Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
F1[Fógraíocht ag comhlachtaí poiblí
10A. —(1) Cinnteoidh comhlacht poiblí—
(a) gur i nGaeilge a bheidh 20 faoin gcéad ar a laghad d’aon fhógraíocht arna déanamh ag an gcomhlacht in aon bhliain, agus
(b) go ndéanfar 5 faoin gcéad ar a laghad d’aon airgead a chaithfidh an comhlacht ar fhógraíocht in aon bhliain a úsáid chun fógraíocht a chur amach i nGaeilge trí na meáin Ghaeilge.
(2) San alt seo—
ciallaíonn ‘fógraíocht’—
(a) (a) cumarsáid tráchtála d’aon chineál a bhfuil d’aidhm léi, nó a bhfuil d’éifeacht léi, go díreach nó go neamhdhíreach, táirge nó seirbhís de chuid an chomhlachta phoiblí lena mbaineann a chur chun cinn, agus
(b) cumarsáid d’aon chineál leis an bpobal, i leith na nithe seo a leanas—
(i) foireann a earcú,
(ii) tionscnaimh reachtaíochta nó bheartais,,
(iii) talamh nó sócmhainní a cheannach nó a dhíol,
(iv) seirbhísí a sholáthar, nó
(v) comhchomhairliúchán poiblí;
ciallaíonn “meáin Ghaeilge” aon mheáin ina bhfuil 50 faoin gcéad nó níos mó d’ábhar na meán sin trí mheán na Gaeilge.
Anótálacha:
Leasuithe:
F17
Arna chur isteach (10.10.2022) le hAcht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021 (49/2021), a. 6, I.R. Uimh. 511 de 2022.]
