Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Oifig Choimisinéir na dTeangacha Oifigiúla a bhunú.
20. —(1) Bunaítear oifig ar a dtabharfar Oifig Choimisinéir na dTeangacha Oifigiúla agus tabharfar An Coimisinéir Teanga ar shealbhóir na hoifige agus gairtear an Coimisinéir de nó di san Acht seo.
(2) Beidh an Coimisinéir neamhspleách i gcomhlíonadh a fheidhmeanna nó a feidhmeanna.
(3) Is é nó is í an tUachtarán a dhéanfaidh duine a cheapadh mar Choimisinéir, ar chomhairle an Rialtais tar éis do Dháil éireann agus do Sheanad éireann rún a rith ag moladh an duine a cheapadh.
(4) Beidh éifeacht le forálacha an Dara Sceideal i ndáil leis an gCoimisinéir.
Anótálacha:
Nótaí Eagarthóireachta:
E13
Cumhacht de bhun ailt agus sceid. 2 arna feidhmiú (23.02.2004) le Scéim Aoisliúntais an Choimisinéara Teanga 2009 (I.R. Uimh. 580 de 2009), airt. 2
E14
Cumhacht de bhun ailt agus sceid. 2 arna feidhmiú (23.02.2004) le Scéim Pinsean Ranníocach an Choimisinéara Teanga do Chéilí agus Leanaí 2009 (I.R. Uimh. 579 de 2009), airt. 2
