Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003

F26[An Coiste Comhairleach a bhunú

18A. (1) Déanfaidh an tAire, le hordú, lá a cheapadh, tráth nach déanaí ná 6 mhí tar éis Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021 a rith, chun bheith ina lá bunaithe (dá ngairtear an ‘lá bunaithe’ san Acht seo) chun críocha an Achta seo.

(2) An lá bunaithe, beidh coiste arna bhunú ar a dtabharfar an Coiste Comhairleach um Sheirbhísí Gaeilge (dá ngairtear ‘an Coiste Comhairleach’ san Acht seo).

(3) Is é nó is í an tAire a sholáthróidh rúnaíocht agus feidhmeanna feidhmiúcháin an Choiste Chomhairligh agus áireofar leo, ar iarraidh a fháil ó chomhalta den Choiste Comhairleach nó de réir mar is cuí leis an Aire, saoráidí chun ateangaireacht chomhuaineach nó chomhleanúnach ó theanga oifigiúil amháin go dtí an teanga oifigiúil eile a dhéanamh ar imeachtaí de chuid an choiste.

(4) Déanfar ordú faoi fho-alt (1) a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus, má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den 21 lá a shuífidh an Teach sin tar éis an t-ordú a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an ordaithe, beidh an t-ordú ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú.]

Anótálacha:

Leasuithe:

F26

Arna chur isteach (20.06.2022) le hAcht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021 (49/2021), a. 8, I.R. Uimh. 313 de 2022, airt. 2(c).

Modhnuithe (nach n-athraíonn an téacs):

Nótaí Eagarthóireachta:

E12

Cumhacht de bhun fho-alt (1) arna feidhmiú (20.06.2022) leis an Ordú um Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 (An Lá Bunaithe) 2022 (I.R. Uimh. 312 de 2022).