Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003

F28[Feidhmeanna an Choiste Chomhairligh

18C

18C. (1)  Déanfaidh an Coiste Comhairleach

(a)  a luaithe is féidir ach tráth nach déanaí ná 2 bhliain tar éis an lae bunaithe, Plean Náisiúnta (dá ngairtear an ‘Plean Náisiúnta’ san Acht seo), maidir le soláthar seirbhísí poiblí trí mheán na Gaeilge ar feadh tréimhse a bheidh sonraithe sa Phlean Náisiúnta (is tréimhse nach faide ná 6 bliana), a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Aire lena cheadú d’fhonn na nithe seo a leanas a dhéanamh—

(i) seirbhísí a shainaithint is seirbhísí a sholáthraíonn comhlacht poiblí nó aicme comhlachtaí poiblí agus nach soláthraítear trí mheán na Gaeilge agus ar i ndáil leo atá an Coiste Comhairleach den tuairim gur chóir caighdeán teanga a fhorordú faoi alt alt 19A(2), agus

(ii) straitéisí a shonrú, ar feadh na tréimhse lena mbaineann an Plean Náisiúnta, is straitéisí a fhéadfaidh comhlachtaí poiblí a úsáid (lena n-áirítear an chaoi a mbainfear an úsáid is fearr as acmhainní atá ar fáil do na comhlachtaí) ionas go bhféadfar seirbhísí de chuid na gcomhlachtaí poiblí lena mbaineann nach soláthraítear trí mheán na Gaeilge a sholáthar amhlaidh,

(b) comhairle a thabhairt do chomhlachtaí poiblí maidir leis an gcaoi a bhféadfar seirbhísí nach soláthraíonn na comhlachtaí trí mheán na Gaeilge a sholáthar amhlaidh, lena n-áirítear an méid seo a leanas—

(i) comhairle maidir leis an líon foirne agus leis an ngrád foirne atá inniúil i nGaeilge a mbeadh gá ag an gcomhlacht leo chun na seirbhísí sin a sholáthar trí mheán na Gaeilge,

(ii) ag féachaint don chuspóir dá dtagraítear i bhfo-alt (3)(b), moltaí maidir leis an gcaoi a méadófar an líon foirne atá inniúil i nGaeilge, agus

(iii) comhairle maidir leis an leibhéal inniúlachta, ag féachaint don chóras caighdeán ar a dtugtar an Creat Comhchoiteann Tagartha Eorpach le haghaidh Teangacha, is gá a bheith ag duine chun go soláthróidh sé nó sí na seirbhísí sin trí mheán na Gaeilge,

(c) cibé taighde a sheoladh, nó a choimisiúnú go seolfar cibé taighde, is cuí leis an gCoiste Comhairleach d’fhonn a fheidhmeanna a chomhlíonadh faoi mhíreanna (a) agus (b), agus

(d) gach 5 bliana tar éis an lae bunaithe, suirbhé ar an leibhéal inniúlachta i nGaeilge atá ag foireann comhlachtaí poiblí a sheoladh agus a chur faoi bhráid an Aire, agus áireofar na nithe seo a leanas i suirbhé den sórt sin:

(i) an líon iomlán foirne de chuid comhlachtaí poiblí atá inniúil i nGaeilge;

(ii) an líon iomlán foirne de chuid comhlachtaí poiblí a bhfuil cúrsa oiliúna Gaeilge déanta acu;;

(iii) an líon iomlán foirne de chuid comhlachtaí poiblí a labhraíonn an Ghaeilge san ionad oibre, cibé acu le linn dóibh a gcuid dualgas a chomhall nó ar shlí eile, agus a mhinice a labhraíonn siad an Ghaeilge.

(2) Ullmhóidh an Coiste Comhairleach gach Plean Náisiúnta dá éis sin tráth nach luaithe ná 6 mhí, agus nach déanaí ná 3 mhí, roimh dheireadh na tréimhse a bheidh sonraithe sa Phlean Náisiúnta agus beidh feidhm ag alt 18D , fara aon mhodhnuithe is gá, i ndáil le gach Plean Náisiúnta dá éis sin amhail is dá mba thagairt do Phlean Náisiúnta dá éis sin aon tagairt don Phlean Náisiúnta san alt sin.

(3) Le linn dó a fheidhmeanna a chomhlíonadh faoin Acht seo, beidh aird ag an gCoiste Comhairleach ar na cuspóirí seo a leanas—

(a) na seirbhísí a sholáthraíonn comhlachtaí poiblí trí mheán na Gaeilge a mhéadú, ag féachaint go háirithe do sheirbhísí a sholáthraíonn comhlachtaí poiblí i Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta, i mBailte Seirbhíse Gaeltachta agus i Líonraí Gaeilge, agus

(b) an líon foirne de chuid comhlachtaí poiblí atá inniúil i nGaeilge a mhéadú ionas go mbeidh, a luaithe is indéanta tar éis an lae bunaithe, ach tráth nach déanaí ná an 31 Nollaig 2030, 20 faoin gcéad ar a laghad den fhoireann a earcófar chuig comhlachtaí poiblí inniúil amhlaidh.

(4) Beidh ag an gCoiste Comhairleach na cumhachtaí sin go léir is gá nó is fóirsteanach chun a fheidhmeanna a chomhlíonadh.]

Anótálacha:

Leasuithe:

F28

Arna chur isteach (20.06.2022) le hAcht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021 (49/2021), a. 8, I.R. Uimh. 313 de 2022, airt. 2(c).