Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
AN DARA SCEIDEAL
An Coimisinéir Teanga
1. Faoi réir fhorálacha an Sceidil seo, beidh duine a cheapfar mar Choimisinéir i seilbh oifige go ceann téarma 6 bliana agus féadfar é nó í a athcheapadh chun na hoifige don dara téarma nó do théarma dá éis.
2. Aon duine a cheapfar mar Choimisinéir—
(a) féadfaidh an tUachtarán, ar an duine á iarraidh sin, é nó í a scaoileadh ó oifig,
(b) féadfaidh an tUachtarán é nó í a chur as oifig ach ní chuir~ fear as oifig é nó í ach amháin mar gheall ar mhí-iompar sonraithe, éagumas nó féimheacht ná ansin féin ach tar éis do Dháil éireann agus do Sheanad éireann rúin a rith ag éileamh é nó í a chur as oifig, agus
F59[(c) éireoidh sé nó sí as oifig ar chaoi ar bith ar 70 bliain d’aois a shlánú nó, i gcás go bhforordófar aois is airde ná sin le hordú faoi alt 3A(2) den Acht um Aoisliúntas na Seirbhíse Poiblí (Forálacha Ilghnéitheacha), 2004 chun críocha an Achta sin, ar an aois sin a shlánú ach, i gcás gurb iontrálaí nua an duine (de réir bhrí an Achta sin) arna cheapadh nó arna ceapadh an 1 Aibreán 2004 nó dá éis, ní bheidh feidhm ag an gceanglas maidir le héirí as oifig ar fhoras aoise]
3. (1) Más rud é, i gcás duine a shealbhaíonn oifig an Choimisinéara—
(a) go n-ainmneofar é nó í mar chomhalta de Sheanad éireann,
(b) go dtoghfar é nó í mar chomhalta de cheachtar Teach den Oireachtas nó d'údarás áitiúil nó chun Parlaimint na hEorpa, nó
(c) go measfar, de bhun alt 15 (a cuireadh isteach leis an Acht um Thoghcháin do Pharlaimint na hEorpa 1993) den Acht um Thoghcháin do Thionól na hEorpa 1977 é nó í a bheith tofa chun Parlaimint na hEorpa chun folúntas a líonadh,
scoirfidh sé nó sí, air sin, de bheith ina Choimisinéir nó ina Coimisinéir.
(2) Duine a bheidh de thuras na huaire i dteideal faoi Bhuan~ Orduithe ceachtar Tí den Oireachtas suí sa Teach sin nó is comhalta de Pharlaimint na hEorpa nó d'údarás áitiúil, beidh sé nó sí, fad a bheidh sé nó sí i dteideal amhlaidh nó ina chomhalta nó ina comhalta den sórt sin, dícháilithe chun a cheaptha nó a ceaptha mar Choimisinéir.
4. Aon duine a bheidh i seilbh oifig an Choimisinéara ní shealbh~ óidh sé nó sí aon oifig nó fostaíocht eile a bhfuil díolaíochtaí iníoctha ina leith ná ní bheidh sé nó sí ina chomhalta nó ina comhalta de na hÓglaigh Cúltaca.
5. Íocfar leis an gCoimisinéir, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, cibé luach saothair agus cibé liúntais i leith caiteachas a chinnfidh an tAire ó am go ham le toiliú an Aire Airgeadais.
6. (1) Féadfaidh an tAire scéim nó scéimeanna a dhéanamh agus a chur i gcrích de réir a téarmaí, is scéim nó scéimeanna chun pinsin, aiscí nó liúntais a dheonú, ar scor nó ar bhás, do dhaoine a bhí i seilbh oifig an Choimisinéara nó i leith na ndaoine sin.
(2) Féadfaidh an tAire, tráth ar bith, scéim nó scéimeanna lena leasaítear nó lena gcúlghairtear scéim faoin mír seo a dhéanamh agus a chur i gcrích de réir a téarmaí.
(3) Déanfar scéim faoin mír seo a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a déanta agus, má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den 21 lá a shuífidh an Teach sin tar éis an scéim a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú na scéime, beidh an scéim ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin scéim.
7. (1) Féadfaidh an tAire cibé líon daoine a chinnfidh an tAire ó am go ham, le toiliú an Aire Airgeadais, a cheapadh le bheith ina gcomhaltaí d'fhoireann an Choimisinéara.
(2) Beidh comhaltaí d'fhoireann an Choimisinéara ina stát~ seirbhísigh i Státseirbhís an Stáit (de réir bhrí Acht Rialuithe na Stát-Sheirbhíse 1956).
(3) Féadfaidh an tAire na cumhachtaí is infheidhmithe aige nó aici faoi Acht Choimisinéirí na Stát-Sheirbhíse 1956 agus faoi Achtanna Rialaithe na Státseirbhíse 1956 go 1996 mar an t-údarás iomchuí i ndáil le comhaltaí d'fhoireann an Choimisinéara a tharmligean chun an Choimisinéara agus, má dhéanann an tAire amhlaidh, ansin, fad a fhanfaidh an tarmligean i bhfeidhm—
(a) beidh na cumhachtaí sin, in ionad iad a bheith infheidhmithe ag an Aire, infheidhmithe ag an gCoimisinéir, agus
(b) is é nó is í an Coimisinéir, in ionad an Aire, an t-údarás iomchuí chun críocha an Achta seo i ndáil le comhaltaí d'fhoireann an Choimisinéara.
8. (1) Coimeádfaidh an Coimisinéir, i cibé foirm a cheadóidh an tAire, na cuntais go léir is cuí agus is gnách ar an airgead go léir a gheobhaidh nó a chaithfidh sé nó sí agus na cuntais speisialta sin go léir (más ann) a ordóidh an tAire.
(2) Déanfaidh an Coimisinéir cuntais a choimeádfar de bhun na míre seo i leith gach bliana a chur faoi bhráid an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste an bhliain ina dhiaidh sin, ar dháta nach déanaí ná dáta a shonróidh an tAire, lena n-iniúchadh agus, a luaithe is féidir tar éis an iniúchta, déanfaidh an Coimisinéir cóip de na cuntais sin, nó de cibé sleachta as na cuntais sin a shonróidh an tAire, mar aon le tuarascáil an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste maidir leis na cuntais, a thíolacadh don Aire agus cuirfidh seisean nó sise faoi deara cóipeanna de na doiciméid a tíolacadh dó nó di a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.
9. Féadfaidh an Coimisinéir aon fheidhm de chuid an Choimisinéara (seachas feidhmeanna faoin mír seo nó faoi alt 26 ) a tharmligean chuig comhalta d'fhoireann an Choimisinéara agus déanfar tagairtí san Acht seo don Choimisinéir a fhorléiriú, más cuí ag féachaint d'aon tarmligean faoin mír seo, mar thagairtí a fholaíonn tagairtí d'aon duine a mbeidh feidhmeanna tarmligthe chuige nó chuici leis an tarmligean.
Anótálacha:
Leasuithe:
F59
Arna ionadú (26.12.2018) leis an Acht um Aoisliúntas na Seirbhíse Poiblí (Aois Scoir) 2018 (39/2018), a. 7 agus sceid., arna thosú ar é a achtú.
Modhnuithe (nach n-athraíonn an téacs):
C23
Cumhacht an Aire chun feidhmeanna a tharmligean faoin Acht Rialuithe na Stát-Sheirbhíse 1956 agus có-luaite Achtanna Rialaithe na Státseirbhíse arna scor (4.07.2006) le hAcht Rialaithe na Státseirbhíse (Leasú) 2005 (18/2005), a. 14, I.R. Uimh. 363 de 2006, faoi réir fhorálacha idirthréimhseacha in a. 15.
Cesser of delegation of powers under Principal Act.
14.—Where in any enactment provision is made for the delegation by a Minister of the Government of any of the powers exercisable by that Minister under—
(a) the Civil Service Regulation Act 1956,
(b) the Civil Service Regulation Acts 1956 and 1958,
(c) the Civil Service Regulation Acts 1956 to 1996,
to another person then, subject to the provisions of section 15, on the coming into operation of this section any such delegation in force shall stand revoked, and such power of delegation shall thereafter cease to be exercisable.
Nótaí Eagarthóireachta:
E36
Foráil fiosrúchán a sheoladh maidir le mír 2(b) arna déanamh (25.09.2013) leis an Acht um Thithe an Oireachtais (Fiosrúcháin, Pribhléidí agus Nósanna Imeachta) 2013 (33/2013), a. 9, I.R. Uimh. 362 de 2013.
E37
Cumhacht de bhun a. 20 agus sceideal arna feidhmiú (23.02.2004) le Scéim Aoisliúntais An Choimisinéara Teanga 2009 (I.R. Uimh. 580 de 2009), airt. 2.
E38
Cumhacht de bhun a. 20 agus sceideal arna feidhmiú (23.02.2004) le Scéim Pinsean Ranníocach an Choimisinéara Teanga do Chéilí agus Leanaí 2009 (I.R. Uimh. 579 de 2009), airt. 2.
E39
Scéim pinsin arna bunú faoi mhír 6 arna heisiamh ó fheidhm Acht na bPinsean 1990 (25/1990), Cuid III dá bhforáiltear (2.06.20020) le Occupational Pension Schemes (Preservation of Benefits) Regulations 2002 (I.R. Uimh. 279 de 2002), rial. 11 agus sceid. cuid I, in éifeacht de réir rial. 1(2), arna leasú.
E40
Caighdeán maoiniúcháin d'aon scéim pinsean sochair shainithe ar bith arna bunú faoi mhír 6 arna foráil (31.12.1993) le Occupational Pension Schemes (Funding Standard) Regulations 1993 (I.R. Uimh. 419 de 1993), rial. 6 agus sceid. C, in éifeacht de réir rial. 1(2), arna leasú.
E41
Foráil a raibh feidhm aici roimhe: mír 2(c) arna leasú (25.03.2004) leis an Acht um aoisliúntas na Seirbhíse Poiblí (Forálacha Ilghnéitheacha) 2004 (7/2004), a. 3(2) agus sceid. 2 cuid 2, arna tosú ar éa achtú; arna ionadú de réir F-nóta thuas.
