Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Imscrúduithe a sheoladh.
23. —(1) Is ar shlí seachas go poiblí a sheolfar imscrúdú a dhéanfaidh an Coimisinéir faoin Acht seo.
(2) I gcás ina mbeartaíonn an Coimisinéir imscrúdú a dhéanamh faoin Acht seo déanfaidh sé nó sí —
(a) fógra i scríbhinn a thabhairt—
(i) don chomhlacht poiblí lena mbaineann,
(ii) i gcás gearán a bheith déanta leis an gCoimisinéir, don duine a rinne an gearán, agus
(iii) don Aire,
ina thaobh sin, agus
(b) deis a thabhairt—
(i) don chomhlacht poiblí lena mbaineann, agus
(ii) d'aon duine eile ar dealraitheach nó, i gcás gearán a bheith déanta leis an gCoimisinéir, d'aon duine eile a líomhnaítear, go raibh sé nó sí freagrach as an ní a ndearnadh gearán faoi,
trácht ar an ní agus, má rinneadh gearán leis an gCoimisinéir i ndáil leis an ní, ar aon líomhaintí a bhí sa ghearán.
(3) Féadfaidh an Coimisinéir—
(a) diúltú gearán a imscrúdú faoin Acht seo, nó
(b) scor d'imscrúdú faoin Acht seo i dtaobh gearáin den sórt sin,
má thagann sé nó sí ar an tuairim—
(i) go bhfuil an gearán fánach nó cráiteach,
(ii) nach ndearna an duine a rinne an gearán bearta réasúnacha chun sásamh a lorg i leith ábhar an ghea~ ráin nó, má rinne, nár diúltaíodh sásamh dó nó di,
(iii) nach mbaineann an gearán ach amháin le ní a bhfuil cumhacht ag an Ombudsman imscrúdú a dhéanamh ina leith de bhun alt 4(2)(a) den Acht Ombudsman 1980, nó
(iv) nach bhfuil aon sárú ar fhorálacha an Achta seo nó aon achtacháin eile a bhaineann le stádas nó úsáid teanga oifigiúla i gceist sa ní a ndearnadh gearán faoi.
(4) Faoi réir fhorálacha an Achta seo, is é an nós imeachta le himscrúdú a sheoladh cibé nós imeachta is cuí leis an gCoimisinéir in imthosca uile an cháis.
(5) Féadfaidh an Coimisinéir a chinneadh an bhféadfaidh abhcóide nó aturnae, nó an féidir ar shlí eile, ionadaíocht a dhéanamh d'aon duine in imscrúdú a dhéanfaidh an Coimisinéir faoin Acht seo.
