Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
F34[Maolú ar chaighdeáin teanga
19C. —(1) Laistigh de 3 mhí tar éis caighdeán teanga a fhorordú, is caighdeán teanga a mbeidh feidhm aige maidir leis an gcomhlacht faoi alt 19A(2), féadfaidh comhlacht poiblí iarratas a dhéanamh, i scríbhinn, chuig an Aire chun maolú a lorg ar an gcaighdeán nó ar chuid den chaighdeán.
(2) Beidh na nithe seo a leanas in iarratas faoi fho-alt (1)—
(a) ráiteas ina leagfar amach na cúiseanna go measann an comhlacht nach mbeidh sé in ann an caighdeán teanga, nó cuid den chaighdeán, de réir mar a bheidh, a chomhlíonadh mar gheall ar na nithe seo a leanas—
(i) gan dóthain foirne de chuid an chomhlachta, ag a mbeidh an leibhéal inniúlachta is gá i nGaeilge, a bheith ar fáil, go háirithe i suíomhanna geografacha iargúlta,
(ii) mainneachtain ag an gcomhlacht, d’ainneoin iarrachtaí réasúnacha agus sásúla, foireann ag a mbeidh an leibhéal inniúlachta is gá i nGaeilge a earcú, nó
(iii) neamh-chomhoiriúnacht na gcóras láithreach teicneolaíochta faisnéise nó na gcóras láithreach eile atá ag an gcomhlacht i ndáil leis an gcomhlacht do chomhlíonadh an chaighdeáin bheartaithe, mar gheall ar chumraíocht láithreach na gcóras sin,
(b) plean lena dtabharfar sracléiriú ar an ngníomh a dhéanfaidh an comhlacht—
(i) chun aon éifeachtaí dochracha ar an bpobal i gcoitinne nó ar aicme den phobal i gcoitinne a laghdú, a mhéid is féidir, de réir mar is cuí, de thoradh an maolú a dheonú, agus
(ii) chun a chumasú dó an caighdeán beartaithe a chomhlíonadh ar dháta sonraithe sa todhchaí,
agus
(c) aon fhaisnéis eile a mheasann an comhlacht is iomchuí maidir leis an iarratas.
(3) Le linn dó nó di breithniú a dhéanamh i dtaobh maolú a dheonú faoin alt seo, beidh aird ag an Aire ar na nithe seo a leanas—
(a) an ráiteas, an plean agus aon fhaisnéis eile a chuirfear faoi bhráid an Aire faoi fho-alt (2), agus
(b) aon ní eile a mheasann an tAire is iomchuí.
(4) Le linn dó nó di breithniú a dhéanamh i dtaobh maolú a dheonú faoin alt seo, féadfaidh an tAire dul i gcomhairle leis an gcomhlacht poiblí lena mbaineann nó le cibé duine eile is cuí leis an Aire.
(5) Faoi réir fho-alt (6), déanfaidh an tAire, laistigh de 3 mhí ón iarratas dá dtagraítear i bhfo-alt (1)a fháil, nó cibé tréimhse bhreise nach faide ná 6 mhí, maolú ar an gcaighdeán teanga lena mbaineann, nó ar chuid den chaighdeán lena mbaineann, a dheonú nó diúltú an céanna a dheonú.
(6) Ní dhéanfaidh an tAire maolú a dheonú faoin alt seo i gcás go mbeadh d’éifeacht leis, dá ndéanfaí amhlaidh, a cheangal ar an gcomhlacht poiblí lena mbaineann líon níos lú seirbhísí a sholáthar trí mheán na Gaeilge ná an líon arna sholáthar ag an gcomhlacht (de dheoin an chomhlachta féin, de bhun scéim a bheidh i bhfeidhm faoi alt 14 nó de bhun caighdeán teanga arna fhorordú faoi alt 19A) roimh an gcaighdeán, ar ina leith a bheidh an t-iarratas faoi fho-alt (1) déanta, a fhorordú.
(7) (a) Féadfaidh an tAire cibé coinníollacha is cuí, i dtuairim an Aire, a chur ag gabháil le maolú a dheonófar faoin alt seo.
(b) Faoi réir fho-alt (8), féadfaidh an tAire tréimhse a shonrú, is tréimhse nach faide ná 3 bliana, ar i ndáil léi a bheidh feidhm ag maolú, agus ar ina diaidh a bheidh feidhm ag an gcaighdeán teanga nó ag an gcuid den chaighdeán, ar ina leith a bheidh an maolú deonaithe, maidir leis an gcomhlacht poiblí lena mbaineann.
(8) Féadfaidh an tAire, más cuí leis nó léi déanamh amhlaidh, an tréimhse, ar ar a feadh a bheidh feidhm ag maolú a dheonófar faoin alt seo, a fhadú ar feadh tréimhse bhreise nach faide ná 2 bhliain.
(9) Aon chomhlacht poiblí a mbeidh maolú deonaithe dó, tabharfaidh sé tuarascáil don Aire laistigh de 12 mhí ón maolú a dheonú nó cibé tréimhse is giorra ná sin a shonróidh an tAire i gcoinníoll a bheidh ag gabháil leis an maolú, agus tráth nach déanaí ná deireadh gach tréimhse 12 mhí ina dhiaidh sin go dtí go rachaidh an maolú in éag, chun sracléiriú a thabhairt ar an ngníomh a bheidh déanta ag an gcomhlacht le linn na tréimhse sin ionas go bhféadfaidh an comhlacht an caighdeán teanga beartaithe a chomhlíonadh faoi dháta sonraithe sa todhchaí.]
Anótálacha:
Leasuithe:
F34
Arna chur isteach (13.03.2023) le hAcht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021 (49/2021), a. 9, I.R. Uimh. 90 de 2023.
