Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
F14[Dualgas comhlachtaí poiblí maidir le lógónna
9C. —(1) Cinnteoidh comhlacht poiblí, ar agus ó thosach feidhme alt 4 d’Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021, i gcás go mbeidh a lógó á athnuachan nó á athrú aige, gur i nGaeilge nó i nGaeilge agus i mBéarla araon a bheidh téacs is cuid den lógó nua nó den lógó athraithe.
(2) I gcás gur i nGaeilge agus i mBéarla araon a bheidh téacs dá dtagraítear i bhfo-alt (1)—
(a) beidh an chuid den téacs a bheidh i nGaeilge roimh an gcuid den téacs a bheidh i mBéarla,
(b) maidir leis an gcuid den téacs a bheidh i nGaeilge, ní bheidh sí i gcló níos lú ná an chuid den téacs a bheidh i mBéarla agus beidh sí chomh feiceálach, chomh hinfheicthe agus chomh hinléite céanna leis an gcuid den téacs a bheidh i mBéarla, agus
(c) más rud é go mbeidh cuid den téacs a bheidh i nGaeilge giorraithe, beidh an chuid den téacs a bheidh i mBéarla, arb í an t-aistriúchán ar an téacs giorraithe sin í, giorraithe freisin.
San alt seo agus in alt 9D, ciallaíonn "lógó" an lógó a úsáideann comhlacht de ghnáth ar cheannteidil stáiseanóireachta, libhré nó comharthaíocht de chuid an chomhlachta agus lena ngabhann, i gcoitinne, ainm an chomhlachta, agus folaíonn sé lógó aon scéime, cláir, tionscnaimh beartais nó suímh gréasáin arna riaradh ag an gcomhlacht nó dá bhfuil an comhlacht freagrach.
(4) I bhfo-alt (1), folóidh "téacs" aon ghiorrúchán nó acrainm ar ainm, i nGaeilge, an chomhlachta lena mbaineann.]
Anótálacha:
Leasuithe:
F14
Arna chur isteach (21.12.2024) le hAcht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021 (49/2021), a. 5, I.R. Uimh. 692 de 2024.
Modhnuithe (nach n-athraíonn an téacs):
C12
Foráil a bhfuil feidhm ionchasach aici: alt arna chur isteach le hAcht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021 (49/2021), a. 5, nach bhfuil tosaithe ar dháta an athbhreithnithe.
