Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
F40[Comhaltas an Choiste Logainmneacha
31B. —(1) Is iad a bheidh ar an gCoiste Logainmneacha na comhaltaí seo a leanas—
(a) Cathaoirleach, agus
(b) líon gnáthchomhaltaí nach lú ná 7 ná nach mó ná 10,
(2) Déanfaidh an tAire comhalta amháin den Choiste Logainmneacha a shainainmniú mar Chathaoirleach.
(3) Is daoine atá inniúil i nGaeilge a bheidh ar an gCoiste Logainmneacha, agus—
(a) beidh taithí nó saineolas, nó taithí agus saineolas araon, acu ar nithe a bhaineann le logainmneacha, nó
(b) is saineolaithe ar stair na hÉireann a bheidh iontu.
(4) Beidh comhalta den Choiste Logainmneacha faoi réir cibé téarmaí agus coinníollacha, agus íocfar leis nó léi cibé liúntais i leith caiteachas, a chinnfidh an tAire, le toiliú an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe.
(5) Más rud é nach bhfuil an Cathaoirleach ábalta ar aon chúis leanúint de bheith ag gníomhú mar Chathaoirleach, féadfaidh an tAire comhalta eile den Choiste Logainmneacha a shainainmniú chun gníomhú mar Chathaoirleach.
(6) Beidh comhalta den Choiste Logainmneacha i seilbh oifige go ceann cibé tréimhse, nach faide ná 3 bliana ó dháta a cheaptha nó a ceaptha, a chinnfidh an tAire.
(7) Faoi réir fho-alt (8), beidh comhalta den Choiste Logainmneacha a rachaidh a théarma nó a téarma oifige in éag trí imeacht aimsire in-athcheaptha chun an Choiste Logainmneacha.
(8) Maidir le comhalta den Choiste Logainmneacha a mbeidh 2 théarma oifige as a chéile curtha isteach aige nó aici, ní bheidh sé nó sí in-athcheaptha chun an Choiste Logainmneacha go dtí go mbeidh tréimhse 3 bliana caite tar éis dheireadh an dara téarma as a chéile.
(9) Féadfaidh comhalta den Choiste Logainmneacha éirí as an gCoiste Logainmneacha trí litir a bheidh dírithe chuig an Aire, agus beidh éifeacht leis an éirí as ar an dáta a bheidh sonraithe sa litir nó ar an dáta a gheobhaidh an tAire an litir, cibé acu is déanaí.
(10) Féadfaidh an tAire, aon tráth, comhalta den Choiste Logainmneacha a chur as oifig mar chomhalta den Choiste Logainmneacha más rud é, i dtuairim an Aire, go bhfuil an comhalta tagtha chun bheith éagumasach, de dheasca easláinte, ar a fheidhmeanna nó a feidhmeanna a chomhlíonadh, nó gur mhí-iompair an comhalta é féin nó í féin mar a bheidh sonraithe, nó gur dealraitheach don Aire gur gá é nó í a chur as oifig chun go gcomhlíonfaidh an Coiste Logainmneacha a fheidhmeanna go héifeachtach.
(11) Scoirfidh comhalta den Choiste Logainmneacha de bheith, agus beidh sé nó sí dícháilithe chun bheith, ina chomhalta nó ina comhalta den Choiste Logainmneacha más rud é, maidir leis an gcomhalta sin—
(a) ar é nó í a chiontú ar díotáil ag cúirt dlínse inniúla, go ngearrfar téarma príosúnachta air nó uirthi, nó
(b) go bhfuil sé nó sí, nó go measfar é nó í a bheith, faoi réir ordú dícháilíochta, de réir bhrí Chaibidil 4 de Chuid 14 d’Acht na gCuideachtaí, 2014, cibé acu de bhua na Caibidle sin nó de bhua aon fhoráil eile den Acht sin.
(12) Is é nó is í an tAire a chinnfidh nósanna imeachta an Choiste Logainmneacha.]
Anótálacha:
Leasuithe:
F40
Arna chur isteach (30.06.2024) le hAcht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021 (49/2021), a. 13, I.R. Uimh. 320 de 2024.
