Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
F31[Tuarascáil an Choiste Chomhairligh
18F. —(1) Déanfaidh an Coiste Comhairleach, tráth nach déanaí ná an 30 Meitheamh gach bliain, tuarascáil ar dhul chun cinn a sholáthar don Aire agus don Choimisinéir maidir lena chuid oibre le linn na bliana roimhe sin nó, i gcás na chéad tuarascála ar dhul chun cinn uaidh, maidir lena chuid oibre ón lá bunaithe suas go dtí an 31 Nollaig an bhliain ina dhiaidh sin agus an lá sin san áireamh.
(2) D’ainneoin fho-alt (1), féadfaidh an Coiste Comhairleach, ó am go ham, cibé faisnéis maidir le comhlíonadh a fheidhmeanna a mheasfaidh sé is cuí a thabhairt don Aire agus tabharfaidh sé don Aire aon fhaisnéis maidir le comhlíonadh a fheidhmeanna a iarrfaidh an tAire.
(3) Déanfaidh an Coimisinéir, laistigh de 6 mhí ón tuarascáil dá dtagraítear i bhfo-alt (1)a fháil, tráchtaireacht ar an tuarascáil a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Aire.
(4) Déanfaidh an tAire, laistigh de 3 mhí ón tráchtaireacht dá dtagraítear i bhfo-alt (3)a fháil, an tráchtaireacht agus an tuarascáil dá dtagraítear i bhfo-alt (1) a chur faoi bhráid an Rialtais agus, a luaithe is féidir ina dhiaidh sin—
(a) a chur faoi deara cóipeanna den tuarascáil agus den tráchtaireacht a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas, agus
(b) cóipeanna den tuarascáil agus den tráchtaireacht a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin na Roinne Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta.]
Anótálacha:
Leasuithe:
F31
Arna chur isteach (20.06.2022) le hAcht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021 (49/2021), a. 8, I.R. Uimh. 313 de 2022, airt. 2(c).
