Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Dualgas comhlachtaí poiblí na teangacha oifigiúla a úsáid ar stáiseanóireacht oifigiúil, etc.
9. —(1) Féadfaidh an tAire, le rialacháin, a fhoráil gur i nGaeilge, nó i mBéarla agus i nGaeilge, a mhéid a bheidh sonraithe, a bheidh fógairtí béil (cibé acu beo nó taifeadta) arna ndéanamh ag comhlacht poiblí, ceannteidil stáiseanóireachta a úsáideann comhlacht poiblí agus ábhar agus leagan amach aon chomharthaíF9[…] dá chuid agus féadfar forálacha éagsúla a dhéanamh i ndáil le haicmí éagsúla comhlachta, fógairtí béil, F10[stáiseanóireachta nó comharthaí]F9[…].
F11[ (2) I gcás go ndéanfaidh duine cumarsáid i scríbhinn, leis an bpost leictreonach nó ar na meáin shóisialta, i dteanga oifigiúil le comhlacht poiblí, freagróidh an comhlacht poiblí sa teanga chéanna.]
F11[(3) I gcás go ndéanfaidh comhlacht poiblí cumarsáid i scríbhinn nó leis an bpost leictreonach leis an bpobal i gcoitinne nó le haicme den phobal i gcoitinne chun faisnéis a thabhairt don phobal nó don aicme nó chun margaíocht a dhéanamh ar an gcomhlacht poiblí nó ar a chuid seirbhísí leis an bpobal nó leis an aicme, cinnteoidh an comhlacht gur i nGaeilge, nó i nGaeilge agus i mBéarla, a bheidh an chumarsáid.]
F11[(4) I gcás gur i nGaeilge agus i mBéarla a bheidh an chumarsáid dá dtagraítear i bhfo-alt (3)—]
(a) maidir leis an gcuid den téacs a bheidh i nGaeilge, ní bheidh sí i gcló níos lú ná an chuid den téacs a bheidh i mBéarla agus beidh sí chomh feiceálach, chomh hinfheicthe agus chomh hinléite céanna leis an gcuid den téacs a bheidh i mBéarla, agus
F11[(b) más rud é, maidir leis an téacs a bheidh i nGaeilge, go mbeidh cuid de giorraithe, beidh an chuid den téacs a bheidh i mBéarla, arb í an t-aistriúchán ar an téacs giorraithe sin í, giorraithe freisin.]
Anótálacha:
Leasuithe:
F9
Arna scriosadh (21.12.2024) le hAcht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021 (49/2021), a. 4(a)(i), I.R. Uimh. 692 de 2024.
F10
Arna ionadú (21.12.2024) le hAcht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021 (49/2021), a. 4(a)(ii), (b),(c), I.R. Uimh. 692 de 2024.
F11
Arna chur isteach (21.12.2024) le hAcht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021 (49/2021), a. 4(c), I.R. Uimh. 692 de 2024.
Nótaí Eagarthóireacha:
E9
Cumhacht de bhun fho-alt (1) arna feidhmiú (1.10.2008) leis na Rialacháin um Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 (Alt 9) 2008 (I.R. Uimh. 391 de 2008).
