Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003

Gearrtheideal agus tosach feidhme.

1

1. —(1) Féadfar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 a ghairm den Acht seo.

(2) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá nó laethanta, nach déanaí ná 3 bliana tar éis an tAcht seo a rith, a shocrófar chuige sin, le hordú nó le horduithe ón Aire faoin alt seo, i gcoitinne nó faoi threoir aon chríche nó forála áirithe agus féadfar laethanta éagsúla a shocrú amhlaidh chun críoch éagsúil agus le haghaidh forálacha éagsúla.

Anótálacha:

Nótaí Eagarthóireachta:

E1

Tá tábla ina dtaispeántar faisnéis tosaithe in ordú de réir ailt ar fáil ag https://www.irishstatutebook.ie/eli/isbc/2003_32.html

E2

Cumhacht de bhun a. 1(2) arna feidhmiú (19.01.2024) leis An Ordú um Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 (Tosach Feidhme) 2004 (I.R. Uimh. 32 de 2004)

3. Socraítear gurb é an 19 Eanáir 2004 an lá a thiocfaidh—

(a) ailt 5 agus 6,

(b) Cuid 3 (seachas ailt 9(3) agus 10) agus Cuid 4, agus

(c) alt 36

d'Acht 2003 agus an Chéad Sceideal agus an Dara Sceideal a ghabhann le hAcht 2003 i ngníomh.

4. Socraítear gurb é an 1 Bealtaine 2004 an lá a thiocfaidh—

(a) mír (a), a mhéid a bhaineann sí le comhlacht poiblí (seachas údarás áitiúil),

(b) mír (a), a mhéid a bhaineann sí le húdarás áitiúil, maidir le doiciméid a fhoilsítear tar éis an lae sin (seachas plean forbartha a fhoilsítear faoi alt 11 den Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000 (Uimh. 30 de 2000) ach nach bhfuil déanta fós faoi alt 12 den Acht sin),

(c) mír (b), a mhéid a bhaineann sí le tuarascáil bhliantúil maidir leis an mbliain 2003 nó aon bhliain dá éis sin,

(d) mír (c), a mhéid a bhaineann sí le cuntas iniúchta nó ráiteas airgeadais i leith na bliana 2003 nó aon bhliain dá éis sin,

(e) mír (d), a mhéid a bhaineann sí le ráiteas straitéise i leith na bliana 2003 nó aon bhliain dá éis sin, agus

(f) mír (e)

d'alt 10 d'Acht 2003 i ngníomh.

E2

Cumhacht de bhun fho-alt (2) arna feidhmiú (30.10.2003) leis an Ordú Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 (Tosach Feidhme) 2003 (I.R. Uimh. 518 de 2003).

2. Tiocfaidh Ailt 2, 3, 4 agus Cuid 5 d'Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 (Uimh. 32 de 2003) i ngníomh an 30 Deireadh Fómhair 2003.