Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003

F1[Duty of public bodies regarding official forms

9B

9B. (1) D’fhonn ábhar agus leagan amach foirmeacha oifigiúla de chuid comhlacht poiblí a fhorordú, féadfaidh an tAire, tar éis dul i gcomhairle le cibé Aire (más ann) den Rialtas is cuí leis an Aire, ag féachaint d’fheidhmeanna an chomhlachta phoiblí, an comhlacht a fhorordú chun críocha an ailt seo.

(2) Féadfaidh an tAire, le linn comhlacht poiblí a fhorordú faoi fho-alt (1), a fhorordú gur i nGaeilge nó i nGaeilge agus i mBéarla araon a bheidh ábhar agus leagan amach foirmeacha oifigiúla an chomhlachta phoiblí agus féadfar forálacha éagsúla a dhéanamh i ndáil le comhlachtaí poiblí éagsúla nó le foirmeacha oifigiúla éagsúla.

(3) Le linn ábhar agus leagan amach foirmeacha a fhorordú faoi fho-alt (2), beidh aird ag an Aire ar na nithe seo a leanas i gcás gur i nGaeilge agus i mBéarla araon a bheidh téacs san fhoirm oifigiúil lena mbaineann:

(a) an t-ord ina mbeidh an téacs i ngach teanga san fhoirm oifigiúil;

(b) feiceálacht, infheictheacht, inléiteacht, méid, cló, cuma fhoriomlán agus stíl téacs teanga amháin san fhoirm oifigiúil i leith théacs na teanga eile;

(c) an gá atá ann go gcuirfear an teachtaireacht chéanna in iúl le gach ceann de na teangacha oifigiúla;

(d) an modh ar a mbeidh teideal le húsáid roimh ainm duine nó i ndiaidh ainm duine san fhoirm oifigiúil, go háirithe faoi threoir aitheantas a thabhairt do na foirmeacha éagsúla de na teidil sin i ngach teanga;

(e) an modh ar a bhféadfar focail ghiorraithe a úsáid i ngach teanga.

Le linn ábhar agus leagan amach foirmeacha a fhorordú faoi fho-alt (2), beidh aird ag an Aire ar na nithe seo a leanas i gcás gur i nGaeilge amháin a bheidh téacs san fhoirm oifigiúil lena mbaineaneann

(a) an modh ar a mbeidh teideal le húsáid roimh ainm duine nó i ndiaidh ainm duine san fhoirm oifigiúil, go háirithe faoi threoir aitheantas a thabhairt do na foirmeacha éagsúla de na teidil sin i ngach teanga;

(b) an modh ar a bhféadfar focail ghiorraithe a úsáid i ngach ceann de na teangacha.

Anótálacha:

Leasuithe:

F13

Arna chur isteach (21.12.2024) le hAcht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021 (49/2021), a. 5, I.R. Uimh. 692 de 2024.]