Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
F32[Caighdeáin teanga
19A. —(1) D’fhonn caighdeáin teanga a fhorordú, is caighdeáin teanga a mbeidh feidhm acu maidir le comhlacht poiblí nó maidir le haicme comhlachtaí poiblí chun úsáid na Gaeilge a chur chun cinn chun críoch oifigiúil sa Stát, féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire den Rialtas a bhfuil feidhmeanna dílsithe dó nó di i ndáil leis an gcomhlacht nó le gach ceann de na comhlachtaí san aicme comhlachtaí poiblí, an comhlacht poiblí nó an aicme comhlachtaí poiblí a fhorordú chun críocha an ailt seo.
(2) Féadfaidh an tAire caighdeáin teanga a fhorordú, is caighdeáin teanga a mbeidh feidhm acu maidir le comhlacht poiblí nó maidir le haicme comhlachtaí poiblí a fhorordófar faoi fho-alt (1), agus féadfaidh feidhm a bheith ag caighdeáin éagsúla maidir le comhlachtaí poiblí éagsúla nó maidir le haicmí éagsúla comhlachtaí poiblí.
(3) Maidir le caighdeáin teanga a fhorordófar faoi fho-alt (2), féadfaidh caighdeáin a bheith ar áireamh iontu lena sonrófar an méid seo a leanas—
(a) seirbhísí a bheidh le soláthar, trí mheán na Gaeilge, ag an gcomhlacht poiblí nó ag an aicme comhlachtaí poiblí lena mbaineann,
(b) seirbhísí a bheidh le soláthar, trí mheán na Gaeilge agus an Bhéarla araon, ag an gcomhlacht poiblí nó ag an aicme comhlachtaí poiblí lena mbaineann,
(c) an leibhéal inniúlachta i nGaeilge is gá a bheith ag foireann de chuid an chomhlachta phoiblí nó de chuid na haicme comhlachtaí poiblí lena mbaineann chun an méid seo a leanas a dhéanamh—
(i) a chumasú don chomhlacht poiblí nó don aicme comhlachtaí poiblí míreanna (a) agus (b)a chomhlíonadh, agus
(ii) a chumasú d’fhoireann de chuid gach ceann de na comhlachtaí poiblí lena mbaineann cumarsáid a dhéanamh, laistigh den chomhlacht sin, le foireann eile de chuid an chomhlachta—
(I) trí mheán na Gaeilge, nó
(II) trí mheán na Gaeilge agus an Bhéarla araon,
agus
(d) i gcás go bhfuil seirbhís, clár nó beartas á seachadadh nó á sheachadadh nó á cur i ngníomh nó á chur i ngníomh ag comhlacht poiblí nó ag aicme comhlachtaí poiblí, nó go mbeartaíonn comhlacht poiblí nó aicme comhlachtaí poiblí seirbhís, clár nó beartas a sheachadadh nó a chur i ngníomh, i Limistéar Pleanála Teanga Gaeltachta, i mBaile Seirbhíse Gaeltachta nó i Líonra Gaeilge, a mhéid a chuirfear i gcuntas an tionchar teanga ar an Limistéar Pleanála Teanga Gaeltachta, ar an mBaile Seirbhíse Gaeltachta nó ar an Líonra Gaeilge lena mbaineann maidir le seachadadh nó cur i ngníomh na seirbhíse, an chláir nó an bheartais sin.
(4) Le linn dó nó di caighdeáin teanga a fhorordú faoi fho-alt (2) , beidh aird ag an Aire ar an méid seo a leanas—
(a) na seirbhísí a sholáthraíonn an comhlacht trí mheán na Gaeilge,
(b) aon scéim a bheidh i bhfeidhm i leith an chomhlachta faoi alt 14,
(c) aon chaighdeán teanga a fhorordófar faoin alt seo, is caighdeán teanga a mbeidh feidhm aige maidir leis an gcomhlacht,
(d) a mhéid a idirghníomhaíonn an comhlacht poiblí nó an aicme comhlachtaí poiblí lena mbaineann leis an bpobal i gcoitinne nó le haicme den phobal i gcoitinne,
(e) a mhéid a fhéadfaidh seirbhís, clár nó beartas arna seachadadh nó arna sheachadadh nó arna cur i ngníomh nó arna chur i ngníomh, nó a bheidh le seachadadh nó le cur i ngníomh, ag comhlacht poiblí nó ag aicme comhlachtaí poiblí difear a dhéanamh don phobal i gcoitinne nó d’aicme den phobal i gcoitinne i Limistéar Pleanála Teanga Gaeltachta, i mBaile Seirbhíse Gaeltachta nó i Líonra Gaeilge, agus aird ar leith ar Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta,
(f) aon bharúlacha a gheobhaidh sé nó sí faoi fho-alt (6)(c) nó (d), agus
(g) seirbhísí a shainaithneofar sa Phlean Náisiúnta.
(5) Cinnteoidh an tAire, le linn dó nó di caighdeáin teanga a fhorordú faoi fho-alt (2), nach mbeidh d’éifeacht le caighdeán a bheidh le forordú a cheangal ar an gcomhlacht poiblí lena mbaineann líon níos lú seirbhísí a sholáthar trí mheán na Gaeilge ná an líon arna sholáthar ag an gcomhlacht (de dheoin an chomhlachta féin, de bhun scéim a bheidh i bhfeidhm i leith an chomhlachta faoi alt 14 nó de bhun caighdeán teanga arna fhorordú faoin alt seo) roimh an gcaighdeán a fhorordú.
(6) Sula ndéanfaidh an tAire caighdeáin teanga a fhorordú faoi fho-alt (2)—
(a) rachaidh sé nó sí i gcomhairle—
(i) le cibé Aire eile den Rialtas is cuí leis an Aire, ag féachaint d’fheidhmeanna an Aire eile sin, agus
(ii) le cibé comhlacht poiblí is cuí leis an Aire,
(b) lorgóidh sé nó sí comhairle an Choiste Chomhairligh,
(c) déanfaidh sé nó sí dréacht de na caighdeáin a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin na Roinne Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta agus 3 mhí, ón dáta foilsithe, a thabhairt don phobal i gcoitinne chun barúlacha, i scríbhinn, a sholáthar don Aire ar na dréachtchaighdeáin, agus
(d) rachaidh sé nó sí i dteagmháil le gach comhlacht poiblí a mbeidh feidhm ag caighdeán maidir leis lena chur in iúl go bhféadfaidh an comhlacht, laistigh de 3 mhí ó dháta foilsithe na ndréachtchaighdeán faoi mhír (c), a bharúlacha ar na dréachtchaighdeáin a sholáthar don Aire.
(7) Féadfaidh an tAire, i gcás gur cuí leis nó léi déanamh amhlaidh, an tréimhse dá dtagraítear i bhfo-alt (6)(c) nó (d) a fhadú.
(8) Déanfaidh an tAire cóip de chaighdeáin teanga a fhorordófar faoi fho-alt (2) a chur ar aghaidh chuig an gCoimisinéir.
(9) (a) Déanfaidh an tAire, ó am go ham ach uair amháin ar a laghad gach 5 bliana, athbhreithniú ar chaighdeáin teanga a fhorordófar faoi fho-alt (2).
(b) Le linn dó nó di an t-athbhreithniú dá dtagraítear i mír (a), lorgóidh an tAire comhairle an Choiste Chomhairligh.
(10) D’ainneoin an ailt seo, féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, a ordú do chomhlacht poiblí, i ndáil leis na seirbhísí sin dá chuid a sheachadtar trí mheán an Bhéarla amháin, plean a tharraingt suas chun na seirbhísí sin a sheachadadh trí mheán na Gaeilge freisin, mar aon le meastachán a thabhairt ar an tréimhse ama is gá chun an plean a chur i ngníomh.]
Anótálacha:
Leasuithe:
F32
Arna chur isteach (13.03.2023) le hAcht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021 (49/2021), a. 9, I.R. Uimh. 90 de 2023.
