Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
F41[Feidhmeanna an Choiste Logainmneacha
31C. —(1) Maidir leis an gCoiste Logainmneacha—
(a) déanfaidh sé comhairle a sholáthar don Aire maidir le horduithe logainmneacha a dhéanamh faoialt 32,
(b) déanfaidh sé taighde, nó déanfaidh sé taighde a choimisiúnú, i ndáil le logainmneacha,
(c) déanfaidh sé, ar iarraidh a fháil, cibé faisnéis maidir le logainmneacha, is cuí leis an gCoiste Logainmneacha, a sholáthar don phobal agus do chomhlachtaí poiblí, agus
(d) beidh aige cibé feidhmeanna eile a fhorordóidh an tAire ó am go ham.
(2) Le linn don Choiste Logainmneacha a fheidhmeanna faoi fho-alt (1) a chomhall, déanfaidh sé, a mhéid is dóigh leis is gá chun na críche sin, aon obair nó aon chomhairle arna cur i gcrích ag an gcomhlacht ar a dtugtar an Coimisiún Logainmneacha, arna bhunú le barántas ón Aire Airgeadais dar dáta an 24ú lá de Dheireadh Fómhair, 1946, agus ag an gcoiste neamhreachtúil (ar a dtugtar an Coiste Logainmneacha) a bhí ar marthain roimh thosach feidhme alt 13 d’Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021, a chur i gcuntas agus a sholáthar don Aire.]
Anótálacha:
Leasuithe:
F41
Arna chur isteach (30.06.2024) le hAcht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021 (49/2021), a. 13, I.R. Uimh. 320 de 2024.
