Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
F27[Dualgas caighdeáin teanga a chomhlíonadh
19B.—(1) I gcás go mbeidh caighdeán teanga forordaithe, faoi alt 19A(2), ag an Aire, is caighdeán teanga a mbeidh feidhm aige maidir le comhlacht poiblí, déanfaidh an comhlacht, mura mbeidh maolú deonaithe agus go dtí go mbeidh maolú deonaithe i leith an chaighdeáin nó i leith cuid den chaighdeán, an caighdeán, nó cuid den chaighdeán, de réir mar a bheidh, a chomhlíonadh.
(2) Ní fhorléireofar aon ní i gcaighdeán teanga a fhorordófar faoi alt 19A(2), is caighdeán teanga a mbeidh feidhm aige maidir le comhlacht poiblí, mar ní a thoirmisceann ar chomhlacht poiblí bearta breise a chur i ngníomh chun stádas na Gaeilge a chur chun cinn laistigh dá eagraíocht.]
Anótálacha:
Leasuithe:
F33
Arna chur isteach (13.03.2023) le hAcht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021 (49/2021), a. 9, I.R. Uimh. 90 de 2023.
