Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
F1[Ainmneacha agus lógónna comhlachtaí reachtúla nuabhunaithe
9D. —(1) Maidir le hainm comhlachta reachtúil a bhunófar, ar agus ó thosach feidhme alt 4 d’Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021, is i nGaeilge a bheidh sé.
(2) Maidir le téacs is cuid de lógó comhlachta reachtúil a bhunófar, ar agus ó thosach feidhme alt 4 d’Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021, is i nGaeilge nó i nGaeilge agus i mBéarla araon a bheidh sé.
(3) I gcás gur i nGaeilge agus i mBéarla araon a bheidh téacs dá dtagraítear i bhfo-alt (2)—
(a) beidh an chuid den téacs a bheidh i nGaeilge roimh an gcuid den téacs a bheidh i mBéarla,
(b) maidir leis an gcuid den téacs a bheidh i nGaeilge, ní bheidh sí i gcló níos lú ná an chuid den téacs a bheidh i mBéarla agus beidh sí chomh feiceálach, chomh hinfheicthe agus chomh hinléite céanna leis an gcuid den téacs a bheidh i mBéarla, agus
(c) más rud é go mbeidh cuid den téacs a bheidh i nGaeilge giorraithe, beidh an chuid den téacs a bheidh i mBéarla, arb í an t-aistriúchán ar an téacs giorraithe sin í, giorraithe freisin.
Anótálacha:
Leasuithe:
F15
Arna chur isteach (21.12.2024) le hAcht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021 (49/2021), a. 5, I.R. Uimh. 692 de 2024.
Modhnuithe (nach n-athraíonn an téacs):
C13
Foráil a bhfuil feidhm ionchasach aici: alt arna chur isteach le hAcht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021 (49/2021), a. 5, nach bhfuil tosaithe amhail ar dháta an athbhreithnithe. ]
