éireann]

F49[]

F49[]

An Bord Seirbhísí Liachta Ginearálta (Íocaíochtaí)

An Phríomh-Oifig Chlárúcháin

F49[]

F49[]

F52[Gníomhaireacht Forbartha Ghráinseach Ghormáin]

F52[Údaráis Chuain de réir bhrí na nAchtanna Cuanta, 1946 go 2015]

Cuideachtaí Cuain dá dtagraítear in alt 7 den Acht Cuanta 1996

An túdarás Sláinte agus Sábháilteachta

F52[An Chomhairle um Ghairmithe Sláinte agus Cúraim Shóisialaigh]

F52[An tÚdarás Rialála Táirgí Sláinte]

An Bord Taighde Sláinte

F50[]

F49[]

Rásaíocht Capall éireann

F52[An Ghníomhaireacht um Thithíocht agus Pobail Inbhuanaithe]

F50[]

F50[]

An Ghníomhaireacht Airgeadais do Thithe cpt

F52[Iarsmalann Hunt]

G.F.T. éireann

Iarnród éireann

F52[Seirbhís Dócmhainneachta na hÉireann]

F52[Cuideachtaí Forbartha Comhtháite]

F52[Cuideachtaí Forbartha Comhtháite Áitiúla]

F50[]

An Foras Riaracháin

International Development Ireland Limited

F49[]

údarás Eitlíochta na héireann

F52[Cartlann Ailtireachta na hÉireann]

F52[Údarás Maoirseachta Iniúchta agus Cuntasaíochta na hÉireann]

Seirbhís Fuilaistriúcháin na héireann

F49[]

F50[]

Binse Achomhairc Seirbhísí Airgeadais na héireann

F55[]

Áras Nua-Ealaíne na héireann

F49[]

Comhlacht Graí Náisiúnta na héireann Teoranta

F50[]

F52[An Chomhairle um Thaighde in Éirinn]

F49[]

F52[Uisce Éireann]

F52[Sábháilteacht Uisce na hÉireann]

F52[Ospidéal Ortaipéideach na Coille Críne, Cill Chainnigh]

F50[]F49[]

F52[An tÚdarás Rialála Seirbhísí Dlí]

Bord Ospidéal Pháirc Bhaile na Lobhar

F52[Ospidéal Ollscoile Leitir Ceanainn]

F49[]

F49[]

F49[]

F52[Coiste Áitiúil Forbartha Pobail]

F50[]

F52[Cuideachtaí Forbartha Áitiúla]

F52[Oifigí Fiontar Áitiúil]

F52[An Ghníomhaireacht Bainistíochta Rialtais Áitiúil]

F52[Ospidéal Chontae Lú]

F52[Ospidéal Ginearálta Mhala]

Foras na Mara

F52[Ospidéal Ollscoile an Mater Misericordiae]

F52[Ospidéal Ginearálta Mhaigh Eo]

An Lia-Bhiúró um Shábháilteacht ar Bhóithre

F52[Bord Clárúcháin na nEolaithe Míochaine]

An Coimisiún Meabhair-Shláinte

F52[An Bord Athbhreithnithe Meabhair-Shláinte (An Dlí Coiriúil)]

F52[Ospidéal Ollscoile na Trócaire]

F52[An tOspidéal Réigiúnach Lár Tíre, An Muileann gCearr]

F52[An tOspidéal Réigiúnach Lár Tíre, Port Laoise]

F52[An tOspidéal Réigiúnach Lár Tíre, Tulach Mhór]

F52[Ospidéal Mhuineacháin]

F49[]

F49[]

F52[Ospidéal Ginearálta an Náis]

F52[An Coiste Comhairleach Náisiúnta um Dhrugaí agus Alcól]

F52[An Ghníomhaireacht Náisiúnta um Bainistíocht Sócmhainní]

An Bord um an gClárlann Náisiúnta Ailse

F49[]

F50[]

An Ceoláras Náisiúnta

F49[]F49[]

An Chomhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta

An túdarás Náisiúnta Míchumais

F49[]

An Fóram Náisiúnta Eacnamaíoch agus Sóisialach

Dánlann Náisiúnta na héireann

Leabharlann Náisiúnta na héireann

F49[]

An Ghníomhaireacht Náisiúnta Bainne

Ard-Mhúsaem na héireann

F52[An Ghníomhaireacht Chúltaca Ola Náisiúnta]

F49[]

F52[An Músaem Náisiúnta Cló]

F52[Bord Forbartha an Ospidéil Náisiúnta Phéidiatraicigh]

F50[]

F49[]

F49[]

F49[]

F52[An Oifig Náisiúnta um Sheirbhísí Comhroinnte]

F52[Údarás Forbartha an Champais Náisiúnta Spórt]

An túdarás um Chaighdeáin Náisiúnta na héireann

An Bord Náisiúnta Staidrimh

National Technology Park Plassey Ltd.

An Chuideachta Amharclann Náisiúnta Teoranta (Amharclann na Mainistreach)

F52[An tÚdarás Náisiúnta Iompair]

Gníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta

F52[Ospidéal an Aonaigh]

F49[]

F52[Tionól Réigiúnach an Tuaiscirt agus an Iarthair]

F52[Bord Altranais agus Cnáimhseachais na hÉireann]

F49[]

F52[Bord Clárúcháin na dTeiripeoirí Ceirde]

Oifig an Stiúrthóra um Fhorfheidhmiú Corparáideach

F52[Oifig an Chigire Príosún]

F49[]

Oifig an Phámháistir Ghinearálta

F52[Oifig an Rialálaí Pleanála]

F49[]

F49[]

F52[An Bord Clárúcháin Súil-Liachta]

Suirbhéireacht Ordanáis éireann

F52[Ospidéal Mhuire na Leanaí, Cromghlinn]

F52[Ospidéal Mhuire, An Uaimh]

F52[Ospidéal Mhuire Lourdes, Droichead Átha]

Oifig na bPaitinní

F52[An Bord Measúnaithe Díobhálacha Pearsanta]

Cumann Cógaiseoirí na héireann

F52[Bord Clárúcháin na bhFisiteiripeoirí]

F52[Pobal]

F49[]

F52[Ospidéal Portiuncula]

F52[An Chomhairle um Chúram Práinne Réamh-Ospidéil]

F52[An Bord Achomhairc um Sheirbhísí Maoine]

F52[An tÚdarás Rialála Seirbhísí Maoine]

F49[]

F52[Dearbhú Cáilíochta agus Cáilíochtaí Éireann]

F49[]

Radio Telefís éireann

F52[Bord Clárúcháin na Radagrafaithe]

Raidió na Gaeltachta

F49[]

F49[]

F52[Cláraitheoirí Breitheanna, Básanna, Póstaí agus Páirtnéireachtaí Sibhialta]

F49[]

F49[]

F52[An Bord um Thionóntachtaí Cónaithe]

F52[An tÚdarás um Shábháilteacht ar Bhóithre]

F52[Ospidéal Chontae Ros Comáin]

F52[Eoraphort Ros Láir]

F52[Acadamh Ríoga na hÉireann (ARÉ)]

F52[Ceol-Acadamh Ríoga na hÉireann (CARÉ)]

F52[An tÚdarás um Shábháilteacht ar Bhóithre]

F52[Ospidéal Súl agus Cluas Ríoga Victoria]

F52[An tÚdarás um Chosaint Iascaigh Mhara]

F52[Fiontair Thráchtála na Sionainne Teoranta]

F52[Grúpa na Sionainne, cuideachta phoiblí theoranta]

F52[Ospidéal Ollscoile Shligigh]

F52[Bord Clárúcháin na nOibrithe Cúraim Shóisialaigh]

F52[Bord Clárúcháin na nOibrithe Sóisialacha]

F52[Ospidéal Ginearálta Thiobraid Árann Theas]

F52[An Otharlann Theas - Ospidéal Ollscoile Victoria]

F52[Tionól Réigiúnach an Deiscirt]

F52[Bord Clárúcháin na dTeiripeoirí Urlabhra agus Teanga]

F52[Spórt Éireann]

F49[]

F49[]

F49[]

An Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí

An tSaotharlann Stáit

F52[Corparáid Baincéireachta Straitéiseach na hÉireann]

F52[Ospidéal Cholm Cille, Baile Uí Lachnáin]

F52[Ospidéal San Séam]

F52[Ospidéal Eoin, Luimneach]

F52[Ospidéal Ginearálta Lúcáis, Cill Chainnigh]

F52[Líonra Oinceolaíochta Radaíochta Naomh Lúcás]

F52[Ospidéal Naomh Micheál, Dún Laoghaire]

F52[Ospidéal Ollscoile Naomh Uinseann]

F52[Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann]

F49[]

Teagasc

F49[]

F49[]

F49[]

F50[]

F52[Ospidéal Ollscoile na Leanaí, Sráid an Teampaill]

F52[TG4]

F49[]

Bord na nArm-Phinsean

An Chomhairle Ealaíon

An Bord Achomhairc um Scrúdóireacht Scannán

An Bord Achomhairc um Chinsireacht Foilseachán

An Bord um Chinsireacht Foilseachán

F52[An Binse Achomhairc do Charthanais]

F52[An Bord Achomhairc um Aicmiú Scannán]

F49[]

F49[]

F49[]

F52[An Coimisiún um Iomaíocht agus Cosaint Tomhaltóirí]

An Oifig um Chlárú Cuideachtaí

F49[]

An tSeirbhís Chúirteanna

F52[Gailearaí Crawford]

F52[An Biúró um Shócmhainní Coiriúla]

An Binse Cúitimh i leith Díobhálacha Coiriúla

Óglaigh na héireann

An Binse Achomhairc Fostaíochta

An Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil

F49[]

An Garda Síochána

F52[Cigireacht an Gharda Síochána]

F52[Coimisiún Ombudsman an Gharda Síochána]

F49[]

F49[]

An túdarás Árachais Sláinte

An Chomhairle Oidhreachta

F49[]

F50[]

F52[An Binse um Achomhairc i dtaobh Cosaint Idirnáisiúnta]

F52[An tÚdarás um Fhaisnéis agus Cáilíocht Sláinte]

Coimisiún na héireann-na Stát Aontaithe um Malartú Oide~ achasúil

Coimisiún Lámhscríbhinní na héireann

F52[Oifig Aicmithe Scannán na hÉireann]

F52[Comhairle Chomhairleach Bhuiséadach na hÉireann]

F52[Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas]

F49[]

Seirbhís Phríosúin na héireann

F49[]

F49[]

An Chúirt Oibreachais

F49[]

F49[]

An Coimisiún um Athchóiriú an Dlí

An Bord um Chúnamh Dlíthiúil

Comhairle na nDochtúirí Leighis

An Bord Mianadóireachta

An Chartlann Náisiúnta

An Chomhairle um an gCartlann Náisiúnta

An Lárionad Náisiúnta um Threoir san Oideachas

An Chomhairle Náisiúnta Iomaíochais

An Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta

F49[]

F52[An tOspidéal Náisiúnta Máithreachais, Baile Átha Cliath]

F50[]F49[]F49[]

Oifig an Phríomh-Dhochtúra Oifigiúil don Státseirbhís

Oifig an Choimisinéara Faisnéise

F49[]

Oifig an Ombudsman

F52[Oifig an Ombudsman do Leanaí]

F52[Oifig an Ombudsman d’Óglaigh na hÉireann]

F52[Oifig an Choimisinéara um Fhaisnéis Comhshaoil]

F52[Oifig na nOibreacha Poiblí]

F52[Oifig Rialálaí an Chrannchuir Náisiúnta]

F52[Oifig an Ombudsman Seirbhísí Airgeadais agus Pinsean]

F52[An tÚdarás Pinsean]

F52[An Chomhairle Pinsean]

F52[An Chuideachta Duais-Bhannaí Teo.]

F52[An tSeirbhís Phromhaidh]

F52[An tÚdarás Clárúcháin Maoine]

Oifig Chláraitheoir na gCara-Chumann

F49[]

F49[]

An Coimisiún Reifrinn

F49[]

F52[Ospidéal an Rotunda]

An Binse Leasa Shóisialaigh

An Coimisiún um Scrúduithe Stáit

F52[An Bord Achomhairc i leith Deontas Mac Léinn]

F52[An Coimisiún um Achomhairc Chánach]

F52[An Chomhairle Mhúinteoireachta]

F52[Bonneagar Iompair Éireann]

An Oifig Luachála

An Binse Luachála

údarás na Gaeltachta

F52[Ospidéal na hOllscoile, Gaillimh agus Ospidéal na hOllscoile, Páirc Mhuirlinne]

F52[Ospidéal na hOllscoile, Ciarraí]

F52[Ospidéal na hOllscoile, Luimneach]

F52[Ospidéal na hOllscoile, Port Láirge]

F52[Ospidéal Máithreachais na hOllscoile, Luimneach]

Comhairle na dTréidlianna

An Bord Árachais Sláinte Shaorálaigh

Coimisiún Forbartha an Iarthair

F52[Ospidéal Ginearálta Loch Garman]

F52[An Coimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre]

F49[]

(3) údarás áitiúil,

F56[]

(5) aon chomhlacht, eagraíocht nó grúpa a bheidh forordaithe de thuras na huaire, le toiliú cibé Aire eile (más ann) den Rialtas is cuí leis an Aire ag féachaint d'fheidhmeanna an Aire eile sin den Rialtas, agus arb éard a bheidh ann—

(a) comhlacht, eagraíocht nó grúpa a fhaigheann airgead go díreach ó Aire den Rialtas, ó Roinn Stáit, ón bPríomh~ Chiste nó ó chomhlacht poiblí a shonraítear i bhfomhír (2), (3)(4) den mhír seo in imthosca inarb éard é an méid, nó comhiomlán na méideanna, a fhaightear amhlaidh 50 faoin gcéad nó níos mó de chaiteachas reatha an chomhlachta, na heagraíochta nó an ghrúpa sin i mbliain airgeadais,

(b) comhlacht, eagraíocht nó grúpa ar comhlacht poiblí é nó í ar an dáta a dtiocfaidh an Sceideal seo i ngníomh ach a thagann faoi úinéireacht phríobháideach agus faoi rialú príobháideach ina dhiaidh sin,

(c) comhlacht, eagraíocht nó grúpa a chomhlíonann feidhmeanna a bhí dílsithe le dlí roimhe sin do chomhlacht, eagraíocht nó grúpa faoi úinéireacht phoiblí nó rialú poiblí, nó

F57[(d) aon chomhlacht, eagraíocht nó grúpa eile—

(i) a bhfuil feidhmeanna a bhaineann leis an bpobal i gcoitinne, nó le haicme den phobal i gcoitinne, tugtha dó nó di le haon achtachán, nó

(ii) a gceadaítear dó nó di nó a gceanglaítear air nó uirthi le haon cheadúnas nó údarás arna dheonú nó arna thabhairt faoi aon achtachán feidhmeanna a chomhlíonadh faoin achtachán sin nó faoi aon achtachán eile a bhaineann leis an bpobal i gcoitinne nó le haicme den phobal i gcoitinne.]

2. Ní comhlacht poiblí comhlacht, eagraíocht nó grúpa a bheidh forordaithe de bhun rialachán chun críocha F57[chlásal (d) de mhír 1(5)] ach amháin i leith feidhmeanna dá dtagraítear sa chlásal sin.

3. F57[Déanfaidh an tAire, uair ar a laghad gach 2 bhliain agus,], le toiliú cibé Aire eile (más ann) den Rialtas is cuí leis an Aire ag féachaint d'fheidhmeanna an Aire eile sin den Rialtas,F57[fomhír (1) nó (2)] de mhír 1 a leasú, le rialacháin, trí thagairt d'aon chomhlacht poiblí a chur isteach nó a scriosadh.

F58[3A. Le linn don Aire rialacháin a dhéanamh i leith comhlachta, eagraíochta nó grúpa de réir an Sceidil seo, beidh aird aige nó aici ar chríocha an Achta seo agus, le linn dó nó di déanamh amhlaidh, cuirfidh sé nó sí na nithe seo a leanas i gcuntas:

(a) an leibhéal cumarsáide, cibé acu i scríbhinn nó leis an bpost leictreonach, leis an teileafón nó i bpearsa, idir an comhlacht, an eagraíocht nó an grúpa lena mbaineann agus an pobal i gcoitinne nó aicme den phobal i gcoitinne;

(b) an leibhéal cumarsáide, cibé acu i scríbhinn nó leis an bpost leictreonach, leis an teileafón nó i bpearsa, idir an comhlacht, an eagraíocht nó an grúpa lena mbaineann agus an pobal i gcoitinne nó aicme den phobal i gcoitinne a chónaíonn i Limistéar Gaeltachta, i Limistéar Pleanála Teanga Gaeltachta, i mBaile Seirbhíse Gaeltachta nó i Líonra Gaeilge.]

4. Déanfar tagairt i mír 1 d'aon Roinn áirithe Stáit a fhorléiriú —

(a) mar thagairt a fholaíonn tagairt do chomhlacht, d'eagraíocht nó do ghrúpa atá sonraithe i ndáil leis an Roinn Stáit sin sa Sceideal a ghabhann leis an Acht Airí agus Rúnaithe 1924 (nach comhlacht poiblí eile é atá sonraithe sa mhír sin), agus

(b) mar thagairt nach bhfolaíonn aon chomhlacht, eagraíocht nó grúpa eile.

Anótálacha:

Leasuithe:

F45

Arna chur isteach (6.07.2011) leis an Acht Airí agus Rúnaithe (Leasú) 2011 (10/2011), a. 92, I.R. Uimh. 401 de 2011, airt. 2.

F46

Arna scriosadh (1.05.2007) leis an Acht um Chosaint Tomhaltóirí 2007 (19/2007), a. 40 agus sceid. 3 cuid 1(b), I.R. Uimh. 178 de 2007.

F47

Arna ionadú agus arna chur isteach (6.10.2004) leis an Acht um Bainistíocht na Seirbhíse Poiblí (Earcaíocht agus Ceapacháin) 2004 (33/2004), a. 61 agus sceid. 2 cuid 1, arna thosú ar é a achtú.

F48

Arna ionadú (1.01.2010) leis an Acht um Choimisiún Thithe an Oireachtais (Leasú) 2009 (44/2009), a. 14 agus sceid. cuid 1 ítim 6, arna thosú de réir a. 15(3).

F49

Arna scriosadh (19.12.2019) leis na Rialacháin um Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 (Comhlachtaí Poiblí) 2019 (I.R. Uimh. 230 de 2020), airt. 2(b)(i).

F50

Arna scriosadh (1.05.2006) leis na Rialacháin um Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 (Comhlachtaí Poiblí) 2006 (I.R. Uimh. 150 de 2006), rial. 3 agus sceid 2, in éifeacht de réir rial. 1(2).

F51

Arna ionadú (1.07.2013) leis an Acht um Boird Oideachais agus Oiliúna 2013 (11/2013), a. 72 agus sceid 6 ítim 44, I.R. Uimh. 211 de 2013, airt. 4.

F52

Arna chur isteach (19.12.2019) leis na Rialacháin um Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 (Comhlachtaí Poiblí) 2019 (I.R. Uimh. 230 de 2020), airt. 2(b)(ii).

F53

Arna ionadú (1.07.2010) leis an Acht um Iascach Intíre 2010 (10/2010), a. 8 agus sceid. 2 cuid 14 ítim 1, arna thosú de réir a. 5(2) agus I.R. Uimh. 262 de 2010, airt. 2.

F54

Arna ionadú (1.10.2010) leis an Acht um Athchóiriú an Bhainc Ceannais 2010 (23/2010), a. 15(12) agus sceid. 2 cuid 12 ítim 2, I.R. Uimh. 469 de 2010, airt. 2.

F55

Arna scriosadh (1.10.2010) leis an Acht um Athchóiriú an Bhainc Ceannais 2010 (23/2010), a. 15(12) agus sceid. 2 cuid 12 ítim 2, I.R. Uimh. 469 de 2010, airt. 2.

F56

Arna scriosadh (13.03.2023) le hAcht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021 (49/2021), a. 15(a)(i), I.R. Uimh. 90 de 2023.

F57

Arna ionadú (13.03.2023) le hAcht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021 (49/2021), a. 15(a)(ii), (b), (c)(i), (ii), I.R. Uimh. 90 de 2023.

F58

Arna chur isteach (13.03.2023) le hAcht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021 (49/2021), a. 15(d), I.R. Uimh. 90 de 2023.

Modhnuithe (nach n-athraíonn an téacs):

C18

Feidhmeanna arna n-aistriú agus tagairtí do Ervia arna bhforléiriú (1.06.2024) leis an Acht Gáis (Leasú) agus Forálacha Ilghnéitheacha 2024 (11/2024), a. 11, I.R. Uimh. 208 de 2024.

Transfer of functions

11. (1) On the transfer day, all functions that, immediately before the transfer day, were vested in the dissolved body shall stand vested in Gas Networks Ireland.

(2) References in any enactment (other than this Act) or other document to the dissolved body, to the extent that such references relate to functions, assets, rights or liabilities that are vested in, or transferred to, Gas Networks Ireland by this Act shall, on and from the transfer day, be construed as references to Gas Networks Ireland.

(3) The administration and business in connection with the performance of the functions vested in Gas Networks Ireland by virtue of subsection (1) are on the transfer day transferred to Gas Networks Ireland.

(4) References in any enactment (other than this Act) to the dissolved body, to the extent that such references relate to the administration and business transferred by subsection (3) shall, on and from the transfer day, be construed as references to Gas Networks Ireland.

C19

Tagairt do Bhord na gCon arna forléiriú (1.10.2020) leis an Acht um Rásaíocht Con 2019 (15/2019), a. 8(2), I.R. Uimh. 399 de 2020.

Change of name of Bord na gCon

8. (1) The name of the board (established by section 6 of the Principal Act) the present name of which is Bord na gCon, shall be Rásaíocht Con Éireann.

(2) References in any enactment, statutory instrument or legal proceedings or any other document to Bord na gCon shall, on and from the commencement of this section, be read as references to Rásaíocht Con Éireann.

C20

Tagairt d'Údarás Forbartha an Champais Náisiúnta Spórt arna forléiriú (13.05.2015) leis an Acht um Spórt Éireann 2015 (15/2015), a. 31, arna thosú ar é a achtú.

References to Council or Authority in enactments

31. References to the Council or to the Authority in any enactment (other than this Act) or any instrument made under such an enactment shall, on and after the establishment day, be construed as references to Sport Ireland.

C21

Tagairt don Ghníomhaireacht Náisiúnta Tomhaltóirí arna forléiriú (31.10.2014) mar thagairt don Bhord Achomhairc um Aicmiú Scannán leis an Acht um Iomaíocht agus Cosaint Tomhaltóirí 2014 (29/2014), a. 39(2), I.R. Uimhreacha 286, 367 de 2014.

Transfer of functions to Commission

(2) References in any Act of the Oireachtas passed before the establishment day or in any instrument made before that day under an Act of the Oireachtas to—

(a) the National Consumer Agency, or

(b) the Competition Authority, shall, on and after that day, be construed as references to the Commission.

...

C22

Tagairt do Chomhairle na nDochtúirí Leighis arna forléiriú (3.07.2008) le hAcht na Lia-Chleachtóirí 2007 (25/2007), a. 108(3), I.R. Uimh. 231 de 2008.

Tagairtí do lia-chleachtóir cláraithe agus do Chomhairle na nDochtúirí Leighis, etc., a fhorléiriú.

108.— ...

(3) Gach tagairt——

(a) do Chomhairle na nDochtúirí Leighis, nó

(b) do Chomhairle Chláraitheachta na nDochtúirí Leighis,

atá in aon achtachán eile nó in aon ionstraim reachtúil, forléireofar í mar an Chomhairle de réir bhrí alt 2.

Nótaí Eagarthóireachta:

E31

Cumhacht de bhun a. 4(1)(a) agus mhíreanna 1(5), 3 arna feidhmiú (1.05.2006) leis na Rialacháin um Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 (Comhlachtaí Poiblí) 2006 (I.R. Uimh. 150 de 2006), in éifeacht de réir rial. 1(2).

E32

Foráil a raibh feidhm aici roimhe: tagairt do Bhord Gáis Éireann arna forléiriú mar thagairt do Ervia (19.06.2014) leis an Acht um BSL (Líonraí Cumarsáide Leictreonaí) 2014 (5/2014), a. 8(2), I.R. Uimh. 366 de 2014; Ervia arna fhorléiriú tuilleadh (1.06.2024) de réir C-nóta thuas.

E33

Foráil a raibh feidhm aici roimhe: tagairt ; arna forléiriú tuilleadh.

E34

Foráil a raibh feidhm aici roimhe: Míniú ar an mBord Uchtála arna leasú (1.11.2010) leis an Acht Uchtála 2010 (21/2010), a. 165, I.R. Uimh. 511 de 2010, airt. 2; arna ionadú (19.12.2019) de réir F-nóta thuas.

E35

Foráil a raibh feidhm aici roimhe: An Ghníomhaireacht Náisiúnta Tomhaltóirí arna cur isteach (1.05.2007) leis an Acht um Chosaint Tomhaltóirí 2007 (19/2007), a. 40 agus sceid. 3 cuid 1, I.R. Uimh. 178 de 2007, airt. 2; arna scriosadh (19.12.2019) de réir F-nóta thuas.

Schedule 2

AN DARA SCEIDEAL

An Coimisinéir Teanga

1. Faoi réir fhorálacha an Sceidil seo, beidh duine a cheapfar mar Choimisinéir i seilbh oifige go ceann téarma 6 bliana agus féadfar é nó í a athcheapadh chun na hoifige don dara téarma nó do théarma dá éis.

2. Aon duine a cheapfar mar Choimisinéir—

(a) féadfaidh an tUachtarán, ar an duine á iarraidh sin, é nó í a scaoileadh ó oifig,

(b) féadfaidh an tUachtarán é nó í a chur as oifig ach ní chuir~ fear as oifig é nó í ach amháin mar gheall ar mhí-iompar sonraithe, éagumas nó féimheacht ná ansin féin ach tar éis do Dháil éireann agus do Sheanad éireann rúin a rith ag éileamh é nó í a chur as oifig, agus

F59[(c) éireoidh sé nó sí as oifig ar chaoi ar bith ar 70 bliain d’aois a shlánú nó, i gcás go bhforordófar aois is airde ná sin le hordú faoi alt 3A(2) den Acht um Aoisliúntas na Seirbhíse Poiblí (Forálacha Ilghnéitheacha), 2004 chun críocha an Achta sin, ar an aois sin a shlánú ach, i gcás gurb iontrálaí nua an duine (de réir bhrí an Achta sin) arna cheapadh nó arna ceapadh an 1 Aibreán 2004 nó dá éis, ní bheidh feidhm ag an gceanglas maidir le héirí as oifig ar fhoras aoise]

3. (1) Más rud é, i gcás duine a shealbhaíonn oifig an Choimisinéara—

(a) go n-ainmneofar é nó í mar chomhalta de Sheanad éireann,

(b) go dtoghfar é nó í mar chomhalta de cheachtar Teach den Oireachtas nó d'údarás áitiúil nó chun Parlaimint na hEorpa, nó

(c) go measfar, de bhun alt 15 (a cuireadh isteach leis an Acht um Thoghcháin do Pharlaimint na hEorpa 1993) den Acht um Thoghcháin do Thionól na hEorpa 1977 é nó í a bheith tofa chun Parlaimint na hEorpa chun folúntas a líonadh,

scoirfidh sé nó sí, air sin, de bheith ina Choimisinéir nó ina Coimisinéir.

(2) Duine a bheidh de thuras na huaire i dteideal faoi Bhuan~ Orduithe ceachtar Tí den Oireachtas suí sa Teach sin nó is comhalta de Pharlaimint na hEorpa nó d'údarás áitiúil, beidh sé nó sí, fad a bheidh sé nó sí i dteideal amhlaidh nó ina chomhalta nó ina comhalta den sórt sin, dícháilithe chun a cheaptha nó a ceaptha mar Choimisinéir.

4. Aon duine a bheidh i seilbh oifig an Choimisinéara ní shealbh~ óidh sé nó sí aon oifig nó fostaíocht eile a bhfuil díolaíochtaí iníoctha ina leith ná ní bheidh sé nó sí ina chomhalta nó ina comhalta de na hÓglaigh Cúltaca.

5. Íocfar leis an gCoimisinéir, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, cibé luach saothair agus cibé liúntais i leith caiteachas a chinnfidh an tAire ó am go ham le toiliú an Aire Airgeadais.

6. (1) Féadfaidh an tAire scéim nó scéimeanna a dhéanamh agus a chur i gcrích de réir a téarmaí, is scéim nó scéimeanna chun pinsin, aiscí nó liúntais a dheonú, ar scor nó ar bhás, do dhaoine a bhí i seilbh oifig an Choimisinéara nó i leith na ndaoine sin.

(2) Féadfaidh an tAire, tráth ar bith, scéim nó scéimeanna lena leasaítear nó lena gcúlghairtear scéim faoin mír seo a dhéanamh agus a chur i gcrích de réir a téarmaí.

(3) Déanfar scéim faoin mír seo a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a déanta agus, má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den 21 lá a shuífidh an Teach sin tar éis an scéim a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú na scéime, beidh an scéim ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin scéim.

7. (1) Féadfaidh an tAire cibé líon daoine a chinnfidh an tAire ó am go ham, le toiliú an Aire Airgeadais, a cheapadh le bheith ina gcomhaltaí d'fhoireann an Choimisinéara.

(2) Beidh comhaltaí d'fhoireann an Choimisinéara ina stát~ seirbhísigh i Státseirbhís an Stáit (de réir bhrí Acht Rialuithe na Stát-Sheirbhíse 1956).

(3) Féadfaidh an tAire na cumhachtaí is infheidhmithe aige nó aici faoi Acht Choimisinéirí na Stát-Sheirbhíse 1956 agus faoi Achtanna Rialaithe na Státseirbhíse 1956 go 1996 mar an t-údarás iomchuí i ndáil le comhaltaí d'fhoireann an Choimisinéara a tharmligean chun an Choimisinéara agus, má dhéanann an tAire amhlaidh, ansin, fad a fhanfaidh an tarmligean i bhfeidhm—

(a) beidh na cumhachtaí sin, in ionad iad a bheith infheidhmithe ag an Aire, infheidhmithe ag an gCoimisinéir, agus

(b) is é nó is í an Coimisinéir, in ionad an Aire, an t-údarás iomchuí chun críocha an Achta seo i ndáil le comhaltaí d'fhoireann an Choimisinéara.

8. (1) Coimeádfaidh an Coimisinéir, i cibé foirm a cheadóidh an tAire, na cuntais go léir is cuí agus is gnách ar an airgead go léir a gheobhaidh nó a chaithfidh sé nó sí agus na cuntais speisialta sin go léir (más ann) a ordóidh an tAire.

(2) Déanfaidh an Coimisinéir cuntais a choimeádfar de bhun na míre seo i leith gach bliana a chur faoi bhráid an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste an bhliain ina dhiaidh sin, ar dháta nach déanaí ná dáta a shonróidh an tAire, lena n-iniúchadh agus, a luaithe is féidir tar éis an iniúchta, déanfaidh an Coimisinéir cóip de na cuntais sin, nó de cibé sleachta as na cuntais sin a shonróidh an tAire, mar aon le tuarascáil an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste maidir leis na cuntais, a thíolacadh don Aire agus cuirfidh seisean nó sise faoi deara cóipeanna de na doiciméid a tíolacadh dó nó di a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

9. Féadfaidh an Coimisinéir aon fheidhm de chuid an Choimisinéara (seachas feidhmeanna faoin mír seo nó faoi alt 26 ) a tharmligean chuig comhalta d'fhoireann an Choimisinéara agus déanfar tagairtí san Acht seo don Choimisinéir a fhorléiriú, más cuí ag féachaint d'aon tarmligean faoin mír seo, mar thagairtí a fholaíonn tagairtí d'aon duine a mbeidh feidhmeanna tarmligthe chuige nó chuici leis an tarmligean.

Anótálacha:

Leasuithe:

F59

Arna ionadú (26.12.2018) leis an Acht um Aoisliúntas na Seirbhíse Poiblí (Aois Scoir) 2018 (39/2018), a. 7 agus sceid., arna thosú ar é a achtú.

Modhnuithe (nach n-athraíonn an téacs):

C23

Cumhacht an Aire chun feidhmeanna a tharmligean faoin Acht Rialuithe na Stát-Sheirbhíse 1956 agus có-luaite Achtanna Rialaithe na Státseirbhíse arna scor (4.07.2006) le hAcht Rialaithe na Státseirbhíse (Leasú) 2005 (18/2005), a. 14, I.R. Uimh. 363 de 2006, faoi réir fhorálacha idirthréimhseacha in a. 15.

Cesser of delegation of powers under Principal Act.

14.—Where in any enactment provision is made for the delegation by a Minister of the Government of any of the powers exercisable by that Minister under—

(a) the Civil Service Regulation Act 1956,

(b) the Civil Service Regulation Acts 1956 and 1958,

(c) the Civil Service Regulation Acts 1956 to 1996,

to another person then, subject to the provisions of section 15, on the coming into operation of this section any such delegation in force shall stand revoked, and such power of delegation shall thereafter cease to be exercisable.

Nótaí Eagarthóireachta:

E36

Foráil fiosrúchán a sheoladh maidir le mír 2(b) arna déanamh (25.09.2013) leis an Acht um Thithe an Oireachtais (Fiosrúcháin, Pribhléidí agus Nósanna Imeachta) 2013 (33/2013), a. 9, I.R. Uimh. 362 de 2013.

E37

Cumhacht de bhun a. 20 agus sceideal arna feidhmiú (23.02.2004) le Scéim Aoisliúntais An Choimisinéara Teanga 2009 (I.R. Uimh. 580 de 2009), airt. 2.

E38

Cumhacht de bhun a. 20 agus sceideal arna feidhmiú (23.02.2004) le Scéim Pinsean Ranníocach an Choimisinéara Teanga do Chéilí agus Leanaí 2009 (I.R. Uimh. 579 de 2009), airt. 2.

E39

Scéim pinsin arna bunú faoi mhír 6 arna heisiamh ó fheidhm Acht na bPinsean 1990 (25/1990), Cuid III dá bhforáiltear (2.06.20020) le Occupational Pension Schemes (Preservation of Benefits) Regulations 2002 (I.R. Uimh. 279 de 2002), rial. 11 agus sceid. cuid I, in éifeacht de réir rial. 1(2), arna leasú.

E40

Caighdeán maoiniúcháin d'aon scéim pinsean sochair shainithe ar bith arna bunú faoi mhír 6 arna foráil (31.12.1993) le Occupational Pension Schemes (Funding Standard) Regulations 1993 (I.R. Uimh. 419 de 1993), rial. 6 agus sceid. C, in éifeacht de réir rial. 1(2), arna leasú.

E41

Foráil a raibh feidhm aici roimhe: mír 2(c) arna leasú (25.03.2004) leis an Acht um aoisliúntas na Seirbhíse Poiblí (Forálacha Ilghnéitheacha) 2004 (7/2004), a. 3(2) agus sceid. 2 cuid 2, arna tosú ar éa achtú; arna ionadú de réir F-nóta thuas.


Uimhir 32 de 2003


ACHT NA dTEANGACHA OIFIGIÚLA 2003

ATHBHREITHNITHE

Uasdátaithe go 1 Meitheamh 2025


Réamhrá

Leis an Acht Athbhreithnithe seo, cuirtear téacs an Achta i láthair mar a leasaíodh é óna achtú, agus caomhnaítear an leagan amach inar ritheadh é.

Reachtaíocht ghaolmhar

Achtanna na dTeangacha Oifigiúla 2003 agus 2021: is ceann de ghrúpa Achtanna a bhaineann leis an gcomhlua seo (Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021 (49/2021), a. 20(2)) é an tAcht seo. Is iad na hAchtanna sa ghrúpa:

Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 (32/2003)

Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021 (49/2021)

Anótálacha

Tá an tAcht Athbhreithnithe seo anótáilte agus folaíonn sé leasuithe téacsúla agus neamh-théacsúla, ionstraimí reachtúla déanta de bhun an Achta agus forálacha a raibh feidhm acu roimhe.

Tá míniú ar conas anótálacha a léamh ar fáil ag

www.lawreform.ie/annotations.

Ábhar nach bhfuil uasdátaithe san athbhreithniú seo

I gcás go bhfuil reachtaíocht eile á leasú ag an Acht seo, féadfaidh sé gur cuireadh leasuithe eile i reachtaíocht eile in ionad na leasuithe sin, nó féadfaidh sé go ndearnadh an reachtaíocht leasaithe a aisghairm nó a chúlghairm. Níl an fhaisnéis sin léirithe san athbhreithniú seo ach beidh sí le feiceáil in athbhreithniú ar an reachtaíocht leasaithe, má tá ceann ar fáil.

I gcás go bhfuil tagairt déanta do reachtaíocht nó do phíosa reachtaíochta in anótálacha, féadfaidh sé nach bhfuil athruithe ar an reachtaíocht sin nó ar an bpíosa reachtaíochta sin le feiceáil san athbhreithniú seo, ach beidh siad le feiceáil in athbhreithniú ar na reachtaíocht dá dtagraítear thuas, má tá ceann ar fáil.

Is féidir liosta d'athruithe reachtacha ar Acht ar bith, agus ar ionstraimí reachtúla ó 1972 i leith, a fháil trí naisc ó leathanach an Achta nó na hionstraime reachtúla ag

www.irishstatutebook.ie.

Achtanna a bhfuil feidhm acu nó a raibh feidhm acu roimhe ar an athbhreithniú seo

An tAcht Gáis (Leasú) agus Forálacha Ilghnéitheacha 2024 (11/2024)

An tAcht Rialtais Áitiúil (Méara Luimnigh) agus Forálacha Ilghnéitheacha 2024 (7/2024)

Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021 (49/2021)

An tAcht Rialtais Áitiúil 2019 (1/2019)

An tAcht um Aoisliúntas na Seirbhíse Poiblí (Aois Scoir) 2018 (39/2018)

An tAcht um Chosaint Sonraí 2018 (7/2018)

Acht na gCuideachtaí 2014 (38/2014) 

An tAcht um Thithe an Oireachtais (Fiosrúcháin, Pribhléidí agus Nósanna Imeachta) 2013 (33/2013)

An tAcht um Boird Oideachais agus Oiliúna 2013 (11/2013)

An tAcht Ombudsman (Leasú) 2012 (38/2012)

An tAcht um an Dlí Sibhialta (Forálacha Ilghnéitheacha) 2011 (23/2011)

An tAcht Comhshaoil (Forálacha Ilghnéitheacha) 2011 (20/2011)

An tAcht Airí agus Rúnaithe (Leasú) 2011 (10/2011)

An tAcht Leasa Shóisialaigh agus Pinsean 2011 (9/2011)

An tAcht um Fhorais Chreidmheasa (Cobhsúchán) 2010 (36/2010)

An tAcht um Athchóiriú an Bhainc Ceannais 2010 (23/2010)

An tAcht Uchtála 2010 (21/2010)

An tAcht um Iascach Intíre 2010 (10/2010)

An tAcht um Choimisiún Thithe an Oireachtais (Leasú) 2009 (44/2009) 

An tAcht fán nGníomhaireacht Náisiúnta um Bainistíocht Sócmhainní 2009 (34/2009)

An tAcht um Chosaint Tomhaltóirí 2007 (19/2007)

An tAcht um Chlárú Sibhialta (Leasú) 2005 (18/2005)

An tAcht um Bainistíocht na Seirbhíse Poiblí (Earcaíocht agus Ceapacháin) 2004 (33/2004)

An tAcht um Aoisliúntas na Seirbhíse Poiblí (Forálacha Ilghnéitheacha) 2004 (7/2004)

Cuireadh san áireamh gach Acht suas go dtí an tAcht Airgeadais (Rochtain ar Bhonneagar Airgid Thirim a Sholáthar) 2025 (4/2025), a achtaíodh an 20 Bealtaine 2025, agus é sin san áireamh, agus an t-athbhreithniú seo á ullmhú.

Ionstraimí reachtúla a bhfuil feidhm acu nó a raibh feidhm acu roimhe ar an athbhreithniú seo

Irish Language and the Gaeltacht (Transfer of Departmental Administration and Ministerial Functions) Order 2025 (I.R. Uimh. 175 de 2025)

An tOrdú um Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 (An Lá Bunaithe) 2022 (I.R. Uimh. 312 de 2022)

Na Rialacháin um Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 (Comhlachtaí Poiblí) 2019 (I.R. Uimh. 230 de 2020)

An tOrdú Logainmneacha (Contae Chorcaí) 2012 (I.R. Uimh. 395 de 2012)

An tOrdú Logainmneacha (Ceantair Ghaeltachta) 2011 (I.R. Uimh. 599 de 2011)

An tOrdú Logainmneacha (Contae Bhaile Átha Cliath) 2011 (I.R. Uimh. 598 de 2011)

Finance (Transfer of Departmental Administration and Ministerial Functions) Order 2011 (I.R. Uimh. 418 de 2011)

Irish Language, Gaeltacht and the Islands (Transfer of Departmental Administration and Ministerial Functions) Order 2011 (I.R. Uimh. 164 de 2011)

Scéim Aoisliúntais an Choimisinéara Teanga 2009 (I.R. Uimh. 580 de 2009)

Scéim Pinsean Ranníocach an Choimisinéara Teanga do Chéilí agus Leanaí 2009 (I.R. Uimh. 579 de 2009)

Na Rialacháin um Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 (Alt 9) 2008 (I.R. Uimh. 391 de 2008)

An tOrdú Logainmneacha (Contae Luimnigh) (Leasú) 2008 (I.R. Uimh. 115 de 2008) 

Na Rialacháin um Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 (Comhlachtaí Poiblí) 2006 (I.R. Uimh. 150 de 2006)

An tOrdú Logainmneacha (Contae Thiobraid Árann) 2005 (I.R. Uimh. 847 de 2005)

An tOrdú Logainmneacha (Lárionaid Daonra agus Dúichí) 2005 (I.R. Uimh. 59 de 2005)

An tOrdú Logainmneacha (Ceantair Ghaeltachta) 2004 (I.R. Uimh. 872 de 2004)

Na Rialacháin um Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 (Léarscáileanna Forordaithe) 2004 (I.R. Uimh. 212 de 2004)

An tOrdú um Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 (Tosach Feidhme) 2004 (I.R. Uimh. 32 de 2004)

An tOrdú Logainmneacha (Contae Uibh Fhailí) 2003 (I.R. Uimh 525 de 2003)

An tOrdú Logainmneacha (Contae Phort Láirge) 2003 (I.R. Uimh. 524 de 2003)

An tOrdú Logainmneacha (Contae Mhuineacháin) 2003 (I.R. Uimh 523 de 2003)

An tOrdú Logainmneacha (Contae Luimnigh) 2003 (I.R. Uimh. 522 de 2003)

An tOrdú Logainmneacha (Contae Lú) 2003 (I.R. Uimh. 521 de 2003)

An tOrdú Logainmneacha (Contae Chill Chainnigh) 2003 (I.R. Uimh. 520 de 2003)

An tOrdú Logainmneacha (Contaetha agus Cúigí) 2003 (I.R. Uimh 519 de 2003)

An tOrdú Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 (Tosach Feidhme) 2003 (I.R. Uimh. 518 de 2003)

Occupational Pension Schemes (Preservation of Benefits) Regulations 2002 (I.R. Uimh. 279 de 2002)

Occupational Pension Schemes (Funding Standard) Regulations 1993 (I.R. Uimh. 419 de 1993)

Cuireadh san áireamh gach ionstraim reachtúil suas go dtí an Agriculture, Food and the Marine (Delegation of Ministerial Functions) Order 2025 (I.R. Uimh. 244 de 2025), a rinneadh an 4 Meitheamh 2025, agus é sin san áireamh, agus an t-athbreithniú seo á ullmhú.