Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Feidhmeanna an Choimisinéara.
21. —Is iad feidhmeanna an Choimisinéara, i dteannta aon fheidhmeanna a thugtar dó nó di le haon fhoráil eile den Acht seo—
(a) faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh fhorálacha an Achta seo ag comhlachtaí poiblí,
F36[(aa) faireachán a dhéanamh, más cuí leis nó léi déanamh amhlaidh, ar chomhlíonadh aon achtacháin eile ag comhlachtaí poiblí, is achtachán a bhaineann le stádas nó úsáid teanga oifigiúla,]
(b) gach beart riachtanach atá faoi réim a údaráis nó a húdaráis a dhéanamh chun a chinntiú go gcomhlíonfaidh comhlachtaí poiblí forálacha an Achta seo,
(c) imscrúduithe a dhéanamh, cibé acu ar a thionscnamh nó ar a tionscnamh féin, ar iarraidh ón Aire nó de bhun gearán a bheidh déanta leis nó léi ag aon duine, maidir le haon mhainneachtain ag comhlacht poiblí forálacha an Achta seo a chomhlíonadh, ar mainneachtain í ar dóigh leis nó léi nó, de réir mar is cuí, leis an Aire, gur féidir gur tharla sí,
(d) comhairle nó cúnamh eile a sholáthar, de réir mar is cuí leis nó léi, don phobal maidir lena gcearta faoin Acht seo,
(e) comhairle nó cúnamh eile a sholáthar, de réir mar is cuí leis nó léi, do chomhlachtaí poiblí maidir lena n-oibleagáidí faoin Acht seo, agus
(f) imscrúdú a dhéanamh, cibé acu ar a thionscnamh nó ar a tionscnamh féin, ar iarraidh ón Aire nó de bhun gearán a bheidh déanta leis nó léi ag aon duine, chun a fháil amach an amhlaidh nach raibh nó nach bhfuil aon fhoráil d'aon achtachán eile a bhaineann le stádas nó le húsáid teanga oifigiúla á comhlíonadh.
Annotations
Leasuithe:
F36
Arna chur isteach (13.03.2023) le hAcht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021 (49/2021), a. 10, I.R. Uimh. 90 de 2023.
