Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003

Rialacháin.

4

4. —(1) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais—

(a) le rialacháin, foráil a dhéanamh, faoi réir fhorálacha an Achta seo, le haghaidh aon ní dá dtagraítear san Acht seo mar ní atá forordaithe nó le forordú,

(b) i dteannta aon chumhachta eile a thugtar dó nó di chun rialacháin a dhéanamh, rialacháin a dhéanamh i gcoitinne chun críocha an Achta seo agus chun lánéifeacht a thabhairt don Acht seo,

(c) más rud é, le linn na chéad 3 bliana d'fheidhm an Achta seo maidir le comhlacht poiblí a shonraítear i bhfomhír (3), (4)(5) de mhír 1 den Chéad Sceideal, go n-éireoidh aon deacracht i ndáil leis an Acht seo a thabhairt i ngníomh a mhéid atá feidhm aige maidir leis an gcomhlacht sin, aon ní a dhéanamh le rialacháin ar dealraitheach gur gá nó gur fóirsteanach é chun an tAcht seo a thabhairt i ngníomh a mhéid atá feidhm aige maidir leis an gcomhlacht sin agus féadfar, le rialacháin faoin mír seo, a mhéid amháin is dealraitheach gur gá é chun na rialacháin a thabhairt in éifeacht, foráil den Acht seo a mhodhnú má tá an modhnú i gcomhréir le críocha, prionsabail agus meon an Achta seo, agus

(d) más rud é, in aon slí eile, go n-éireoidh aon deacracht le linn na tréimhse 3 bliana ó thosach feidhme an Achta seo i ndáil leis an Acht seo a thabhairt i ngníomh, aon ní a dhéanamh le rialacháin ar dealraitheach gur gá nó gur fóirsteanach é chun an tAcht seo a thabhairt i ngníomh agus féadfar, le rialacháin faoin mír seo, a mhéid amháin is dealraitheach gur gá é chun na rialacháin a thabhairt in éifeacht, foráil den Acht seo a mhodhnú má tá an modhnú i gcomhréir le críocha, prionsabail agus meon an Achta seo.

(2) Féadfaidh cibé forálacha teagmhasacha, forlíontacha agus iarmhartacha a bheith i rialacháin faoin Acht seo is dóigh leis an Aire a bheith riachtanach nó fóirsteanach chun críocha na rialachán.

(3) I gcás ina mbeartaíonn an tAire rialacháin a dhéanamh faoi mhír (c)(d) d'fho-alt (1) nó chun críocha mhír 1(5), nó faoi mhír 3, den Chéad Sceideal, cuirfidh sé nó sí faoi deara dréacht de na rialacháin a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas agus ní dhéanfar na rialacháin go dtí go mbeidh rún ag ceadú an dréachta rite ag gach Teach acu sin.

(4) I gcás ina mbeartaíonn an tAire rialacháin a dhéanamh faoi fho-alt (1)(c), rachaidh sé nó sí, sula ndéanfaidh sé nó sí amhlaidh, i gcomhairle le cibé Aire eile (más ann) den Rialtas is cuí leis an Aire ag féachaint d'fheidhmeanna an Aire eile sin den Rialtas i ndáil leis na rialacháin atá beartaithe.

(5) Féadfar, le rialacháin lena bhforordaítear comhlacht, eagraíocht nó grúpa (“an comhlacht”) chun críocha mhír 1 (5) den Chéad Sceideal, a fhoráil nach mbeidh feidhm ag an Acht seo maidir leis an gcomhlacht ach amháin i leith feidhmeanna sonraithe de chuid an chomhlachta, agus beidh feidhm ag an Acht seo agus beidh éifeacht leis de réir aon fhorála den sórt sin.

(6) Déanfar gach rialachán faoin Acht seo (seachas rialachán dá dtagraítear i bhfo-alt (3)) a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den 21 lá a shuífidh an Teach sin tar éis an rialachán a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán.

Anótálacha:

Modhnuithe (nach n-athraíonn an téacs):

C5

Feidhmeanna arna n-aistriú agus tagairtí do “Department of Finance” agus “Minister for Finance” arna bhforléiriú (29.07.2011) le Finance (Transfer of Departmental Administration and Ministerial Functions) Order 2011 (I.R. Uimh. 418 de 2011), airt. 2, 3, 5 agus sceid. 1 cuid 2, in éifeacht de réir airt. 1(2), faoi réir forálacha idirthréimhseacha in airt. 6-9.

2. (1) The administration and business in connection with the performance of any functions transferred by this Order are transferred to the Department of Public Expenditure and Reform.

(2) References to the Department of Finance contained in any Act or instrument made thereunder and relating to the administration and business transferred by paragraph (1) shall, on and after the commencement of this Order, be construed as references to the Department of Public Expenditure and Reform.

3. The functions conferred on the Minister for Finance by or under the provisions of —

(a) the enactments specified in Schedule 1, and

(b) the statutory instruments specified in Schedule 2,

are transferred to the Minister for Public Expenditure and Reform.

...

5. References to the Minister for Finance contained in any Act or instrument under an Act and relating to any functions transferred by this Order shall, from the commencement of this Order, be construed as references to the Minister for Public Expenditure and Reform.

...

Schedule 1

Enactments

...

Part 2

1922 to 2011 Enactments

Number and Year

Short Title

Provision

(1)

(2)

(3)

...

...

...

No. 32 of 2003

Official Languages Act 2003

Sections 4, 10, 11(3) and 27

...

...

...

Nótaí Eagarthóireachta:

E5

Cumhacht de bhun ailt agus sceid. 1 mír 3 arna feidhmiú (19.12.2019) leis na Rialacháin um Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 (Comhlachtaí Poiblí) 2019 (I.R. Uimh. 230 de 2020).

E6

Cumhacht de bhun fho-alt (2) arna feidhmiú leis na Rialacháin um Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 (Alt 9) 2008 (I.R. Uimh. 391 de 2008).

E7

Cumhacht de bhun fho-alt (1)(a) agus sceid. 1 mír. 1(5), 3 arna feidhmiú (1.05.2006) leis na Rialacháin um Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 (Comhlachtaí Poiblí) 2006 (I.R. Uimh. 150 de 2006), in éifeacht de réir rial. 1(2).

E8

Cumhacht de bhun ailt arna feidhmiú (1.01.2005) leis na Rialacháin um Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 (Léarscáileanna Forordaithe) 2004 (I.R. Uimh. 212 de 2004), in éifeacht de réir rial. 1(b).