Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003

F29[Dualgas an Aire i leith Plean Náisiúnta arna ullmhú faoi alt 18C

18D

18D. (1) Déanfaidh an tAire—

(a) laistigh de 3 mhí ón bPlean Náisiúnta a fháil faoi alt 18C(1)(a)

(i) an Plean Náisiúnta a cheadú gan mhodhnú nó fara cibé modhnuithe is cuí leis nó léi,

(ii) an dáta ar ar chóir don Phlean Náisiúnta teacht i ngníomh a shonrú, agus

(iii) an Plean Náisiúnta a chur faoi bhráid an Rialtais, agus

(b) a luaithe is féidir ina dhiaidh sin—

(i) a chur faoi deara cóipeanna den Phlean Náisiúnta a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas, agus

(ii) pcóip den Phlean Náisiúnta a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin na Roinne Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta.

(2) Féadfaidh an tAire, de réir mar is cuí leis nó léi, a iarraidh ar chomhlacht poiblí, a mbeidh seirbhísí sainaitheanta ina leith sa Phlean Náisiúnta mar sheirbhísí a sholáthraíonn an comhlacht lena mbaineann nach bhfuil á soláthar trí mheán na Gaeilge, tuarascáil a thabhairt don Aire i ndáil leis an dul chun cinn atá déanta ag an gcomhlacht chun na seirbhísí a sholáthar amhlaidh agus chun an Plean a chur i ngníomh, agus is é nó is í an tAire a bheidh freagrach as comhordú a dhéanamh ar chur i ngníomh an Phlean ag na comhlachtaí poiblí sin go léir.]

Anótálacha:

Leasuithe:

F29

Arna chur isteach (20.06.2022) le hAcht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021 (49/2021), a. 8, I.R. Uimh. 313 de 2022, airt. 2(c).