Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003

F1[Dualgas comhlachtaí poiblí maidir le hainmneacha, seoltaí agus teidil i nGaeilge

9A

9A. D’fhonn a chinntiú go ndéanfaidh comhlacht poiblí ainm (lena n-áirítear foirm athartha nó foirm mháthartha an ainm), seoladh nó teideal (lena n-áirítear an rogha gan teideal ar bith a úsáid) duine i nGaeilge, a thaifeadadh agus a úsáid i gceart, féadfaidh an tAire, tar éis dul i gcomhairle le cibé Aire (más ann) den Rialtas is cuí leis an Aire, ag féachaint d’fheidhmeanna an chomhlachta phoiblí, an comhlacht a fhorordú chun críocha an ailt seo.

(2) Féadfaidh an tAire, le linn comhlacht poiblí a fhorordú faoi fho-alt (1), na seirbhísí a thairgeann nó a sholáthraíonn an comhlacht a shonrú, is seirbhísí ar ina leith a fhorordófar amhlaidh é.

(3) Cinnteoidh comhlacht poiblí a fhorordófar faoi fho-altfho-alt (1) go mbeidh na córais faisnéise agus chumarsáide, agus aon chórais eile (cibé acu córais leictreonacha nó eile), a úsáideann an comhlacht ina chumarsáidí leis an bpobal i gcoitinne, nó le haicme den phobal i gcoitinne, de réir mar is cuí, cumraithe ar mhodh—

(a) lena gceadófar, leis na córais sin, ainm (lena n-áirítear foirm athartha nó foirm mháthartha an ainm), seoladh nó teideal (lena n-áirítear an rogha gan teideal ar bith a úsáid) duine i nGaeilge a thaifeadadh agus a úsáid i gceart i ndáil leis na seirbhísí arna dtairiscint nó arna soláthar ag an gcomhlacht ar ina leith a fhorordófar amhlaidh é, agus

(b) lena ndéanfar úsáid an tsínte fhada sa téacs Gaeilge a éascú.

(4) (a) Déanfaidh an tAire, tráth nach déanaí ná 3 mhí ó thosach feidhme alt 4 d’Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021 agus tar éis dul i gcomhairle le cibé Aire eile (más ann) den Rialtas is cuí leis an Aire, treoirlínte a ullmhú agus a eisiúint chun cuidiú le comhlachtaí poiblí a gcuid oibleagáidí faoin alt seo agus faoi ailt 9B, 9C agus 9D a chomhlíonadh.sections 9B, 9C and 9D.

(b) Beidh aird ag comhlacht poiblí ar na treoirlínte, más ann, a eiseofar faoi  mhír (a) le linn dó a chuid oibleagáidí faoin alt seo agus faoi  ailt 9B, 9C and 9D a chomhlíonadh.

(c) Déanfaidh an tAire, a luaithe is indéanta, treoirlínte a eiseofar faoi  paragraph (a) a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin na Roinne Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta.

(d) Déanfaidh an tAire, i gceann cibé eatramh is cuí leis nó léi, treoirlínte a eiseofar faoi mhír a a athmheas agus beidh feidhm ag forálacha an fho-ailt seo maidir le hullmhú, eisiúint agus foilsiú na dtreoirlínte athmheasta sin mar atá feidhm acu maidir leis na treoirlínte a eisíodh i gcéaduair.

Anótálacha:

Leasuithe:

F12

Arna chur isteach (21.12.2024) le hAcht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021 (49/2021), a. 5, I.R. Uimh. 692 de 2024.