Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003

F27[Comhaltas an Choiste Chomhairligh

18B

18B. (1) Is iad a bheidh ar an gCoiste Comhairleach na comhaltaí seo a leanas—

(a) Cathaoirleach, agus

(b) líon gnáthchomhaltaí nach lú ná 5 ná nach mó ná 10,

agus is é nó is í an tAire a cheapfaidh gach duine acu.

(2) Déanfaidh an tAire aon chomhalta amháin den Choiste Comhairleach a shainainmniú mar Chathaoirleach, agus is duine atá inniúil i nGaeilge an duine arna shainainmniú nó arna sainainmniú amhlaidh..

(3) Áireofar ar ghnáthchomhaltaí an Choiste Chomhairligh—

(a) aon chomhalta amháin a bheidh ainmnithe ag an Aire mar ionadaí don Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta,

(b) aon chomhalta amháin a bheidh ainmnithe ag an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe mar ionadaí don Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe,

(c) aon chomhalta amháin a bheidh ainmnithe ag an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí mar ionadaí don tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí,

(d) 6 chomhalta eile ar a mhéid a bheidh ainmnithe ag comhlachtaí poiblí mar ionadaithe do na comhlachtaí poiblí sin is cuí leis an Aire,

(e) aon chomhalta amháin a bheidh inniúil i nGaeilge agus a bheidh ainmnithe ag an Aire, tar éis próiseas arna bhunú ag an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí, mar ionadaí do Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta, agus

(f) aon chomhalta amháin a bheidh inniúil i nGaeilge agus a bheidh ainmnithe ag an Aire, tar éis próiseas arna bhunú ag an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí, mar ionadaí do limistéir den Stát nach Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta.

(4) Beidh comhalta den Choiste Comhairleach faoi réir cibé téarmaí agus coinníollacha, agus íocfar leis nó léi cibé liúntais i leith caiteachas, a chinnfidh an tAire, le toiliú an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe.

(5) Más rud é go bhfuil an Cathaoirleach neamhábalta ar chúis ar bith gníomhú mar Chathaoirleach, féadfaidh an tAire comhalta eile den Choiste Comhairleach a shainainmniú chun gníomhú mar Chathaoirleach.

(6) Sealbhóidh comhalta den Choiste Comhairleach oifig ar feadh cibé tréimhse, nach faide ná 6 bliana ó dháta a cheaptha nó a ceaptha, a chinnfidh an tAire.

(7) Faoi réir  fho-alt (8), beidh comhalta den Choiste Comhairleach a rachaidh a théarma oifige nó a téarma oifige in éag trí imeacht aimsire in-athcheaptha chun an Choiste Chomhairligh.

(8) Aon chomhalta den Choiste Comhairleach a mbeidh fónta aige nó aici ar feadh 2 théarma oifige as a chéile, ní bheidh sé nó sí in-athcheaptha chun an Choiste Chomhairligh go dtí go mbeidh tréimhse 6 bliana caite tar éis dheireadh an dara téarma as a chéile.

(9) Féadfaidh comhalta den Choiste Comhairleach éirí as an gCoiste Comhairleach trí litir a bheidh dírithe chuig an Aire, agus beidh éifeacht leis an éirí as ar an dáta a bheidh sonraithe sa litir, nó ar an dáta ar a bhfaighidh an tAire an litir, cibé acu is déanaí.

(10) Féadfaidh an tAire, aon tráth, comhalta den Choiste Comhairleach a chur as comhaltas den Choiste Comhairleach más rud é, i dtuairim an Aire, go bhfuil an comhalta tar éis éirí éagumasach, de dheasca easláinte, ar a fheidhmeanna nó a feidhmeanna a chomhlíonadh, nó gur mhí-iompair an comhalta é féin nó í féin mar a bheidh sonraithe, nó gur dealraitheach don Aire gur gá é nó í a chur as comhaltas chun go gcomhlíonfaidh an Coiste Comhairleach a fheidhmeanna go héifeachtach.

(11) Scoirfidh comhalta den Choiste Comhairleach de bheith, agus beidh sé nó sí dícháilithe chun bheith, ina chomhalta nó ina comhalta den Choiste Comhairleach más rud é, maidir leis an gcomhalta sin—

(a) ar é nó í a chiontú ar díotáil ag cúirt dlínse inniúla, go ngearrfar téarma príosúnachta air nó uirthi, nó

(b) go bhfuil sé nó sí, nó go measfar é nó í a bheith, faoi réir ordú dícháilíochta, de réir bhrí Chaibidil 4 de Chuid 14 d’Acht na gCuideachtaí, 2014, cibé acu de bhua na Caibidle sin nó de bhua aon fhoráil eile den Acht sin.

(12) Is é nó is í an tAire a chinnfidh nósanna imeachta an Choiste Chomhairligh.]

Anótálacha:

Leasuithe:

F27

Arna chur isteach (20.06.2022) le hAcht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021 (49/2021), a. 8, I.R. Uimh. 313 de 2022, airt. 2(c).