Revised Acts
This Act
Download PDFs
On the eISB
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Tuarascáil ar fhionnachtana.
26. —(1) In aon chás ina ndéanfar gearán leis an gCoimisinéir agus ina gcinnfidh an Coimisinéir gan imscrúdú a dhéanamh faoin Acht seo nó scor d'imscrúdú den sórt sin, déanfaidh sé nó sí ráiteas i scríbhinn maidir leis na cúiseanna atá aige nó aici leis an gcinneadh a chur chuig an duine a rinne an gearán agus chuig an gcomhlacht poiblí lena mbaineann agus déanfaidh sé nó sí cibé ráiteas i scríbhinn is cuí leis nó léi i ndáil leis an ní a chur chuig cibé duine eile is cuí leis nó léi.
(2) In aon chás ina seolfaidh an Coimisinéir imscrúdú faoin Acht seo, déanfaidh sé nó sí tuarascáil i scríbhinn a ullmhú agus a chur faoina mbráid seo a leanas—
(a) an comhlacht poiblí lena mbaineann,
(b) an tAire, agus
(c) i gcás ina ndéanfar gearán leis an gCoimisinéir, an gearánach,
maidir le fionnachtana an imscrúdaithe agus féadfaidh sé nó sí aon mholtaí is cuí leis nó léi, ag féachaint don imscrúdú, a áireamh sa tuarascáil.
(3) Gan dochar d'fho-alt (2), féadfaidh an Coimisinéir tuarascáil eatramhach a eisiúint más cuí leis nó léi déanamh amhlaidh.
(4) Féadfaidh an Coimisinéir a iarraidh ar chomhlacht poiblí aon tuairimí a bheidh aige maidir le haon fhionnachtana nó moltaí atá ar áireamh i dtuarascáil faoin alt seo a chur faoina bhráid nó faoina bráid laistigh de thréimhse ama shonraithe.
(5) Más rud é, laistigh de thréimhse ama réasúnach tar éis tuarascáil a bhfuil moltaí inti a chur faoi bhráid comhlachta phoiblí faoi fho-alt (2), nach mbeidh, i dtuairim an Choimisinéara, aon chuid de na moltaí atá sa tuarascáil curtha i ngníomh ag an gcomhlacht sin, féadfaidh an Coimisinéir, tar éis aon fhreagraí a bhreithniú a bheidh tugtha ag an gcomhlacht poiblí dó nó di i leith na moltaí sin, tuarascáil a thabhairt do gach Teach den Oireachtas maidir leis an gcéanna.
(6) Cuirfidh an Coimisinéir ag gabháil le gach tuarascáil faoi fho~ alt (5) cóip de gach freagra (más ann) a bheidh tugtha ag comhlacht poiblí nó thar a cheann ar na moltaí sin.